Stiúrthóir Úr Um Thacaíocht agus Forbairt Eagraíochta Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Tá an tUasal Andy McGovern ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar a Stiúrthóir Úr Um Thacaíocht agus Forbairt Eagraíochta.

Tháinig an tUasal McGovern in áit an Uasail Jim McGlynn a d’éirigh as ag deireadh mhí na Nollag.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é le tuairim is 29,000 dalta agus 1,600 ball foirne ar fud an chontae agus ar a chuid oileán, mar aon le buiséad bliantúil de €80 milliún. Mar aon lena Sheirbhís chuimsitheach Breisoideachais agus Oiliúna (FET), bainistíonn sé cúig déag as na seacht n-iar-bhunscoil agus fiche i gCo. Dhún na nGall agus is comhpháirtí iontaobhaí é d’ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha eile. Ina theannta sin, cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ag a ionad i nGartán, mar aon le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair don ógra.

Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas dó Andy agus tá sé ag obair in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn mar Bhainisteoir Airgeadais le dhá bhliain is fiche. D’fhreastail Andy ar Mercy College in Dobbs, Nua-Eabhrac ar scoláireacht sacair, áit ar bhain sé céim amach sa chuntasaíocht phoiblí, sular lean sé ar aghaidh le cáiliú ina chuntasóir. Chuir sé tús lena ghairmréim ag an ghnólacht cuntasaíochta KPMG in Stamford, Connecticut agus nuair a d’fhill sé ar Éirinn, d’oibrigh sé d’Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus don Roinn Airgeadais i mBaile Átha Cliath.  Tá baint ag Andy le foireann sinsir CLG Dhún na nGall le trí bliana anuas mar chóitsealaí cúlbáireachta.

Agus é ag caint faoina cheapachán arsa Andy, “Tá mé ag súil le bheith ag obair le ETB Dhún na nGall. Bhí mé i mo bhall dá Choiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca roimhe seo. Mar sin, tá mé eolach ar an obair mhór mhaith atá ar bun acu agus tá a fhios agam go bhfuil foireann iontach ann cheana faoi cheannaireacht Anne McHugh.  Tá mé ag súil go mór le tabhairt faoin dúshlán a bhaineann le teacht i gcomharbacht ar Jim McGlynn sa ról seo agus cur le forbairt bhreise ETB Dhún na nGall mar eagraíocht, agus mar phríomhsholáthraí oideachais agus oiliúna san Iarthuaisceart.”

Agus é ag tréaslú le Andy ar a cheapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh,  “Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Andy chuig an ETB. Agus é ag teacht ón earnáil Ardoideachais, tabharfaidh sé an dúrud eolas cuí agus smaointe úra leis. Fáiltíonn muid go mór roimh a cheapachán agus tá muid ag súil le hoibriú leis mar pháirt dár bhfoireann agus muid ag iarraidh freastal ar phobail Chontae Dhún na nGall.”

Tagann Andy in áit an chéad Stiúrthóra OSD riamh a bhí ag ETB Dhún na nGall, an tUasal Jim McGlynn, i ndiaidh beagnach trí bliana agus ceathracha de sheirbhís. Chuir Jim tús lena chuid oibre le ETB Dhún na nGall i Lúnasa 1978 agus rinne sé dul chun cinn trí na ranganna go dtí go ndearnadh an tOifigeach Riaracháin (Grád VII) is óige sa tseirbhís phoiblí dó in 1987. Ceapadh mar Phríomhoifigeach Cúnta é in 1992, post a bhí aige go dtí gur ceapadh ina Stiúrthóir é i Meán Fómhair 2016.

Tosóidh Andy ar a phost mar Stiúrthóir OSD go hoifigiúil an mhí seo.

 

Stiúrthóir úrcheaptha OSD le ETB Dhún na nGall, Andy McGovern.