Athbhreithniú Seachtrach ar Bun ar Chóras Dearbhaithe Cáilíochta Breisoideachais agus Oiliúna

Tá athbhreithniú seachtrach á dhéanamh faoi láthair in ETB Dhún na nGall ar chóras dearbhaithe cáilíochta (DC) a Sheirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna (FET) faoi mar a éilíonn Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) trína Athbhreithniú Tionscnaimh ar Dhearbhú Cáilíochta i mBoird Oideachais agus Oiliúna.

Mar pháirt den phróiseas athbhreithnithe tá Tuarascáil Féinmheastóireachta (TFM) le hullmhú agus le cur isteach. Beidh an tuarascáil sin ina meastóireacht mhachnamhach agus chriticiúil le hionchur ó bhaill phobal ETB Dhún na nGall, a áiríonn mic léinn, baill foirne ag gach leibhéal den eagraíocht agus páirtithe leasmhara seachtracha. Tabharfaidh sí achoimre ar an dóigh a gcinntíonn agus a bhfeabhsaíonn Seirbhís FET an ETB cáilíocht a chuid teagaisc, a chuid foghlama agus a chuid gníomhaíochtaí seirbhíse le tacú lena spriocanna straitéiseacha a bhaint amach. Beidh an tuarascáil sin ina croídhoiciméad agus déanfaidh an fhoireann athbhreithnithe measúnú air roimh, agus le linn, na príomhchuairte athbhreithnithe.

Le tacú leis an tuarascáil sin a chur le chéile, tá an tSeirbhís FET páirteach i bpróiseas comhairliúcháin ionchuimsitheach lena chóras dearbhaithe cáilíochta a mheas agus beidh an chéad dréacht dá tuarascáil ar fáil faoi Eanáir 2021. Mar pháirt den phróiseas comhairliúcháin fuarthas ionchur agus aiseolas ó níos mó ná 300 páirtí leasmhar, idir inmheánach agus seachtrach, as gach cuid den tSeirbhís FET lena chinntiú go ngabhfaí a gcuid guthanna, a gcuid smaointe agus a gcuid eispéireas.  D’áirigh sé sin mic léinn, baill foirne, fostóirí, grúpaí pobail agus eagraíochtaí comhpháirtíochta agus páirtithe leasmhara eile.

Nuair a bheidh an chéad dréacht den TFM curtha le chéile, cuirfear tús le céim chomhairliúcháin eile i mí Feabhra. Beidh níos mó rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara i gceist lena chinntiú go mbeidh an tuarascáil ina léiriú beacht agus fíor ar an chóras dearbhaithe cáilíochta agus ar an dóigh a dtéann sé i bhfeidhm ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí a bhfuil baint acu le Seirbhís FET an ETB.

Tá foireann dearbhaithe cáilíochta FET an ETB thar a bheith buíoch de pháirtithe leasmhara as páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin go dtí seo. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal a luaithe agus a chuirfear isteach chuig QQI í i ndiaidh an 26 Feabhra.

Comhairliúcháin le mic léinn.