An tUasal Barry Molloy tofa mar dhuine den dá ionadaí foirne ar Bhord ETB Dhún na nGall

Tá comhalta boird úr ceaptha ag ETB Dhún na nGall, an tUasal Barry Molloy, mar ionadaí foirne, le teacht in ionad an Uasail Noel Rodden a fuair bás go tobann i mí na Samhna 2020.

Is múinteoir Staidéir Foirgníochta, Teicneolaíochta Ábhar (Adhmad), Grafaice Deartha agus Cumarsáide (GDC/DCG) agus Matamaitice é i gColáiste Pobail Bhun an Phobail, áit a bhfuil sé ag teagasc le hocht mbliana anuas.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é. Mar aon lena Sheirbhís chuimsitheach Breisoideachais agus Oiliúna (FET), bainistíonn sé cúig déag as na seacht n-iar-bhunscoil agus fiche i gCo. Dhún na nGall agus is comhpháirtí iontaobhaí é d’ocht Scoil Phobail agus Chuimsitheacha eile.

Ina theannta sin, cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ag a ionad i nGartán, mar aon le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair don ógra.

Is éard atá i gceist le Bord ETB Dhún na nGall ná dhá ionadaí déag tofa, beirt bhall foirne, beirt tuismitheoirí, dhá ionadaí ó thionscail áitiúla agus trí ionadaí ó chomhlachtaí a bhfuil spéis faoi   leith   acu   san   oideachas   agus   san oiliúint.

Agus é ag caint faoin dóigh ar toghadh é, dúirt an tUasal Molly, “Tá lúcháir orm a bheith tofa ar an ról thábhachtach seo le ETB Dhún na nGall agus a bheith i m’ionadaí foirne fireann, agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Brainse Chontae Dhún na nGall Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ/TUI) as tacú le m’ainmniúchán don phost seo. Tá a fhios agam go bhfuil sé doiligh domsa a theacht i gcomharbacht ar ár gcomhghleacaí Noel Rodden a bhí i gcónaí ansin dúinn nuair a bhí gá le comhairle agus treoir. Tá súil agam go dtig liom leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach sin thar ceann gach ball foirne de chuid an ETB. Tá mé ag súil le hoibriú le mo chomhchomhaltaí boird agus tá súil agam go dtig liom cur go dearfach le hobair an Bhoird sna trí bliana atá amach romhainn.”

Is iad an dá ionadaí dhéag thofa de chuid ETB Dhún na nGall ná An Clr Albert Doherty (Cathaoirleach), An Clr Gary Doherty (Leaschathaoirleach), An Clr Rena Donaghey, An Clr Barry Sweeny, An Clr Martin Farren, An Clr Martin Harley, An Clr Donal Coyle, An Clr Michael McBride, An Clr Noreen McGarvey, An Clr Noel Jordan agus An Clr John Shéamais Ó Fearraigh. Tá an dara háit déag folamh faoi láthair i ndiaidh don Clr Ian McGarvey éirí as le gairid.

Joanne Donaghy, Uasal is ea an dara hionadaí foirne, agus is iad an tUasal Geoffrey Browne agus Lorraine Doherty, Uasal ionadaithe na dtuismitheoirí.

Is iad na cúig ionadaí eile ná: Lorraine Thompson, Uasal (Seirbhís d’Ógra Dhún na nGall) ag déanamh ionadaíochta d’Obair d’Ógra Éireann, Patsy McVicar ag déanamh ionadaíochta don Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD), Regina Grant, Uasal ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm na hÉireann um Míchumas agus ionadaithe ó thionscail áitiúla: Brian McDermott ag déanamh ionadaíochta d’Institiúid Aíochta na hÉireann agus an tUasal Gerard Grant ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC).

Agus í ag caint faoi cheapachán an Uasail Molloy, dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Anne McHugh, “Ba mhaith liom tréaslú le Barry as a bheith tofa ar Bhord ETB Dhún na nGall. Tá mé ag súil le hoibriú leis sna blianta atá le teacht le seirbhís oideachais agus oiliúna atá foghlaimeoirlárnach agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár bpobail uilig ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.”

Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar a láithreán gréasáin (www.donegaletb.ie) nó ar a gcuntais meán sóisialta (Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus LinkedIn).

Ionadaí foirne nuathofa ar Bhord ETB Dhún na nGall, Barry Molloy.