Ceapann ETB Dhún na nGall Leas-Phríomhoide úr i gColáiste na Daoile

Tá an tUasal Shane McArt ceaptha mar Leas-Phríomhoide úr i gColáiste na Daoile, Ráth Bhoth. Beidh Shane ag comhoibriú leis an Fhoireann Ardbhainistíochta mar atá an tUasal Joe Boyle, Príomhoide, agus Carmel Mulligan, Uasal, Leas-Phríomhoide.

Tháinig an post breise mar Leas-Phríomhoide i gColáiste na Daoile aníos mar gheall ar an chinneadh a rinne an tAire Oideachais, Norma Foley, T.D. ar an 01 Márta maidir le tacaíochtaí breise a chur ar fáil do na scoileanna sin atá ag freastal ar pháistí agus ar dhaoine óga atá faoi na leibhéil is airde de mhíbhuntáiste oideachasúil. Mar pháirt de na bearta a fógraíodh le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil socraíodh go gceapfaí leas-phríomhoide breise in iar-bhunscoileanna DEIS a bhfuil níos mó ná 600 dalta ar an rolla acu.

Is as an Bheart ó dhúchas é Shane agus bhí sé fostaithe i gColáiste Cranncha, Bun Cranncha ón bhliain 2002 mar mhúinteoir Corpoideachais agus le déanaí mar Chomhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP/HSCL). Chuaigh Shane faoi oiliúint in St. Mary’s College, Strawberry Hill agus theagasc sé i Londain ag tús a shaoil múinteoireachta sular fhág sé an chathair sin le dul isteach san fhoireann teagaisc i gColáiste Cranncha. In 2020, fuair Shane céim Máistir san Fhoghlaim agus Teagasc ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Bhí sé ina bhall den fhoireann meánbhainistíochta i gColáiste Cranncha agus d’éirigh leis tionscnaimh a threorú maidir le tacú le tuismitheoirí agus daltaí i bpobal na scoile.

Tá Coláiste na Daoile lonnaithe i Ráth Bhoth agus tá níos mó ná sé chéad dalta ag freastal air. Tá foireann teagaisc de thuairim is caoga ag an scoil agus tá fiche ball foirne tacaíochta eile ann, lena n-áirítear sé déag Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRSanna).

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt Shane, “Scoil spreagúil, dhinimiciúil is ea Coláiste na Daoile, agus tá lúcháir orm a bheith i mo bhall den fhoireann iontach agus den fhoireann bainistíochta seo. Tá mé ag súil le bheith ag obair le daltaí Choláiste na Daoile agus tacú leo ar a dturas oideachais.”

Agus é ag tréaslú le Shane as a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Shane as a cheapachán agus tá mé ag súil go mór le tacú leis ina ról úr sa bhliain atá amach romhainn. Tá Shane ag tabhairt an-chuid taithí leis chuig an phost mar gheall ar a chuid ama i gColáiste Cranncha agus tá mé breá muiníneach go gcuirfidh Shane go mór leis an fhoireann ardbhainistíochta i gColáiste na Daoile.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an ETB Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh cheapachán Shane i gColáiste na Daoile. Tá áit lárnach ag Leas-Phríomhoidí inár scoileanna agus iad ag feidhmiú mar pháirt den fhoireann ardbhainistíochta. Tá an ról s’acu ríthábhachtach dúinn agus muid ag iarraidh seirbhís oideachais agus oiliúna foghlaimeoirlárnach ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.”

Tá Coláiste na Daoile ar cheann de na cúig iar-bhunscoil is fiche atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa bhliain acadúil roimhe seo 2019-2020, d’fhreastail thar 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Cuirfidh Shane tús lena cheapachán sa samhradh.

Leas-Phríomhoide úrcheaptha Choláiste na Daoile, Shane McArt.