Deireadh Tagtha le Tionscadal Ceannaireachta Pobail Rathúil arna Mhaoiniú ag PEACE IV

Tá deireadh tagtha le tionscadal ceannaireachta pobail rathúil arna mhaoiniú ag PEACE IV; bhí seasca a naoi duine páirteach ann ar fud deich mol pobail. Bhí an tionscadal á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le Forbairt Áitiúil Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain. Thacaigh Clár PEACE IV an Aontais Eorpaigh leis an tionscadal agus bhainistigh Comhairle Contae Dhún na nGall é thar ceann Chomhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB).

Ag searmanas clabhsúir Dé hAoine seo caite, chuala iad siúd a bhí i láthair faoin dóigh a raibh an tionscadal Ceannaireachta Pobail ag iarraidh cur le cumas na gceannairí pobail, idir ceannairí reatha agus féideartha, i gceantair a d’fhulaing de bharr oidhreacht na dTrioblóidí. Tá na feiniméin seo a leanas le fáil sna ceantair sin: ardráta dífhostaíochta, luathfhágáil scoile agus riosca maidir le gníomhaíochtaí easaontóirí poblachtacha mar aon le hardleibhéal díothachta sóisialta.

Thapaigh rannpháirtithe an deis le dul faoi oiliúint i scileanna ceannaireachta; gnéithe eiticiúla agus cumhachta laistigh de ghrúpaí; coincheapa anailíse sóisialta lena n-áirítear cumhacht, leithcheal, claontacht, ilchultúrachas, seicteachas, idirchultúrachas, domhandú; agus bearta atá de dhíth le hathruithe a chur chun cinn ar leibhéal an phobail agus ar leibhéal náisiúnta.

Agus é ag caint ag an searmanas clabhsúir, dúirt Cathaoirleach Chomhpháirtíocht PEACE IV Dhún na nGall, an Clr Paul Canning, “Tá lúcháir orm an searmanas clabhsúir seo maidir le Ceannaireacht Phobail a cheiliúradh, tionscadal a fuair maoiniú de €162,000 fríd an téama Caidrimh Dhearfacha a Fhorbairt de chuid Phlean Gníomhaíochta PEACE IV Dhún na nGall.

Bhunaigh an clár líonra eagraíochtaí deonacha agus reachtúla ar fud an chontae. Forbraíodh caidrimh oibre láidre mar thoradh air sin, rud a thacaigh le cur chun cinn agus seachadadh an tionscadail.  Tá an líonra bunaithe anois agus is oidhreacht bhuan de chuid an tionscadail é. Leanfaidh na baill ar aghaidh le tacú le riachtanais oideachais agus forbartha an phobail agus le caidrimh dhearfacha a fhorbairt.”

Dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Chuir an tionscadal spás ar fáil do rannpháirtithe ó chúlraí agus ó chreidimh éagsúla, agus de bharr éascaíocht sciliúil bhí siad ábalta eispéiris a roinnt agus a fhiosrú i dtaca le saincheisteanna maidir le féiniúlacht, claontacht, seicteachas agus steiréitíopáil.

Tharraing éascaitheoir an chúrsa, Diane Greer, aird ar eispéireas na rannpháirtithe: “Thug na ranganna seans maith do na foghlaimeoirí roinnt mhaith topaicí agus réimsí a fhiosrú sa mhéid is gur comhtháthaíodh taithí agus eolas na rannpháirtithe sa teagasc. Mar gheall ar an dúshraith daingean agus an ‘conradh grúpa’ cuimsitheach a bhí i bhfeidhm bhí muid ábalta plé agus díospóireachtaí oscailte a reáchtáil ar ábhair a bhí conspóideach.”

Agus í ag caint faoin mhodúl maidir le hoibriú le grúpaí, dhírigh duine de na rannpháirtithe aird ar an dóigh ar thug sé tuiscint níos soiléire ar róil cheannaireachta agus an dóigh a n-oibríonn sé laistigh de dhinimic an ghrúpa.

Dúirt Shauna McClenaghan, Comh-POF Chomhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, “Bhí lúcháir ar IDP comhoibriú le ETB Dhún na nGall agus DLDC i gClár Ceannaireachta Pobail PEACE IV a maoiníodh trí Chomhpháirtíocht PEACE IV Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an SEUPB. Chuir sé sin deis ar fáil le comhoibriú le páirtithe leasmhara san earnáil pobail le bheith rannpháirteach i gcláir chreidiúnaithe sainearnála agus piarthacaíocht a fhorbairt agus aon bhacainní a fhiosrú laistigh dár bpobail a tharla de bharr na coinbhleachta.”

Luaigh POF DLDC, Padraic Fingleton, “Bhí lúcháir ar Fhorbairt Áitiúil Dhún na nGall a bheith páirteach sa tionscadal Ceannaireachta Pobail seo, rud a aithníonn an obair iontach a rinne oibrithe deonacha ar fud an chontae agus a thacaigh leo le scileanna úra a fhoghlaim ina gcuid oibre mar cheannairí ina gcuid pobal.”

Maoiníodh an tionscadal faoi thosaíocht 1 den chlár PEACE IV, síocháin agus athmhuintearas a chur chun cinn, agus faoi bheart 4.1 de phlean síochána an údaráis áitiúil a dhírigh ar dhea-chaidrimh a chur chun cinn ar bhonn áitiúil agus réigiúnach, caidrimh a bhfuil meas mar chomhartha sóirt acu agus caidrimh a cheiliúrann éagsúlacht chultúrtha agus tá daoine ábalta maireachtáil, foghlaim agus bualadh le chéile, saor ó chlaontacht, ó ghráin agus ó éadulaingt.

Chuir Oifig an Fheidhmeannais i dTuaisceart Éireann agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i bPoblacht na hÉireann cistiú meaitseála ar fáil don tionscadal.