Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama Úr Ceaptha

Tá Siobhán Murray ceaptha mar an Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama (ARF) úr le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama, nó RPL, ann próiseas trínar féidir scileanna agus eolas a fuarthas trí shaol taobh amuigh d’oideachas agus d’oiliúint fhoirmiúil a mheas agus a dheimhniú.

Ligfidh an obair sin do dhaoine fásta na scileanna agus an t-eolas a fuair siad san ionad oibre nó trí rannpháirtíocht sa phobal a cheangal le cáilíocht náisiúnta, ag cinntiú nach mbeidh orthu rudaí a fhoghlaim faoi dhó. Beidh Siobhán ag tacú le hiarratasóirí ar mian leo leas a bhaint as an phróiseas.

Tá dámhachtainí bainte amach ag roinnt earnálacha cheana tríd an phróiseas ARF le ETB Dhún na nGall lena n-áirítear iad siúd atá ag obair san earnáil próiseála bia, an earnáil turasóireachta, an earnáil miondíola, an earnáil cúraim mar aon leo siúd i ngrúpaí abhcóideachta agus i ngrúpaí oibrithe deonacha.

Tá post Siobhán á mhaoiniú ag SOLAS faoina chiste Nuálaíochta agus Comhoibrithe. Comhpháirtíocht le ETB Luimnigh agus an Chláir a bheidh i gceist, agus díreoidh Siobhán ar na hearnálacha cúraim sa dá réigiún i dtús báire.

Is as Leifear ó dhúchas di Siobhán agus d’oibrigh sí mar chomhairleoir oiliúna laistigh de shuíomhanna oideachais éagsúla lena n-áirítear na hearnálacha seo a leanas: Ardoideachas, Breisoideachas, Iar-Bhunscolaíocht, sláinte, forbairt pobail agus gnó. Tá Dioplóma Iarchéime i Léann an Oideachais aici ó Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath agus M.Oid. san Oideachas Aosach agus Pobail ó Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.  

Agus í ag caint faoina ról úr dúirt Siobhán, “Tá lúcháir orm an deis seo a fháil le hoibriú le ETB Dhún na nGall agus tacú le hiarratasóirí ARF tríd an phróiseas ARF le cáilíocht atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de a bhaint amach maidir leis na scileanna, an t-eolas agus na hinniúlachtaí uilig atá acu, cibé cén dóigh ar bhain siad amach iad siúd. Is pribhléid mhór atá ann a bheith mar pháirt den tionscnamh úr seo laistigh de Sheirbhísí Breisoideachais agus Oiliúna agus tá súil agam go mbeidh mé ábalta cuidiú le roinnt mhaith oibrithe a bhfuil taithí acu i nDún na nGall agus i gContaetha Luimnigh/an Chláir cáilíocht a bhaint amach atá tuillte go maith acu i ndáiríre.”

Tá ról Siobhán mar pháirt de Sheirbhís Rannpháirtíochta Fiontraíochta an ETB trína Sheirbhís FET agus tá sé mar aidhm ag an tseirbhís sin tacú le fostóirí ar fud an chontae chun cur le tacar sainscileanna a gcuid ball foirne.

Agus í ag tréaslú a ceapacháin le Siobhán, dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Siobhán as a ceapachán. Thacaigh muid le réimse leathan fostóirí sa chontae lena mbaill foirne a uasoiliúint trínár bpróiseas RPL agus tá lúcháir orm go bhfuil muid ábalta ár seirbhísí tacaíochta a láidriú d’fhostóirí tríd an sainról seo.

Thosaigh Siobhán a post roinnt seachtainí ó shin agus is féidir le fostóirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh léi déanamh amhlaidh trí ríomhphost a chur chuig rpl@donegaletb.ie.

Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama (ARF) Úrcheaptha le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall, Siobhán Murray.