Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall comhghairdeas le Mic Léinn Ardteistiméireachta as a gcuid Torthaí

Image of person.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall le mic léinn atá ag fáil a gcuid torthaí Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus LCVP, i ndiaidh bliain eile nach bhfacthas riamh cheana.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 den 27 n-iar-bhunscoil i gCo. Dhún na nGall agus is comhpháirtí iontaobhais é fosta do na hocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach sa chontae.

Bhí na scoileanna agus na hionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) druidte ó Eanáir go hAibreán de bharr srianta le cuidiú le scaipeadh COVID 19 a chosc. Ba é an toradh a bhí air sin ná gur thug an Roinn Oideachais dhá rogha do mhic léinn i mbliana: gráid chreidiúnaithe agus scrúduithe.

D’éirigh go geal leis an Chianteagasc Éigeandála le linn an ama sin agus cé nach raibh sé idéalach, léirigh lucht bainistíochta agus baill foirne na scoileanna agus na n-ionad breisoideachais agus oiliúna dúthracht agus tiomantas dá gcuid mac léinn; an toradh a bhí air sin ná gurb é Rang Ardteistiméireachta 2021 an chéad chohórt a raibh rogha acu maidir le modh measúnaithe ó bunaíodh an Stát.

Agus í ag caint níos luaithe inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Thar ceann ETB Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le níos mó ná 800 mac léinn Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus LCVP sna cúig iar-bhunscoil déag atá againn, na céadta mac léinn atá i bPobalscoileanna agus i Scoileanna Cuimsitheacha an chontae, agus an t-aon fhoghlaimeoir fásta déag ónár nIonad Breisoideachais agus Oiliúna i Leitir Ceanainn atá ag fáil a gcuid torthaí inniu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le mic léinn, le tuismitheoirí agus le daoine fásta as scoil nó ionad FET de chuid ETB Dhún na nGall a roghnú dá gcuid oideachais.  Tá muid bródúil as an dóigh a bhfuil muid ábalta na caighdeáin is airde agus is féidir de theagasc agus foghlaim a chur ar fáil dár gcuid mac léinn le cuidiú leo a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Tá an-iarracht i gceist ó na mic léinn uilig, agus óna gcuid tuismitheoirí, teaghlaigh agus múinteoirí a thacaigh leo agus a chuidigh leo tríd an phróiseas uilig. Guím gach rath ar achan duine atá ag cur isteach ar chúrsa oideachais eile nó atá ag pleanáil tosú ar phost.”

Beidh an bhliain acadúil úr go hiomlán difriúil i gcomparáid le blianta roimhe seo ach táthar ag súil go mbeidh i bhfad níos mó mac léinn ábalta freastal ar an láthair ag ionaid FET agus Ardoideachais i mbliana. In ainneoin éifeachtaí leanúnacha COVID-19, tá sé tábhachtach go rachaidh mic léinn sa tóir ar a gcuid spriocanna agus go mbeidh siad rannpháirteach ina rogha réimse staidéir a oiread agus is féidir. Tá sé tábhachtach a nótáil fosta, mar gheall ar na cúinsí eisceachtúla, más mian le mic léinn amharc arís ar a gcuid roghanna, gur chóir dóibh comhairle a lorg ón réimse leathan foinsí atá ar fáil dóibh. Áiríonn sé sin teaghlach, cairde, treoirchomhairleoirí agus a gcuid taighde féin. Níl aon chinnteacht ag baint leis an am atá le teacht agus mar a dhéanann muid ag gach am deacair ba chóir dúinn díriú ar aon rudaí dearfacha atá ann. D’fhoghlaim ár ndaoine óga an dóigh le dul i dtaithí ar bhealaí úra oibre go gasta agus d’fhoghlaim siad an dóigh le bheith cruthaitheach agus thar aon rud eile an dóigh le bheith acmhainneach. Is mór an chabhair í sin dóibh agus iad ag bogadh go dtí an chéad chéim eile dá saol.”

Chuir Anne McHugh i gcuimhne do mhic léinn, i dtéarmaí dul chun cinn, ‘Mar an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae, cuireann ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí ar fáil le freastal ar riachtanais na mac léinn maidir le dul chun cinn. Chomh maith leis sin, is iomaí deis atá ann airgead a shaothrú agus foghlaim ag an am céanna trínár Seirbhís FET – ní gá do mhic léinn dul chuig codanna eile den tír lena spriocanna a bhaint amach. I measc na ndeiseanna sin tá printíseachtaí, cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) cúrsaí oiliúna agus réimse leathan de chúrsaí oiliúna lánaimseartha atá ar fáil trínár Seirbhís FET.’

Thug sí le fios fosta “Do na mic léinn sin a mhothaíonn nár bhain siad amach na torthaí a bhí siad ag iarraidh, tá réimse roghanna ann. I dtús báire, labhair leis an Treoirchomhairleoir i do scoil nó ionad – beidh sé/sí ábalta achoimre a thabhairt ar do chuid roghanna agus tá i bhfad Éireann níos mó roghanna ar fáil gach bliain.

“Cuireann ETB Dhún na nGall deiseanna foghlama ar fáil fosta trínár gclár Cumasóige sna sé ionad atá againn ar fud an chontae do dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois, daoine nár oibir an Ardteistiméireacht amach daofa.”

Mar fhocal scoir, chuir sí i gcuimhne do mhic léinn “Is iomaí bealach éagsúil atá ann le bhur gcuid spriocanna a bhaint amach agus má bhíonn tú cruthaitheach agus tú ag mapáil do shlí amach, sin eispéireas foghlama tairbheach ann féin.”

Is féidir eolas a fháil ar chúrsaí breisoideachais agus oiliúna (FET) a chuireann ETB Dhún na nGall ar fáil ar an chúrsa-aimsitheoir ar a láithreán gréasáin www.donegaletb.ie/fetcoursefinder agus is féidir eolas ar gach réimse FET, lena n-áirítear printíseachtaí, a fháil sa rannán Míniú ar Chláir FEThttps://www.donegaletb.ie/further-education-training/fet-programmes-explained/. Lean cuntais mheán sóisialta an ETB  (Facebook, Twitter agus Instagram) le heolas atá cothrom le dáta a fháil.

Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.