Printísigh Leictreacha le Freastal ar Oiliúint Chéim 4 i nDún na nGall den Chéad Uair

Chláraigh an chéad ghrúpa de Phrintísigh Leictreacha le tabhairt faoi Chéim 4 dá bprintísigh i nDún na nGall ar maidin in LYIT le Roinn na hInnealtóireachta Leictreonaí agus Meicniúla agus le Seirbhísí Printíseachta ETB Dhún na nGall ar lá stairiúil don chontae, dar le go leor daoine.

Mar thoradh ar an chomhoibriú leanúnach idir ETB Dhún na nGall agus LYIT agus mar fhreagairt ar éileamh atá de shíor ag méadú ar acmhainn bhreise le tacú leis an chlár náisiúnta printíseachta, d’iarr an dá eagraíocht faomhadh ó SOLAS agus ón HEA le Céim 4 agus 6 den chlár printíseachta Leictrí a óstáil san Institiúid.

Tá baint ag ETB Dhún na nGall leis na cláir náisiúnta printíseachta le fada an lá agus chuir sé lena acmhainn le gairid maidir le Céim 2 a sholáthar. Ciallaíonn sé sin go bhfuil LYIT ag filleadh ar oideachas printíseachta i ndiaidh níos mó ná fiche bliain agus is é seo an chéad uair a bheidh an Institiúid páirteach in oiliúint ag Céim 4 agus Céim 6 den Dámhachtain Sainteastais (Ceardaíocht) ag leibhéal 6 ar an chreat QQI.

Fuarthas maoiniú ón HEA agus ó SOLAS agus rinneadh lear mór oibre maidir le ceardlanna a ullmhú agus na hacmhainní a chur ar fáil le ligean do na chéad ranganna de chuid Leictreach Chéim 4 a thosú i Leitir Ceanainn an téarma seo.

Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall agus ar LYIT fáilte a chur roimh bheirt phrintíseach leictreach agus tríocha as gach cearn den tír go Dún na nGall an tseachtain seo le dul chun cinn a dhéanamh ina dturas printíseachta.

Dúirt an Dr Gertie Taggart, Ceann Dhámh na hInnealtóireachta ag LYIT, “Ní raibh printíseachtaí ar fáil ag LYIT ó na 1990í agus tá lúcháir ar Dhámh na hInnealtóireachta agus na Teicneolaíochta anois a céad phrintíseacht a thairiscint i gCeardaíocht Leictreach sa bhliain acadúil úr 21/22. Táthar ag súil gur tús maith a bheas ann agus go mbeidh roinnt mhaith clár printíseachta eile ar fáil anseo ag LYIT sna blianta amach romhainn.”

Agus é ag cur fáilte roimh phrintísigh Chéim 4 dúirt Ceann Gníomhach na Roinne Innealtóireachta Meicniúla agus Leictreonaí, an Dr Paddy Hannigan, “Ní bheadh muid ábalta na háiseanna a fháil réidh don chéad iontráil de phrintísigh Chéim 4 gan an tacaíocht iontach ó Roinn Eastát LYIT agus an cúnamh mór ó ETB Dhún na nGall. Tá taithí ag an fhoireann úr léachtóirí agus teicneoirí ag LYIT agus chuidigh sé go mór leo an dóigh a bhfuair siad cúnamh ó IT Shligigh, tacaíocht ó SOLAS, agus an comhoibriú tairbheach le GMIT agus le campas Thamhlachta de chuid TUD.”

Clár seacht gcéim is ea an phrintíseacht Leictreach le Céimeanna 1, 3, 5 agus 7 ag tarlú ar an láthair oibre le fostóirí agus Céimeanna 2, 4 agus 6 lonnaithe lasmuigh den láthair oibre in áiseanna oiliúna agus oideachais in ETBanna (Céim 2) agus in Institiúidí Teicneolaíochta/Ollscoileanna Teicneolaíochta (Céim 4 agus 6). Cé go bhfuil dhá rang de phrintísigh Leictreacha Chéim 4 i gceist sa chéad rolladh amach den phlean fhoriomlán, tá sé beartaithe cur leis sin go luath; beidh printíseachtaí Leictreacha Chéim 6 ann in 2022.

Dúirt Bainisteoir Oiliúna agus Printíseachta Limistéir ETB Dhún na nGall Vinny McGroary, “Is forbairt thar a bheith tábhachtach é seo do Phrintíseachtaí i nDún na nGall, de thairbhe gurb é seo an chéad uair a bheidh deis againn Céim 4 agus 6 a sholáthar sa chontae agus ba mhaith liom an deis seo a thapú le buíochas a ghabháil le LYIT as a chuidiú agus a thacaíocht leanúnach maidir leis an garsprioc seo a bhaint amach – tá súil againn gur féidir linn díriú ar Phrintíseachtaí eile anois agus é mar aidhm againn cur leis an tseirbhís inár gcontae.”

D’athshínigh ETB Dhún na nGall agus LYIT Meamram Tuisceana (MT) le gairid, doiciméad a chuireann de cheangal ar an dá eagraíocht oibriú i gcomhar lena chéile le haidhmeanna agus spriocanna ardleibhéil a chur chun cinn, rud a rachaidh chun tairbhe don chontae amach anseo. I bhfianaise air sin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Ní thig liom smaoineamh ar shampla níos fearr de sin ná printísigh a fheiceáil ag cur tús le Céim 4 dá gclár Printíseachta Leictrí anseo ag LYIT inniu. Tá lear mór ullmhúchán déanta againn i gcomhar leis an Institiúid le míonna beaga anuas agus tá torthaí breá dearfach bainte amach ag achan duine mar gheall ar ár gcur chuige comhpháirtíochta, gan trácht ar na Printísigh a chuirfidh tús lena gcuid staidéir anseo inniu. Comhghairdeas le gach duine atá páirteach sa sampla iontach seo den chomhoibriú. Ní féidir go leor béime a chur ar thábhacht na bPrintíseachtaí laistigh den aeráid reatha agus tá lúcháir orainn a bheith páirteach san iarracht náisiúnta le níos mó daoine a chur fríd an bhealach sin i dtreo na fostaíochta.”

Chuir Uachtarán LYIT Paul Hannigan leis an mhéid sin ag rá, “Tá ríméad ar IT Leitir Ceanainn Printísigh Ceardaíochta Leictrí a óstáil ar an champas arís i ndiaidh tuairim is tríocha bliain. Tá sé tráthúil agus muid ag dul i dtreo ár gComóradh 50 Bliain agus é mar aidhm againn stádas mar Ollscoil Teicneolaíochta a bhaint amach.  Tá sé lán chomh tábhachtach go bhfuil an tacaíocht againn ónár gcuid comhpháirtithe in ETB Dhún na nGall leis an tionscnamh sin a chur i gcrích.”

Bronntar Sainteastas QQI Leibhéal 6 (Ceardaíocht) ar phrintísigh leictreacha a n-éiríonn leo na seacht gcéim dá bprintíseacht a chríochnú.

Is féidir breis eolais ar chláir phrintíseachta a fháil ar https://apprenticeship.ie nó de rogha air sin déan teagmháil le foireann Sheirbhísí Printíseachta ETB Dhún na nGall trí ríomhphost a chur chuig apprenticeship@donegaletb.ie nó trí scairt a chur ar 074 91 20500.

Printísigh Leictreacha Chéim 4 in éindí le baill foirne ETB Dhún na nGall (ró tosaigh, ó chlé go deas): Claire Lernihan agus Lorraine Murray (Comhairleoirí Sinsearacha Oiliúna Printíseachta, ETB Dhún na nGall), Seamus Greene (Léachtóir Cúnta, LYIT), an Dr Paddy Hannigan (Ceann Gníomhach na Roinne Innealtóireachta Meicniúla agus Leictreonaí, LYIT), Mairead Carlin (Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna, ETB Dhún na nGall), Lisa Flaherty (Oifigeach Cléireachais Printíseachtaí, ETB Dhún na nGall), Colm Richardson (Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna, ETB Dhún na nGall), Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach, ETB Dhún na nGall), Vinny McGroary (Bainisteoir Oiliúna agus Printíseachta Limistéir, ETB Dhún na nGall), Paul Hannigan (Uachtarán, LYIT) agus an Dr Gertie Taggart (Ceann Dhámh na hInnealtóireachta agus na Teicneolaíochta, LYIT).