An Clr Barry Sweeny Tofa mar Chathaoirleach ETB Dhún na nGall

Image of Cllr Barry Sweeny
Cathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Barry Sweeny.

Toghadh an Clr Barry Sweeny mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall iarnóin inniu. Toghadh an Clr Martin Harley mar Leaschathaoirleach.

Tá na comhairleoirí thuasluaite ag teacht in ionad an Chathaoirligh, an Clr Albert Doherty, agus an Leaschathaoirligh, an Clr Gary Doherty, atá ag dul as oifig.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Mar aon lena Sheirbhís chuimsitheach Breisoideachais agus Oiliúna (FET), bainistíonn sé cúig déag as na seacht n-iar-bhunscoil agus fiche i gCo. Dhún na nGall agus is comhpháirtí iontaobhaí é d’ocht Scoil Phobail agus Chuimsitheacha eile.

Ina theannta sin, cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ag a ionad i nGartán, mar aon le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair ógra.

Is éard atá i gceist le Bord ETB Dhún na nGall ná dhá ionadaí déag tofa, beirt bhall foirne, beirt tuismitheoirí, dhá ionadaí ó thionscail áitiúla agus trí ionadaí ó chomhlachtaí a bhfuil spéis faoi leith acu san oideachas agus san oiliúint.

Agus é ag caint faoi bheith tofa mar Chathaoirleach, dúirt an Clr Barry Sweeney: “Ó chuaigh mé san ETB tá mé i bhfad Éireann níos eolaí ar an dóigh a bhfreastalaíonn ETB Dhún na nGall ar an phobal uilig ar fud ár gcontae. Cuireann an eagraíocht sárleibhéal seirbhíse ar fáil ar bhealach ionchuimsitheach agus inrochtana. Tá an t-ádh orainn go bhfuil baill foirne againn atá chomh tiomanta sin ar fud an chontae agus ar ár n-oileáin agus le hinfheistíocht leanúnach, tá ár mbonneagar ag éirí níos fearr an t-am ar fad. Tá cuid de na dúshláin atá amuigh ansin i láthair na huaire breá soiléir agus ba mhaith liom an deis seo a thapú leis na baill foirne, lucht bainistíochta agus na mic léinn a mholadh as a ndiongbháilteacht agus a solúbthacht i dtaca leis an dóigh a bhfuil siad ag leanúint le hardleibhéal seirbhíse a chur ar fáil le linn amanna COVID. Tá mé cinnte go leanfaidh ETB Dhún na nGall le tacaíocht a thabhairt do mhic léinn, do bhaill foirne agus do theaghlaigh atá thíos le MICA. Tá deiseanna ann agus tá gá le printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna breise a chur ar fáil le cuidiú le tithe a atógáil agus is féidir leis an ETB ról tábhachtach a imirt ansin. Réimse atá an-ghar do mo chroí is ea scileanna traidisiúnta ceardaíochta agus tógála. Fáiltím roimh an chúrsa oiliúna san Fhíodóireacht a seoladh le déanaí i gCill Charthaigh agus molaim do dhaoine scileanna a fhoghlaim i réimsí mar Thuíodóireacht, Obair Chloiche agus Siúinéireacht thraidisiúnta le cuidiú lenár n-oidhreacht a chosaint agus lárionad saineolais a fhorbairt i nDún na nGall. Tá mé ag súil go mór leis an bhliain atá le teacht. Déanfaidh mé mo dhícheall agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine as an ainmniúchán agus as an tacaíocht.”

I measc na n-ionadaithe tofa eile tá an Clr Albert Doherty, an Clr Gary Doherty, an Clr Rena Donaghey, an Clr John O Donnell, an Clr Martin Farren, an Clr Donal Coyle, an Clr Michael McBride, an Clr Noreen McGarvey, an Clr Noel Jordan agus an Clr John Shéamais Ó Fearraigh.

Déanann Joanne Donaghy agus Barry Molloy ionadaíocht don fhoireann fad is go ndéanann Geoffrey Browne agus Lorraine Doherty ionadaíocht do thuismitheoirí.

Clr Martin Harley (black and white)
Leaschathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Martin Harley.

Is iad an cúigear ionadaithe eile ná: Lorraine Thompson (Seirbhís d’Ógra Dhún na nGall) ag déanamh ionadaíochta d’Obair d’Ógra Éireann, Patsy McVicar ag déanamh ionadaíochta don Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD), Regina Grant ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm na hÉireann um Míchumas agus ionadaithe ó thionscail áitiúla: Brian McDermott (Cócaire) ag déanamh ionadaíochta d’Institiúid Aíochta na hÉireann agus an tUasal Gerard Grant (Seirbhísí Comhairleoireachta Tata/Tata Consultancy Services) ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC).

Agus í ag caint faoi na ceapacháin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Ba mhaith liom tréaslú leis an Clr Barry Sweeney agus leis an Clr Martin Harley as an dóigh ar toghadh iad mar Chathaoirleach agus mar Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall. Tá muid díreach i ndiaidh ár gcéad Ráiteas Straitéise cúig bliana eile a aontú agus tá mé ag súil go mór le hoibriú leo sa bhliain atá le teacht maidir leis an straitéis sin a chur i bhfeidhm le cuidiú le mic léinn a lánacmhainneacht a chomhlíonadh agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal.”