Fáiltíonn ETB Dhún na nGall Roimh Thuarascáil Fhoireann Neamhspleách Athbhreithnithe QQI ar an Athbhreithniú Cáilíochta Tionscnaimh

Fáiltíonn ETB Dhún na nGall roimh thuarascáil Fhoireann neamhspleách Athbhreithnithe QQI ar an Athbhreithniú Cáilíochta tionscnaimh níos luaithe i mbliana ar ár Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna. D’ainneoin na ndúshlán a bhain leis an athbhreithniú a dhéanamh ar líne nuair ba threise paindéim Covid-19, bhí an ETB sásta leis na hiarrachtaí oscailte agus croíúla a rinne an Fhoireann i rith na seachtaine chun fairsinge a sholáthair agus a sheirbhísí a thuiscint agus chun an timpeallacht uathúil chasta ina bhfeidhmíonn muid a thuiscint, é sin uilig i gcomhthéacs athbhreithniú a dhéanamh ar ár mbeartais agus ár nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta.

Is mór againn an iliomad ardmholtaí agus as na moltaí sa tuarascáil a chuideoidh lenár saothrú leanúnach ar dhul chun cinn i bhfeabhsú cáilíochta laistigh den tseirbhís FET. Cosúil le comhghleacaithe de chuid an ETB in áiteanna eile, bhí ETB Dhún na nGall páirteach in aistriú ollmhór le roinnt blianta anuas le cónascadh dhá eagraíochta. I ndiaidh an phróisis bainistíochta athruithe shuntasaigh sin, tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn gur mhol an Fhoireann Athbhreithnithe muid as ár gcur chuige foghlaimeoirlárnach atá i gcroílár ár ngníomhaíochta go léir dar leo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an tseirbhís FET ábalta réimse leathan daoine a spreagadh le bheith rannpháirteach i gcúrsaí oideachais agus oiliúna, freastal ar riachtanais na rannpháirtithe agus deiseanna cuí a thabhairt  do gach duine. Ba mhór an t-aitheantas agus an spreagadh é an dóigh ar aithin an painéal arís agus arís eile i rith na seachtaine athbhreithnithe paisean agus tiomantas ár bhfoirne agus an meas atá ag a pháirtithe leasmhara seachtracha ar ETB Dhún na nGall.

Cuireann muid fáilte ar leith roimh na sainmholtaí sa tuarascáil ar an

– fhócas agus léiriú ar ár gcur chuige foghlaimeoirlárnach atá, dar leis an Phainéal, bunaithe ar fhís agus misean straitéiseach ETB Dhún na nGall agus tá sé leabaithe ina chultúr eagraíochtúil. Fuair an Fhoireann fianaise ar thacaíocht thapa, sholúbtha, nuálach agus úsáideach d’fhoghlaimeoirí agus d’fhoireann le linn na paindéime, a mhaolaigh a tionchar ar ár bpobal foghlama; ceannaireacht shuntasach maidir le Rochtain, Aistriú agus Dul Chun Cinn agus RPL; agus ar an ról ríthábhachtach atá ag an ETB maidir le tacú le cuimsiú gníomhach daoine aonair ar fud an chontae, go háirithe iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, oideachasúil nó eacnamaíoch, agus a léiríonn éiteas bunúsach na seirbhíse maidir le cumhachtú foghlaimeoirí.

– infheistíocht shuntasach i gcur chuige úr a bhunú i leith dearbhú cáilíochta, arna thacú ag cur chuige machnamhach agus criticiúil i leith na féinmheastóireachta; tá sé sin bunaithe ar chomhoibriú nach beag leis an fhoireann, leis na mic léinn agus leis an phobal i gcoitinne, rud a ligeann dóibh smaointeoireacht atá ag teacht chun cinn ar dhearbhú agus feabhsú cáilíochta a mhúnlú. Mhol an Fhoireann anailís chothrom láidir ar an tseirbhís FET a d’aithin príomhréimsí rathúlachta agus feabhsúcháin. Ina theannta sin, tharraing an painéal aird ar an chleachtas mhachnamhach leanúnach sa tseirbhís a bhfuair sé fianaise air le linn an phróisis athbhreithnithe; aithníonn sé gur tugadh isteach ollstruchtúr suntasach de struchtúir agus de phróisis rialachais chun tacú le feabhsú cáilíochta (lena n-áirítear measúnú láraithe) agus molann sé tiomantas ETB Dhún na nGall maidir le haon chóras dearbhaithe cáilíochta comhtháite amháin a fhorbairt le haghaidh FET.

– an cur chuige solúbtha a ghlac ETB Dhún na nGall maidir lena thimpeallacht sheachtrach agus lenár bhfreagrúlacht do riachtanais áitiúla agus réigiúnacha daoine aonair agus gnólachtaí atá ag athrú. Tugann an painéal faoi deara go ndéanann muid líonra fairsing de chaidrimh dhearfacha a fhorbairt agus a chothabháil le réimse leathan eagraíochtaí, institiúidí, grúpaí agus earnálacha, arna bhfeabhsú ag soláthar for-rochtana suntasach agus tacaíocht oideachais pobail. Mhol an Fhoireann an ETB as a Ghrúpa Comhairleach Cumarsáide a bhunú agus as a Oifigeach Cumarsáide a cheapadh; as athfhorbairt iomlán a láithreáin gréasáin; agus as an dóigh a bhfuil sé ag déanamh níos mó cumarsáide le pobail éagsúla (fostóirí san áireamh) ar an iliomad ardán digiteach. Aithnítear sa tuarascáil fosta gur forbraíodh cláir agus bealaí dul chun cinn úra ar leibhéil éagsúla NFQ agus faoi fhorais cháiliúcháin dhifriúla, atá dírithe ar fhreastal ar riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn.

Luann an Fhoireann Athbhreithnithe arís agus arís eile nádúr criticiúil agus machnamhach na féinmheastóireachta a rinne ETB Dhún na nGall mar ullmhúchán don athbhreithniú. Is ábhar faoisimh againn gur dheimhnigh an Fhoireann go n-aithnítear na príomhthosaíochtaí feabhsúcháin atá leagtha amach sa tuarascáil féinmheastóireachta, lena n-áirítear:

– guth na mac léinn a neartú agus tacaíochtaí comhsheasmhacha mac léinn a thabhairt isteach ar fud na gclár. Fáiltíonn ETB Dhún na nGall roimh na moltaí go gcuirfí ionadaíocht níos leithne mac léinn (agus páirtithe leasmhara eile) san áireamh sna struchtúir rialachais agus go mbailítear agus go n-úsáidtear aiseolas ó mhic léinn go córasach i bhféinmheastóireacht leanúnach chun pleanáil, ábhar, seachadadh agus measúnú a threorú, agus chun an córas DC aonair atá ag teacht chun cinn a mhúnlú. Deimhníonn Fóram na Mac Léinn FET (2020) agus torthaí ár dtaighde chuimsithigh (2020) an éagsúlacht i bhfeidhmiú tacaíochtaí mac léinn agus tugann siad treoir maidir leis an dóigh ar féidir aghaidh a thabhairt ar na neamhréireachtaí. Tabharfar breac-chuntas ar bhearta ar leith sa Phlean Gníomhaíochta.

– plean soiléir a fhorbairt chun dearbhú cáilíochta a aistriú go dtí an chéad leibhéal eile, lena n-áirítear comhtháthú iomlán an dá chóras oidhreachta dearbhaithe cáilíochta. Aithníonn ETB Dhún na nGall an fiúntas i moladh na Foirne Athbhreithnithe gur chóir go gcuimseodh an plean tosaíochtaí, spriocanna agus amlínte sonracha maidir le cur i bhfeidhm, arna thacú ag anailís ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla, agus a bhfuil ceannaireacht láidir tionscadail mar bhonn fúthu. Tá tionscadal ar bun cheana féin chun plean mionsonraithe 5 bliana a fhorbairt.

– úsáid níos éifeachtaí sonraí chun tacú le pleanáil, monatóireacht, meastóireacht agus athbhreithniú. Bhí an moladh sin mar bhonn faoi go leor de thorthaí na Foirne Athbhreithnithe agus comhairle ina dhiaidh sin, lena n-áirítear príomhtháscairí feidhmíochta agus tagarmharcáil a úsáid. Tacóidh éabhlóid leanúnach an chórais náisiúnta bainistíochta sonraí FET (PLSS) agus ceapadh an Oifigigh Tuairiscithe Córas agus Sonraí le déanaí le cur i bhfeidhm na moltaí sin, mar aon leis an chéad leagan eile de Chomhaontuithe Feidhmíochta Straitéiseacha SOLAS-ETB a leagann amach spriocanna feidhmíochta thar thréimhse trí bliana.

Thug an próiseas athbhreithnithe DC deis luachmhar do sheirbhís FET ETB Dhún na nGall céim siar agus machnamh a dhéanamh ar ár gcuid oibre; oibriú i dteannta lenár bpáirtithe leasmhara uilig, inmheánacha agus seachtracha; agus foghlaim óna chéile agus ó bharúlacha agus mholtaí na Foirne Athbhreithnithe. Ba mhaith le ETB Dhún na nGall buíochas ó chroí a ghabháil leis an Fhoireann Athbhreithnithe as a tiomantas tuarascáil a chur le chéile a chuideoidh le heolas agus treoir a thabhairt dúinn ar an bhealach chun feabhais sna blianta amach romhainn. Ba mhaith le ETB Dhún na nGall buíochas a ghabháil le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann as a thacaíocht le linn an phróisis sin.

Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall