Úrchúrsa Cúraim Leanaí Seolta

Tá clár úr maidir le cúram leanaí seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn.

Beidh an cúrsa Luathfhoghlama agus Cúraim ar fáil mar dhámhachtain lánaimseartha bliana QQI Leibhéal 5 ó Mheán Fómhair 2022. Forbraíodh an clár de réir dea-chleachtais san earnáil luathfhoghlama agus cúraim (0-6 bliana) agus féachfaidh sé le feabhas a chur ar chaighdeán an tsoláthair cúraim leanaí ar fud an chontae.

Cuireadh struchtúr agus ábhar an chúrsa le chéile lena chinntiú go mbeidh baill foirne san earnáil iomlán ullmhaithe do na héilimh a bhaineann lena róil ghairmiúla trí shé mhodúl éigeantacha a chlúdach: socrúchán cleachtais ghairmiúil i suíomh luathfhoghlama agus cúraim; cearta leanaí, reachtaíocht agus rialáil; fás agus forbairt na luath-óige; súgradh curaclaim agus staidéar cruthaitheach; cuidiú le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus iad a thuiscint agus cúram iomlánaíoch do leanaí (0-6).

De thairbhe go bhfuil obair phraiticiúil mar pháirt lárnach de chúram leanaí tá taithí oibre ina eochairghné den chúrsa: caithfear dhá lá sa tseachtain ar shocrúchán i suíomh cúraim leanaí atá cláraithe le Tusla. Le linn an chúrsa, caithfidh mic léinn 150 uair san iomlán ar shocrúcháin in dhá shuíomh cúraim leanaí agus déanfaidh soláthraithe na socrúchán sin cinneadh maidir leis na huaireanta oibre. Beidh na mic léinn sa tseomra ranga Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoine gach seachtain.

Ina theannta sin, tabharfaidh an cúrsa an deis do mhic léinn na scileanna saoil a fhoghlaim atá riachtanach le dul san iomaíocht san ionad oibre sa lá atá inniu ann agus dul ar aghaidh le tabhairt faoi staidéar breisoideachais lena n-áirítear scileanna cumarsáide agus scileanna réitigh fadhbanna, scileanna litearthachta digití agus tras-scileanna, scileanna is féidir a chur in oiriúint agus a úsáid i suíomhanna eile taobh amuigh den tseomra ranga agus in aon réimse oibre ar nós socrú spriocanna agus pleanáil gairme; teacht aniar, smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht, scileanna staidéir, páirt a ghlacadh i bhfóraim foghlama ar líne, bainistíocht ama agus scileanna eagrúcháin.

Agus é ag caint faoin chúrsa úr, dúirt Oifigeach Oideachais Aosaigh an ETB, Charles Gorney, “Tabharfaidh an cháilíocht seo deiseanna fostaíochta do dhaoine mar aon le deiseanna dul chun cinn san earnáil breisoideachais agus ardoideachais. D’fhéadfadh mic léinn a n-éireoidh leo an cúrsa seo a chríochnú go sásúil post a fháil go díreach ina dhiaidh mar Chleachtóirí Luathbhlianta i réimse suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, idir shuíomhanna pobail agus suíomhanna príobháideacha, dul ar aghaidh le tabhairt faoi Shainteastas QQI sa Luathfhoghlaim agus Cúram, ar dámhachtain NFQ Leibhéal 6 é, nó dul ar aghaidh le tabhairt faoi chláir bhreisoideachais agus ardoideachais eile.

Beidh an cúrsa ar siúl ó Mheán Fómhair 2022 go Bealtaine 2023 agus beidh sé á reáchtáil san Ionad FET, Bóthair an Phoirt, Leitir Ceanainn.

De thairbhe nach bhfuil aon táillí ceangailte leis an chúrsa, is iontach an deis é dóibh siúd atá ag obair san earnáil cheana ach ar mian leo a gcuid scileanna a fhorbairt agus/nó cáilíocht a bhaint amach nó dóibh siúd atá dífhostaithe agus atá ag iarraidh bogadh isteach san earnáil Luathfhoghlama agus Cúraim.

Is féidir leat cur isteach ar an chúrsa seo anois ar láithreán gréasáin ETB Dhún na nGall trí chliceáil ar an nasc seo https://bit.ly/3LjKo6n nó cuir scairt ar 074 9706047 le breis eolais a fháil.