Is í Gairmscoil Chú Uladh ar an Chéad Scoil in Éirinn le Páirt a Ghlacadh i gclár Ghnó sa Phobal in Éirinn trí Ghaeilge

Daltaí ón dara bliain i nGairmscoil Chú Uladh le Comhordaitheoir SCP Sadie Kelly, Nodlaig Brolly (Optum), Príomhoide Tánaisteach Paraicín Ní Fhaoláin, Príomhoide Ciarán Mac Ruaidhrí agus Múinteoir Staidéir Gnó Nuala McCool.

Gairmscoil Chú Uladh ar an chéad scoil lán-Ghaeilge sa tír le páirt a ghlacadh sa chlár Saothar an tSaoil trí mheán na Gaeilge, atá á reáchtáil ag Gnó sa Phobal in Éirinn (BITC).

Tá daltaí Staidéir Gnó sa dara bliain ón scoil de chuid ETB Dhún na nGall atá lonnaithe i mBéal an Átha Móir ina bpáirtithe ag Optum Ireland i Leitir Ceanainn don chlár sé seachtaine agus beidh an múinteoir Staidéir Gnó, Nuala McCool, ag feidhmiú mar cheann foirne.

Agus é ag caint faoin deis iontach seo, dúirt Príomhoide na scoile, Ciarán Mac Ruaidhrí, “Seo deis ar dóigh dár gcuid daltaí agus tá lúcháir orainn go bhfuil an clár seo ar fáil trí mheán na Gaeilge anois. Trí pháirt a ghlacadh i gláir mar sin, tá muid ag daingniú ár dtiomantais do thumadh iomlán sa Ghaeilge don am atá le teacht agus tá comhionannas deiseanna á thabhairt do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta. Tá muid ag súil go mór leis an chomhpháirtíocht seo le Optum.”

Is éard atá i gceist le Gnó sa Phobal in Éirinn (BITC) ná gluaiseacht le haghaidh athrú inbhuanaithe sa ghnó. Tá sé mar aidhm aici gnólachtaí a spreagadh agus a chumasú le geilleagar inbhuanaithe, ísealcharbhóin agus sochaí níos ionchuimsithí a chothú, rud a dhéanfaidh leas do gach duine.

Déanann sí é sin i dtrí bhealach mar shampla a Cláir Gníomhaíochta Gnó, agus sa chás seo, Gníomhaíocht Ghnó san Oideachas trína gcuireann a Chlár Saothar an tSaoil deis do dhaltaí iar-bhunscoile sa dara bliain bualadh le fostaithe ó chomhlacht áitiúil le foghlaim faoi shaol na hoibre.

Tá trí iar-bhunscoil déag i nDún na nGall páirteach i gcláir oideachais BITC anois.

Agus í ag caint faoin doigh ar forbraíodh leagan Gaeilge den chlár, dúirt Comhordaitheoir Réigiúnach an Iarthuaiscirt BITC (Dún na nGall), Pamela Kearney, “Tá lúcháir orainn go gcuirfidh an Chomhpháirtíocht idir Optum agus Gairmscoil Chú Uladh i nDún na nGall an clár Saothar an tSaoil ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is ócáid stairiúil atá ann agus gan dabht cuideoidh sé leis na daltaí díriú isteach ar a gcuid staidéir reatha agus cuideoidh sé leo tras-scileanna agus eolas obairbhunaithe a fhoghlaim.”

Tagann an clár go maith le curaclam na Sraithe Sóisearaí agus tá sé á reáchtáil ag am a oireann don ghnólacht le linn na scoilbhliana agus tá solúbthacht áitiúil ann maidir le hábhar an chláir.

Sé seachtaine a mhairfidh an clár agus le linn an ama sin buailfidh na daltaí leis an chomhlacht, tabharfaidh siad cuairt air le foghlaim cad a dhéanann sé, labhróidh siad le fostaithe le níos mó a fháil amach faoina saol oibre ó lá go lá agus an dóigh a bhfuair siad a jab, foghlaimeoidh siad faoi scileanna boga éagsúla agus cuirfidh siad tionscadal gairid i láthair le haird a dhíriú ar a bhfuil foghlamtha acu.

Dúirt POF Optum Ireland Padraig Monaghan, “Tá lúcháir ar Optum Ireland a bheith ina bpáirtithe ag Gairmscoil Chú Uladh agus tacú leis an tionscnamh seo Saothar an tSaoil.  Mar mhórfhostóir san Iarthuaisceart, tá sé mar aidhm againn caidreamh fiúntach a bhunú leis an phobal, agus le pobal na Gaeltachta go deimhin, agus léargais luachmhara a thabhairt ar shaol na hoibre agus ar chonairí chuig réimse leathan slite beatha. Beidh foireann Optum atá lonnaithe i Leitir Ceanainn, ar an chéad cheann in Éirinn leis an chlár a sheachadadh trí mheán na Gaeilge, rud a chuirfidh le tumoideachas na ndaltaí agus a dhíreoidh aird ar ábharthacht na teanga i suíomh corparáideach domhanda.”

Is féidir tú féin a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na ndaltaí ar leathanach Facebook Ghairmscoil Chú Uladh. Is féidir breis eolais ar Gnó sa Phobal in Éirinn a fháil ar a láithreán gréasáin (https://www.bitc.ie/).

An t-eolas is deireanaí 16 Márta 2022: Éist leis an phodchraoladh ‘Business Matters‘ de chuid Highland Radio anseo le hagallamh a chloisteáil faoin chlár.