Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of person
Image of person
Stiúrthóir FET Úrcheaptha in ETB Dhún na nGall, Ciaran O Brien.

Tá an tUasal Ciaran O Brien ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar a Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) úr; tá sé ag teacht in ionad Cróna Gallagher a d’éirigh as ag deireadh mhí na Bealtaine.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é le tuairim is 18,000 mac léinn agus 1,400 ball foirne ar fud an chontae agus ar a chuid oileán, mar aon le buiséad bliantúil de €83.5 milliún.

Cuireann a Mhórsheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) oideachas agus oiliúint ar fáil in ocht n-ionad FET déag ar fud an chontae agus in an-chuid ionad agus suíomhanna ó Leibhéil 1-6 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC).

In 2021 thapaigh beagnach 7,000 duine an deis le tabhairt faoi chúrsaí lánaimseartha nó páirtaimseartha i rith an lae nó um thráthnóna.

Is as Sligeach ó dhúchas dó Ciaran agus bhí sé ag obair mar Stiúrthóir Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin (OETC). Bhog sé go Dún na nGall le hoibriú san earnáil oideachais allamuigh sa bhliain 2001. Chaith sé cuid mhór dá shaol gairmiúil ag obair mar theagascóir oideachais allamuigh i nGartán sular chaith sé roinnt blianta ag obair san earnáil cúraim shóisialta.

Ceapadh Ciarán mar Chomhordaitheoir chlár Cumasóige Ghort an Choirce agus mar bhainisteoir Ionad FET sa bhliain 2015; ina dhiaidh sin d’fhill sé ar oideachas agus oiliúint allamuigh le OETC Ghartáin a bhainistiú sa bhliain 2017.

Agus é ag caint faoin cheapachán dúirt Ciaran, “Cuireann ár bhfoireann Breisoideachais agus Oiliúna seirbhís iontach ar fáil ar fud an chontae faoi threoir an POF Anne McHugh agus an iarStiúrthóra, Cróna Gallagher. Tá mé ar bís maidir leis an dúshlán a bhaineann le tógáil ar an obair iontach sin agus ina theannta sin tá mé ag súil le bheith mar pháirt d’fhorbairt bhreise ETB Dhún na nGall mar mhórsholáthraí oideachais agus oiliúna san Iarthuaisceart.”

Agus í ag tréaslú le Ciaran as a cheapachán dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá mé iontach sásta fáilte a chur roimh Ciaran chuig foireann an POF/na Stiúrthóirí ag ETB Dhún na nGall.  Tá an-chuid athruithe agus nuálaíochta ag titim amach san earnáil Breisoideachais agus Oiliúna ar fud na tíre agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le Ciaran agus muid ag iarraidh an tSeirbhís FET is fearr agus is féidir a chur ar fáil do phobail Dhún na nGall.”

Tagann Ciaran in ionad an Chéad Stiúrthóra FET a bhí ag ETB Dhún na nGall riamh, Cróna Gallagher. Chaith Cróna trí mbliana agus fiche sa ról sin. Ceapadh Cróna mar Oifigeach Oideachais Aosaigh in ETB Dhún na nGall i mí na Bealtaine, 1999, post a bhí aici go dtí gur ceapadh mar Stiúrthóir FET í i Meán Fómhair 2016.

Tosóidh Ciaran ar a phost mar Stiúrthóir FET go hoifigiúil an mhí seo.