Sraith Straitéisí Seolta mar Thoradh ar Thionscnamh Rathúil maidir le hAitheantas Réamhfhoghlama

Group of people
Ionadaithe ó ETB Dhún na nGall, ó ETB Luimnigh agus an Chláir, ó ETB Chill Dara agus Chill Mhantáin agus ó SOLAS ag seoladh Sraith Straitéisí maidir le hAitheantas Réamhfhoghlama don earnáil FET.

Tá deireadh tagtha le tionscnamh a chumasaigh thar dhá chéad duine i nDún na nGall, i Luimneach agus sa Chlár atá ag obair sna hearnálacha cúraim sláinte agus airgeadais aitheantas, dearbhú agus deimhniú a fháil mar gheall ar a gcuid taithí.

Le dhá bhliain anuas tá baill foirne ó na Boird Oideachais agus Oiliúna (ETBanna) sa dá réigiún ag obair ar thionscadal le bealach luathaithe malartach a fhorbairt i dtreo cáilíochtaí, ag úsáid Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL) mar an mheicníocht. Cinntíonn an mheicníocht sin go ndéantar measúnú agus dearbhú ar na scileanna agus ar an eolas a fhaightear ón saol taobh amuigh d’oideachas agus d’oiliúint fhoirmiúil.

Do roinnt mhaith daoine, tá an fhoghlaim trí rud éigin a dhéanamh níos úsáidí mar mhodh le heolas a shú isteach agus a phróiseáil.  Is foghlaim instinneach atá ann nach gcailltear go gasta. Trí ligean do dhaoine fásta na scileanna agus an t-eolas a fuair siad san ionad oibre nó trí rannpháirtíocht sa phobal a cheangal le cáilíocht náisiúnta, cinnteofar nach mbeidh orthu rudaí a fhoghlaim faoi dhó.

Ba é príomhaidhm an tionscnaimh RPL a leabú mar eochairphróiseas sa dá ETB agus torthaí an tionscadail a roinnt leis an earnáil ETB i gcoitinne trí shraith straitéisí a forbraíodh leis an phróiseas a threorú agus seoladh go hoifigiúil é ar an 3 Meitheamh. Cuireann an tsraith straitéisí réimse acmhainní ar fáil don phróiseas RPL.

Samhlaítear go mbainfidh baill foirne an ETB úsáid as an tsraith straitéisí ina ról mar mheántóirí, agus cruthaíodh saindeis forbartha gairmiúla i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh le tacú le hacmhainn an phobail a fhorbairt trasna na hearnála breisoideachais agus oiliúna.

Group of people
Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Clr Martin Harley, ag bronnadh teastas ar bhaill foirne ó ETB Dhún na nGall agus ó ETB Luimnigh agus an Chláir mar aitheantas ar an Dámhachtain Shainchuspóireach ag Leibhéal 9 atá bainte amach acu maidir le hAitheantas Réamhfhoghlama (RPL).

Agus é ag caint faoi sheoladh na sraithe straitéisí, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “D’éirigh leis na baill foirne na hacmhainní sin a fhorbairt mar go raibh siad ábalta an saineolas a fuair siad trí rannpháirtíocht rathúil sa Dámhachtain Shainchuspóireach sa RPL arna sheachadadh ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Dún na nGall) mar a thugtar uirthi anois, a mheascadh lena dtaithí maidir leis an phróiseas RPL a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm d’iarratasóirí.”

Míníonn an tsraith straitéisí an próiseas RPL agus tugann sí breac-chuntas ar róil agus ar fhreagrachtaí na gcroí-fhoirne soláthair RPL (comhordaitheoir, meantóir, measúnóir) a thacaíonn leis an iarratasóir RPL a mbealach a dhéanamh trí chéimeanna éagsúla an phróisis.

Dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Luimnigh agus an Chláir, Paul Patton, “Sa tuarascáil, Aitheantas Réamhfhoghlama san Earnáil Breisoideachais agus Oiliúna (FET) in Éirinn, arna hullmhú ag Deirdre Goggin, ag Phil O’Leary agus ag an Ollamh Irene Sheridan ó Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí sa bhliain 2017, sa réamhrá le Andrina Wafer, déanann QQI cur síos ar RPL mar ‘frása atá chomh lán le gealltanas agus le hionchas agus atá sé le himní agus frustrachas’.   Tá súil againn go gcuideoidh an tsraith straitéisí seo leis an Earnáil FET tógáil ar an ghealltanas fad is go maolófar aon imní nó frustrachas a bhaineann le cur i bhfeidhm an phróisis RPL.”

Maoiníodh an tionscadal mar pháirt de Inniúlachtaí Fostaithe san Earnáil Cúraim a Dhearbhú (VCCSE), scéim de chuid SOLAS faoina chiste Nuálaíocht trí Chomhoibriú.

Ba chóir do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige i gcáilíocht RPL a bhaint amach teagmháil a dhéanamh le Siobhan Murray, Comhordaitheoir RPL, ETB Dhún na nGall, trí ríomhphost a chur chuig rpl@donegaletb.ie.