Cúrsa Úr maidir le hOibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí Seolta ag an ETB agus ag an Chomhairle Contae

Launching the new Public Works Operations and Maintenance traineeship are (back row left-right): James Coyle (Donegal County Council Letterkenny Roads Area), Ciaran O Brien (Donegal ETB Director of FET), Colm Richardson (Donegal ETB Assistant Training Centre Manager), Vinny McGroary (Donegal ETB Area Training Manager) and (front row left-right): Troy Hegarty (Donegal County Council Letterkenny Roads Area), John G McLaughlin (Donegal County Council Chief Executive), Anne McHugh (Donegal ETB Chief Executive) and Bryan Cannon (Donegal County Council Director of Service Roads and Transportation).

Seoladh cúrsa oiliúna úr inniu a bhfuil sé mar aidhm aige oibrithe lánoilte a chur ar fáil le haghaidh poist bhunleibhéil oibríochtaí agus cothabhála san earnáil tógála nó in údaráis áitiúla.

Tá an cúrsa oiliúna in Oibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí forbartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) trína Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Tá sé mar aidhm ag an chúrsa lánaimseartha oibrithe lánoilte a chur ar fáil don earnáil tógála nó d’earnáil na n-údarás áitiúil agus tabharfar deiseanna do rannpháirtithe teastasú cuí a bhaint amach i dtaca le sláinte agus sábháilteacht mar aon le cáilíochtaí atá oiriúnach do róil i réimsí ar nós páirceanna agus spásanna oscailte, céanna agus calafoirt, seirbhísí uisce, tógáil agus pábháil bóithre agus gnáthdheiseanna tógála.

Nuair a bhí an cúrsa cúig seachtaine agus tríocha á fhorbairt acu, chinntigh an ETB agus an Chomhairle Contae go mbeadh raon leathan réimsí oiliúna mar pháirt den chúrsa. Áiríonn na réimsí sin tógáil ballaí agus piléar; teorainneacha a thógáil agus a choinneáil; scileanna ullmhúcháin tógála (suíomhanna a réiteach) lena n-áirítear colbhaí, leaca agus clocha pábhála a leagan; lomaire féir a úsáid agus plandaí a chur agus ceantair a ullmhú le plandaí a chur iontu.

Ina theannta sin clúdóidh an oiliúint cúrsaí sábháilteachta; áiteanna cúnga; garchabhair; eolas agus feasacht ar bhóithre a oscailt agus dromchla na mbóithre a chur ar ais mar a bhí; seirbhísí faoi thalamh a aimsiú; láimhsiú sábháilte; Pas Sábháilte; tógáil agus ábhair bóithre; sláinte agus sábháilteacht maidir le hoibreacha bóthair; cóiriú dromchla agus sláinteachas uisce.

Cuideoidh an oiliúint bhreise i dtras-scileanna maidir le hinniúlachtaí digiteacha agus in éifeachtacht phearsanta lena chinntiú go mbeidh na scileanna ag rannpháirtithe le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide cuí agus le freastal ar chustaiméirí, scileanna atá ríthábhachtach le haghaidh róil den chineál sin.

Agus í ag caint faoi fhorbairt an chúrsa, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Ceann de na téamaí straitéiseacha atá againn ná comhoibriú a dhéanamh le comhpháirtithe. Mar sin de, tá lúcháir orainn gur éirigh linn comhoibriú le Comhairle Contae Dhún na nGall leis an chúrsa seo a fhorbairt don earnáil tógála agus d’earnáil na n-údarás áitiúil. Tá sé mar thosaíocht againne comhpháirtíochtaí a bhunú a chuirfidh feabhas ar thorthaí oideachais, ar thorthaí sóisialta agus ar thorthaí eacnamaíochta do Dhún na nGall agus tacaíonn forbairt an chúrsa seo leis sin.”

Buíochas leis an chomhoibriú sin beidh deis ar dóigh ag na mic léinn; beidh siad ábalta socrúchán oibre trí mhí a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall i suíomhanna agus i ranna éagsúla ar fud an chontae.

Agus é ag caint faoi chomhpháirtíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall leis an ETB chun an cúrsa a chur le chéile, dúirt an Príomhfheidhmeannach John G McLaughlin, “Cuireann an comhoibriú seo leis an ETB an deis ar fáil le soláthar oibrithe lánoilte a fhorbairt ar bhealach an-phraiticiúil do gheilleagar Dhún na nGall in earnáil na n-oibreacha poiblí agus san earnáil tógála i gcoitinne.  Nuair a bheidh an cúrsa oiliúna críochnaithe go rathúil ag na rannpháirtithe beidh scileanna foghlamtha acu a chumasóidh iad le dul isteach san fhórsa saothair atá freagrach as an bhonneagar riachtanach agus áiteanna poiblí a chur ar fáil, a chothabháil agus a fheabhsú, rudaí a bhfuil ár bpobail ag brath go mór orthu.”

Tá an cúrsa oiliúna seo maoinithe ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU agus cuirfear tús leis go luath i Meán Fómhair. Ba chóir go mbeadh iarratasóirí 18 mbliana d’aois ar a laghad agus iad ag cur tús leis an chúrsa agus ba chóir go mbeadh ceadúnas tiomána (Catagóir B) bailí acu nó ba chóir go mbeadh ceadúnas tiomána sealadach (Catagóir B) acu agus é mar aidhm acu pas a fháil ina scrúdú tiomána roimh an dáta a gcuirfear deireadh leis an chúrsa. Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar an chúrsa ar líne ar chúrsa-aimsitheoir ETB Dhún na nGall: https://www.donegaletb.ie/coursefinder (uimhir thagartha an chúrsa 361512).

Sonraí an Ghrianaghrafadóra: Cumarsáid ETB Dhún na nGall