Ceapacháin Úra Ardbhainistíochta déanta ar Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall

Image of two people

Tá dhá cheapachán úra ardbhainistíochta déanta ag ETB Dhún na nGall ar a Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET).

Ceapadh Deirdre McColgan ar phost úr mar Bhainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna agus í freagrach as dearbhú cáilíochta den chuid is mó fad is gur ceapadh an tUasal Aidan McCloskey mar Oifigeach Oideachais Aosaigh agus é ag teacht in ionad Martina Needham a d’éirigh as i mí an Mheithimh.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é le tuairim is 18,000 mac léinn agus 1,400 ball foirne ar fud an chontae agus ar a chuid oileán, mar aon le buiséad bliantúil de €83.5 milliún.

D’fhreastail a Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ar bheagnach 7,000 mac léinn sa bhliain 2021 i ngréasán d’ocht n-ionad FET déag agus i roinnt mhaith ionad eile ar fud an chontae agus ar a chuid oileán, ag cur oideachas agus oiliúint ar fáil ó Leibhéil 1-6 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC).

Image of person
Leasbhainisteoir Ionaid Oiliúna ETB Dhún na nGall, Úrcheaptha, Deirdre McColgan.

Tá Deirdre ag obair le ETB Dhún na nGall ó Eanáir 2005, mar Threoirchomhairleoir, mar Thacadóir Cumasóige agus mar Chomhordaitheoir na Seirbhíse Treorach agus Eolais d’Aosaigh. Tá Deirdre cáilithe mar Mhaoirseoir Gairmthreorach agus tá tréan oibre déanta aici lena comhghleacaithe gairmthreorach ag leibhéal iar-bhunscoile ar fud Dhún na nGall. Le gairid ba í Deirdre príomhúdar Thuarascáil Féinmheastóireachta ETB Dhún na nGall don Athbhreithniú Tionscnaimh de chuid QQI. Rinne sí bunchéim agus iarchéim in Ollscoil Uladh agus lean sí ar aghaidh lena cuid breisoideachais, ardoideachais agus oideachais ghairmiúil le Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, le Coláiste San Aingeal, le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr, dúirt Deirdre, ‘Tá lúcháir orm a bheith ag tabhairt faoi ról úr le heagraíocht atá nuálach agus ag amharc chun cinn. Tá mé bródúil agus tá sé de phribhléid agam foireann iomlán tiomanta a stiúradh a bhfuil sé mar aidhm acu polasaithe agus córais maidir le Dearbhú Cáilíochta a chur i bhfeidhm ar fud na Seirbhíse FET, polasaithe agus córais a bhfuil ardmholadh tugtha ag léirmheastóirí dóibh.

Is as Cill Charthaigh ó dhúchas dó, Aidan, agus bhain sé Baitsiléir sa Staidéar Gnó amach in Institiúid

Image of person
Oifigeach Oideachais Aosaigh ETB Dhún na nGall, Úrcheaptha, Aidan McCloskey.

Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus B.A (Onóracha) sa Bhainistíocht Phoiblí ag an Fhoras Riaracháin, Baile Átha Cliath. Lena chois sin, rinne sé staidéar ar an Ghaeilge ag Ollscoil Uladh. Thosaigh Aidan a dh’obair le ETB Dhún na nGall sa bhliain 2001 mar Oifigeach Cléireachais agus d’oibrigh sé sna Rannóga seo a leanas: Airgeadas, Oiliúint Faoi Chonradh agus Acmhainní Daonna. Ceapadh ina Áisitheoir Oideachais Pobail é in 2016 agus in 2017; d’fheidhmigh sé mar Chomhordaitheoir Oideachais Bhunata, ag stiúradh foirne a bhí ag cur litearthacht, uimhearthacht, scileanna digiteacha, foghlaim teaghlaigh agus Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile (BCTE) ar fáil ar fud an chontae.

Maidir lena cheapachán mar Oifigeach Oideachais Aosaigh, dúirt Aidan, “Tá sceitimíní orm an ról seo a ghlacadh le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall; beidh mé freagrach as réimse clár atá aitheanta mar gheall ar an dóigh a gcuireann siad go mór le hoideachas agus le foghlaim i bpobail ar fud an chontae. Tá mé ag súil go mór le deiseanna úra a fhiosrú agus leanúint lenár dtraidisiún maidir le comhoibriú lena chéile ar fud Dhún na nGall, ag cinntiú go bhfuil an contae ina áit níos fearr ná riamh le cónaí ann, le foghlaim ann agus le hoibriú ann.

Agus í ag tréaslú leis an bheirt acu as a gceapacháin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh “Tá ríméad orm fáilte a chur roimh Aidan agus roimh Deirdre chuig Foireann Ardbhainistíochta FET; tabharfaidh an bheirt acu réimse leathan taithí agus eolais chuig an fhoireann sin.  Cuirfidh a gcuid oibre go mór leis an phlean oibre nach beag sa tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.  Guím gach rath orthu agus iad ag tabhairt faoina róil úra agus tá mé ag súil go mór le hoibriú leo thar ceann phobail Chontae Dhún na nGall.”

Thosaigh Deirdre ina post i mí na Bealtaine, fad is gur thosaigh Aidan ina phost i mí Iúil.

Image of two people
Leasbhainisteoir Ionaid Oiliúna ETB Dhún na nGall, Úrcheaptha, Deirdre McColgan agus Oifigeach Oideachais Aosaigh ETB Dhún na nGall, Úrcheaptha, Aidan McCloskey.