Stiúrthóir Úr Ceaptha in Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh ETB Dhún na nGall

Marty McCann
Marty McCann
Marty McCann ar ceapadh le gairid é mar Stiúrthóir ar Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh ETB Dhún na nGall i nGartán.

Tá Marty McCann ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar an Stiúrthóir úr ar a Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh (OETC) i nGartán.

Eastát 87 acra de chuid an ETB is ea OETC Ghartáin agus tá sé lonnaithe i gcroílár Chontae Dhún na nGall. In 2021 bhain beagnach 4,300 dalta tairbhe as réimse leathan clár oideachais agus oiliúna allamuigh ansin.

Tá Marty ag obair san earnáil oideachais allamuigh ón bhliain 1995; d’oibrigh sé i nGartán roimhe seo mar theagascóir agus mar oide ó 2005-2020. Ó shin, bhí sé ag obair laistigh den ‘tSeirbhís Foghlama Allamuigh’ de chuid an Údaráis Oideachais i dTuaisceart Éireann. Roimhe sin arís bhain sé céim amach in Obair don Ógra sa Phobal ag Ollscoil Uladh agus cáilíocht iarchéime sa Chóitseáil Feidhmíochta ag Ollscoil Stirling.

Agus é ag caint faoina cheapachán úr, dúirt Marty, “Tá lúcháir orm tosú sa ról mar Stiúrthóir ar OETC Ghartáin. Tá mé ag súil lenár soláthar seirbhíse a fhorbairt i gcomhar le comhghleacaithe i nGartán agus san ETB ina iomláine. Is acmhainn iontach é OETC Ghartáin atá ag dul i bhfeidhm go dearfach ar shaol daoine óga agus ar dhaltaí le dhá scór bliain. Is pribhléid atá ann bheith mar pháirt d’fhoireann Ghartáin agus tá mé ag súil go mór leis.”

Agus é ag tréaslú le Marty as a cheapachán úr, dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, “Tá lúcháir orm gur ceapadh Marty agus cuirim fáilte roimhe ar ais chuig ETB Dhún na nGall. Tá sé ag tosú sa ról mar Stiúrthóir mar dhuine a bhfuil taithí an-ábhartha aige ar oideachas agus oiliúint allamuigh óna chuid ama i nGartán roimhe seo agus a chuid freagrachtaí bainistíochta le gairid i dTuaisceart Éireann. Leanfaidh Marty leis an fhorbairt leanúnach ar Champas Ghartáin agus leis an obair a bhí á stiúradh ag an iarstiúrthóir, an tUasal Ciaran O’Brien. Tá mé ag súil le bheith ag obair le Martin agus tá a fhios agam go dtabharfaidh sé ceannaireacht don fhoireann i nGartán, foireann atá ar thús cadhnaíochta maidir le glacadh le hathruithe le blianta beaga anuas.”

Thosaigh Marty ina phost roinnt seachtainí ó shin agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis ar 074 91 37032.