Eolaire Breisoideachais agus Oiliúna 2022-2023 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

Réamheolaire FET 2022-2023 ETB Dhún na nGall.
Réamheolaire FET 2022-2023 ETB Dhún na nGall.

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a hEolaire FET úr don bhliain acadúil atá ag teacht, 2022-2023, eolaire a áiríonn roinnt cúrsaí úrnua a bheidh ag tosú ar fud an chontae i Meán Fómhair.

Cuireann an Eolaire mioneolas ar fáil maidir le níos mó ná 120 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i roinnt mhaith réimsí ó Leibhéil 1-6, cuid mhaith acu maoinithe ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU.

Áiríonn na réimsí sin riarachán, gnó agus airgeadas; ealaín, ceardaíocht agus dearadh; tógáil agus an timpeallacht thógtha; cúrsaí do dhaoine faoi mhíchumas; cúram custaiméirí; cúram agus oideachas na luath-óige; innealtóireacht agus déantúsaíocht; rannpháirtíocht lucht fiontraíochta; foghlaim teaghlaigh; gnáthfhoghlaim; gruaig agus scéimh; cúram sláinte agus sóisialta; gairneoireacht; TF agus ríomhaireacht; teangacha; An Ardteistiméireacht do dhaoine fásta; spóirt, áineas agus corpacmhainn; turasóireacht agus fáilteachas; iompar agus lóistíocht; tréidliacht agus an clár Cumasóige do luathfhágálaithe scoile.

Lena chois sin tá eolas ann maidir leis an dóigh le cáilíochtaí a bhaint amach tríd an phróiseas Aitheantais Réamhfhoghlama agus na tacaíochtaí atá ar fáil do ghnólachtaí.

I measc an iliomad cúrsaí atá liostaithe san Eolaire tá trí chúrsa úrnua in Eolaíocht Sonraí, Cúram agus Foghlaim na Luath-Óige agus Oibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí.

Tá an-éileamh go deo ar scileanna Eolaíochta Sonraí agus dearadh an cúrsa sé seachtaine agus tríocha i gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta le díriú ar scileanna agus ar phróisis a fhorbairt a bheidh de dhíth le ciall a bhaint as ollmhéideanna sonraí ó réimse leathan cineálacha sonraí le cuidiú le cinnteoireacht agus le cúrsaí gnó a thiomáint chun cinn.   Tá sé mar aidhm ag an chúrsa lánaimseartha sin na bunscileanna a thabhairt do mhic léinn a bhaineann leis an earnáil Teicneolaíocht an Airgeadais mar atá: bunachair sonraí, anailísíocht sonraí, clárú agus bainistíocht tionscadal.

Mar cheann de na mórsholáthraithe cúrsaí cúraim leanaí sa chontae thar na blianta, d’fhorbair ETB Dhún na nGall cúrsa úr Leibhéal 5 Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige le gairid, cúrsa atá ag teacht leis an dea-chleachtas san earnáil Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige (0-6 bliana). Tá sé mar aidhm ag an chúrsa sin feabhas a chur ar chaighdeán an chúraim leanaí ar fud an chontae agus beidh sé ar fáil mar dhámhachtain bliain amháin lánaimseartha QQI Leibhéal 5 i Leitir Ceanainn agus i mBun Cranncha mar aon le rogha páirtaimseartha i roinnt suíomhanna eile.

Agus í ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, d’fhorbair an tSeirbhís FET cúrsa oiliúna lánaimseartha fosta in Oibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí le hoibrithe oilte a chur ar fáil do phoist bhunúsacha agus do phoist chothabhála san earnáil tógála nó sna húdaráis áitiúla.  Beidh an cúrsa sin á reáchtáil i Leitir Ceanainn agus beidh na nithe seo a leanas i gceist: socrúcháin oibre ráthaithe ar fud an chontae le Comhairle Contae Dhún na nGall, réimse cáilíochtaí de chuid earnáil na tionsclaíochta; beifear ábalta an cúrsa a chríochnú i gcúig seachtaine agus tríocha, rud a chiallaíonn go mbeidh céimithe an chúrsa, ar mian leo post a fháil, i bhfad chun tosaigh ar iarratasóirí eile.

Agus é ag caint faoi fhoilsiú an Réamheolaire, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “Is é an misean atá ag ETB Dhún na nGall deiseanna oideachais agus oiliúna a thairiscint, deiseanna a chuideoidh le mic léinn barr a gcumais a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal.  Cuireann ár Seirbhís FET réimse éagsúil cúrsaí deimhnithe ar fáil ó Leibhéil 1-6 NFQ i ngach cearn den chontae leis an mhisean sin a chur i gcrích agus tá lúcháir orm iad uilig a fheiceáil foilsithe sa Réamheolaire úr seo.”

Chuir sé leis an mhéid sin ag rá, “Anuraidh thug beagnach 7,000 duine faoinár gcúrsaí FET ar fud an chontae. Mar sin, tá muid ag súil le fáilte a chur roimh roinnt mhaith mac léinn eile an Fómhar seo agus an bhliain seo chugainn.”

Is féidir Réamheolaire an ETB a fheiceáil anois sa rannán Foilseacháin agus Acmhainníshuíomh gréasáin nó trí theagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Treorach agus Eolais do Dhaoine Fásta trí ríomhphost a chur chuig adultguidance@donegaletb.ie nó trí scairt a chur ar 074 9178088 le breis eolais a fháil.

Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar na cúrsaí sin fosta trí shuíomh gréasáin an ETB (https://www.donegaletb.ie/fetcoursefinder).