Scéal Spóirt Scoile 1950-2020: Scéalta Spóirt i gColáiste na Carraige

Leabhar
Scéal Spóirt Scoile 1950-2020

Cnuasach úrfhoilsithe de scéaltaí faoi spóirt agus faoi Choláiste na Carraige (ar a dtugtaí Gairmscoil na Carraige tráth) is ea Scéal Spóirt Scoile 1950-2020. Tarraingíonn an leabhar aird ar éachtaí CLG na scoile bige sin. “Solas lonrach ar chósta an Atlantaigh”; sin mar a chuir Jimmy Smyth, Rúnaí Gairmscoileanna Uladh, síos ar an scoil.

Insíonn Scéal Spóirt Scoile scéaltaí na gcomórtas Gaelach uilig a raibh an scoil páirteach iontu, ag tosú in 1964 le Dessie Griffin ag eagrú na chéad foirne scoile díreach suas go dtí an t-am i láthair.

Ina theannta sin tá cuntais sa leabhar faoi spóirt ‘oifigiúla’ eile na scoile: lúthchleasaíocht agus cispheile lena n-áirítear ailt ó iardhaltaí mar aon le múinteoirí a bhainistigh agus a chóitseáil foirne.

Ach ní hé sin ach leath an scéil. Is é príomhláidreacht an leabhair ná éagsúlacht na n-ábhar. Mar aon leis na spóirt ‘oifigiúla’, is féidir leat ailt a léamh ó mhúinteoirí agus ó iardhaltaí faoi ghníomhaíochtaí chomh héagsúil le pionsóireacht, caitheamh an oird, tumadóireacht scúba agus dairteanna mar aon le hailt ar shíceolaíocht spóirt, ar oideachas, ar thacaíocht an phobail, ar réiteoireacht, ar chóitseáil agus i bhfad Éireann níos mó.

Lena chois sin, tá scéaltaí ann maidir le héachtaí spóirt na mball foirne. Déanann roinnt scríbhneoirí tagairt do na comórtais eitpheile a imríodh, dar le Manus Brennan: “thiar sna hochtóidí, nuair a bhí muidne óg mar mhúinteoirí, idir aois agus chroí!”

Is é an téama a ritheann tríd na scéalta uilig faoi chraic, faoi chomrádaíocht, faoi bhuanna agus faoi thubaistí ná pobal. Tarlaíonn spórt mar gheall ar iarrachtaí an phobail uilig, ag cóitseáil, ag tiomáint, ag tiomsú airgid agus ag ní na n-éadaí spóirt sin uilig!

Ina gcuid alt ardaíonn John Joe Doherty agus Noel Ward beirt an cheist “Cén dóigh a mbíonn an oiread sin ratha ag scoil atá chomh beag sin?” Tá freagra na ceiste sin le fáil ar leathanaigh Scéal Spóirt Scoile: Is é an pobal a bhfuil Coláiste na Carraige mar pháirt de a dhéanann speisialta é.

Curtha in eagar ag Yvonne Cunningham, níl ach €20 ar an leabhar agus tá sé ar fáil le ceannach ó shiopaí i nGleann Cholm Cille, ar an Charraig agus i gCill Charthaigh. Is féidir é a ordú ar líne fosta ón Siopa Gaeilge (https://www.siopagaeilge.ie/products/sceal-spoirt-scoile-1950-2020-colaiste-na-carraige), Ebay Amazon agus beifear ábalta é a sheoladh chuig áit ar bith ar domhan. Saothar gairmiúil ar ardchaighdeán atá ann; b’fhiú go mór duit cóip a fháil!