Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall comhghairdeachas le Daltaí Ardteistiméireachta as a gcuid Torthaí

Image of Chief Executive Anne McHugh
Image of Chief Executive Anne McHugh
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall leis na mic léinn atá ag fáil a gcuid torthaí Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus LCVP.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 den 27 n-iar-bhunscoil i gCo. Dhún na nGall, agus is comhpháirtí iontaobhais é fosta do na hocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha sa chontae.

Agus í ag caint níos luaithe inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Thar ceann ETB Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeachas ó chroí a dhéanamh le níos mó ná 900 mac léinn Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus LCVP sna cúig iar-bhunscoil déag atá againn, na céadta mac léinn atá i bPobalscoileanna agus i Scoileanna Cuimsitheacha an chontae, agus an t-ochtar daoine foghlaimeoirí fásta ónár nIonad Breisoideachais agus Oiliúna i Leitir Ceanainn atá ag fáil a gcuid torthaí inniu.

Tá muid bródúil as na hiarrachtaí a dhéanann muid leis na caighdeáin teagaisc agus foghlama is airde a chur ar fáil dár gcuid mac léinn le cuidiú leo barr a gcumais a bhaint amach agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mic léinn, le tuismitheoirí agus le daoine fásta as scoil nó ionad FET de chuid ETB Dhún na nGall a roghnú dá gcuid oideachais. Tá an-iarracht i gceist ó na daltaí uilig, agus óna gcuid tuismitheoirí, teaghlaigh agus múinteoirí a thacaigh leo agus a chuidigh leo tríd an phróiseas uilig. Guím gach rath ar achan duine atá ag cur isteach ar chúrsa oideachais eile nó atá ag pleanáil tosú ar phost.”

Cé gur beag rud a chuir isteach ar an bhliain acadúil le linn 2021-22, bhí tionchar na paindéime fos le brath i roinnt mhaith gnéithe de shaol na scoileanna agus de shaol na n-ionad.

Cé gur tháinig scrúduithe traidisiúnta na hArdteistiméireachta ar ais i mbliana, rinne Coimisiún na Scrúduithe Stáit roinnt leasuithe mar aitheantas ar an dóigh ar cuireadh isteach ar rang 2022 ar feadh dhá bhliain.

Chuir McHugh leis an mhéid sin ag rá “Níl todhchaí rang 2022 cinnte, ar roinnt bealaí, má smaoiníonn muid ar na mórathruithe a tharla sa tsaol le cúpla bliain anuas. Níos giorra don bhaile, tá lóistín mac léinn ina ábhar imní do roinnt daoine atá ag súil le bogadh chuig institiúid tríú leibhéal. Is í seo an chéad bhliain acadúil a mbeidh ollscoil ag freastal ar ár réigiún agus is maith ann í Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh mar go dtugann sí a lán roghanna breise dár gcuid mac léinn.

Tá níos mó éilimh ar scileanna ar leith na laetha seo agus de bharr go mbíonn feabhas ag teacht ar an teicneolaíocht an t-am ar fad ba chóir do mhic léinn machnamh a dhéanamh ar a gcuid roghanna agus tuiscint mhaith a bheith acu go bhfuil printíseacht nó cúrsa oiliúna lán chomh maith le hoideachas tríú leibhéal.”

Chuir McHugh i gcuimhne do dhaltaí, i dtéarmaí dul chun cinn, “Mar an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae, cuireann ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí ar fáil le freastal ar riachtanais na ndaltaí maidir le dul chun cinn. Chomh maith leis sin, is iomaí deis atá ann airgead a shaothrú agus foghlaim ag an am céanna trínár Seirbhís FET – ní gá do dhaltaí dul chuig codanna eile den tír lena spriocanna a bhaint amach. I measc na ndeiseanna sin tá printíseachtaí, cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) cúrsaí oiliúna agus réimse leathan de chúrsaí oiliúna lánaimseartha atá ar fáil trínár Seirbhís FET.’

Thug sé le fios fosta “Do na daltaí sin a mhothaíonn nár bhain siad amach na torthaí a bhí siad a iarraidh, tá réimse roghanna ann. I dtús báire, labhair leis an Treoirchomhairleoir i do scoil nó ionad – beidh sé/sí ábalta achoimre a thabhairt ar do chuid roghanna agus tá i bhfad Éireann níos mó roghanna ann gach bliain.”

“Cuireann ETB Dhún na nGall deiseanna foghlama ar fáil fosta trínár gclár Cumasóige sna sé ionad atá againn ar fud an chontae do dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois, daoine nár oibir an Ardteistiméireacht amach dóibh.”

Mar fhocal scoir, chuir sí i gcuimhne do dhaltaí “Is iomaí bealach éagsúil atá ann le bhur gcuid spriocanna a bhaint amach agus má bhíonn tú cruthaitheach agus tú ag mapáil do shlí amach, sin eispéireas foghlama tairbheach ann féin.”

Is féidir eolas a fháil ar na cúrsaí breisoideachais agus oiliúna (FET) a chuireann ETB Dhún na nGall ar fáil ar an chúrsa-aimsitheoir ar a láithreán gréasáin www.donegaletb.ie/fetcoursefinder, in Réamheolaire 2022-2023, agus ar a shuíomh gréasáin agus is féidir eolas ar gach réimse FET, lena n-áirítear printíseachtaí, a fháil sa rannán Míniú ar Chláir FEThttps://www.donegaletb.ie/further-education-training/fet-programmes-explained/.

Lean cuntais meán sóisialta an ETB (Facebook, Twitter agus Instagram) le heolas atá cothrom le dáta a fháil.