Leas-Phríomhoide Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of person
Image of person
Leas-Phríomhoide Úrcheaptha Ghairmscoil Chú Uladh Aoife De Náis.

Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Aoife De Náis ceaptha mar an Leas-Phríomhoide úr ar Ghairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir. Tagann sí in áit Pháraicín Ní Fhaoláin a d’éirigh as le gairid i ndiaidh trí bliana agus tríocha de sheirbhís laistigh den scoil, ceithre bliana déag acu sin mar Leas-Phríomhoide.

Sular thosaigh sí ag feidhmiú mar Leas-Phríomhoide, d’oibrigh Aoife mar Mhúinteoir Corpoideachais agus Mata i nGairmscoil Chú Uladh ó bhain sí céim amach in Ollscoil Luimnigh in 2001. Mar aon le ról gníomhach in NCCA agus PDST (Corpoideachas), tá céim máistir ag Aoife i Scoileanna Sláintiúla a Chur Chun Cinn agus cáilíocht iarchéime i gCeannaireacht Scoile ó Ollscoil Uladh.

Scoil lán-Ghaeilge is ea Gairmscoil Chú Uladh arna bainistiú ag ETB Dhún na nGall. Is é Ciarán Mac Ruaidhrí Príomhoide na scoile agus tá an scoil lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta Láir.   Tá tuairim is dhá chéad dalta ag an scoil agus níos mó ná fiche ball foirne.

Bhí Aoife breá sásta lena ceapachán agus dúirt sí, “Tá mé ag súil le tacú leis an fhoireann bainistíochta dhinimiciúil agus thiomanta, leis na baill foirne agus leis na daltaí ar fad i nGairmscoil Chú Uladh. Tá Gairmscoil Chú Uladh bródúil as an timpeallacht iomlánaíoch agus airdeallach a chothaíonn sí mar aon lena tiomantas leanúnach maidir leis an Ghaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht Láir. Guím gach sonas agus rath ar Pháraicín Ní Fhaoláin a d’éirigh as a post ag deireadh na scoilbliana 2021-2022.”

Agus é ag tréaslú le hAoife ar a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Cuirim fáilte ó chroí roimh Aoife agus í ag dul isteach i bhfoireann shinsearach ceannaireachta agus bainistíochta na scoile. Tréaslaím le hAoife ar a ceapachán agus guím gach rath uirthi ina ról úr. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don duine a bhí ann roimpi, Páraicín Ní Fhaoláin, as an ghairmiúlacht ar fad a léirigh sí ar feadh a tréimhse mar Leas-Phríomhoide. Guím sonas agus sláinte uirthi sa tréimhse úr seo ina saol.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an ETB, Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh cheapachán Aoife i nGairmscoil Chú Uladh. Tá ról lárnach ag ár Leas-Phríomhoidí laistigh dár scoileanna mar pháirt den fhoireann ardbhainistíochta agus tá an méid a dhéanann siad lárnach dár misean maidir le deiseanna oideachais agus oiliúna a thairiscint, deiseanna a chuidíonn le mic léinn barr a gcumais a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal.”

Tá Gairmscoil Chú Uladh ar cheann de na cúig iar-bhunscoil déag as na seacht n-iar-bhunscoil is fiche i gCo. Dhún na nGall atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa bhliain acadúil roimhe seo 2020-2021, d’fhreastail thar 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Chuir Aoife tús lena ceapachán ag tús na bliana acadúla úire.