Eagraí Litearthachta d’Aosaigh Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of person
Comhordaitheoir Litearthachta d’Aosaigh Úrcheaptha, Adele McElhinney.

Cheap Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Adele McElhinney mar Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (le Freagracht Tosaigh as an Litearthacht Réigiúnach a Chomhordú) ina Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET).

Chruthaigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an post úr mar fhreagairt ar Litearthacht d’Aosaigh don Saol (LAS) a seoladh níos luaithe i mbliana, an straitéis deich mbliana maidir le litearthacht, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach d’aosaigh.

Cuirfidh an ról le cur chuige freagrúil ETB Dhún na nGall maidir le níos mó deiseanna foghlama agus tacaíochta a thairiscint i saol atá ag athrú go gasta trí úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana féin le cuidiú le litearthacht, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach d’aosaigh agus é a dhéanamh níos fusa dóibh siúd a bhfuil riachtanais litearthachta ar leith acu an chéad chéim eile a ghlacadh.

Is as Baile Dhún na nGall ó dhúchas í Adele agus d’oibrigh sí le ETB Dhún na nGall mar Eagraí Litearthachta d’Aosaigh i nDeisceart Dhún na nGall ón bhliain 2005. Tá B.A. sa Bhéarla agus Forbairt an Duine aici mar aon le hArd-Dioplóma in Oideachas Aosach agus Pobail agus bhain sé cáilíocht Leibhéal 8 amach le gairid i bhFoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta.  Roimhe sin ba theagascóir í le Seirbhís FET an ETB; bhí sí freagrach as cúrsaí mar: Béarla do Chainteoirí Teanga Eile (BCTE), Teicneolaíocht Faisnéise agus Scileanna don Obair.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr, dúirt Adele, “Tá mé paiseanta faoi chuidiú le daoine fásta barr a gcumais a bhaint amach agus iad ag tabhairt faoi chláir FET, beag beann ar an áit a dtosaíonn siad.  Cuideoidh an post seo le comhpháirtíocht a chur le cheile d’ionadaithe ó gach earnáil le plean gníomhaíochta litearthachta a fhorbairt don chontae.  Tá mé ar bís leis an líonra seo a fhorbairt agus ta mé ag súil go mór le bualadh le pobail úra lena chinntiú go bhfuil an deis ag gach duine cur lena scileanna litearthachta agus uimhearthachta agus lena n-inniúlachtaí digiteacha.”

Agus í ag tréaslú le Adele as a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall Ciaran O’Brien, “Tá an ról seo mar pháirt lárnach den Straitéis Náisiúnta, Litearthacht d’Aosaigh don Saol.  Lonnaithe laistigh de Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall, díreoidh Adele ar oibirú le pairtithe leasmhara go háitiúil, mar aon le comhghleacaithe ar fud na dtacaíochtaí agus na seirbhísí oideachais, sláinte, forbartha pobail agus rialtais áitiúil le cur chuige córais-bhunaithe a leabú maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais litearthachta nár sásaíodh go dtí seo.”

Leagann an straitéis LAS amach réimse gealltanas agus gníomhartha trasna ceithre cholún lena chinntiú gur féidir le daoine a riachtanais agus an áit ar féidir leo triall air le hiad a shásamh a thuiscint; gur féidir leo an fhoghlaim agus an tacaíocht go léir a rochtain a theastaíonn uathu; gur féidir leis an fhoghlaim agus an tacaíocht atá ar fáil a fhairsingiú chun an dúshlán ollmhór seo a shárú; agus lena chinntiú go ndéanaimd daoine agus pobail a chumasú fíordhifríocht a dhéanamh ina saol.

Cuirfidh Adele tús lena ceapachán i mí Dheireadh Fómhair agus beidh sí lonnaithe in Ionad Oiliúna ETB Dhún na nGall i mBaile Raithin, Leitir Ceanainn.   Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag an ionad ach scairt a chur ar 074 91 20500 nó trí ríomhphost a chur chuig adelemcelhinney@donegaletb.ie.