Mol Tacaíochta do Mhic Léinn Seolta ag an tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET)

Mol Tacaíochta do Mhic Léinn FET seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Ionad ilfhreastail atá ann ina bhfuil an t-eolas uilig ar fáil do mhic léinn FET, eolas d’fhéadfadh a bheith de dhíth orthu roimh nó le linn a gcuid cúrsaí.

Foireann Dearbhaithe Cáilíochta FET a d’fhorbair an Mol Tacaíochta do Mhic Léinn mar fhreagairt dhíreach ar aiseolas ó mhic léinn FET a d’iarr go mbeadh acmhainn lárnach ann ina mbeadh an t-eolas uilig a bhaineann leo curtha i gceann a chéile in aon áit amháin agus furast nascleanúint a dhéanamh air.

I measc na Rannán ar an Mhol Tacaíochta do Mhic Léinn tá:

– Tacaíocht Acadúil

– Tacaíochtaí Airgeadais

– Acmhainní Teicniúla

– Tacaíochtaí Foghlama

– Taisteal agus Iompar

– Gairmthreoir

– Glór na Mac Léinn (Deiseanna do Mhic Léinn lena gcuid Tuairimí a Thabhairt)

– Imeachtaí agus Féilire

Agus í ag caint faoin Mhol úr Tacaíochta do Mhic Léinn, dúirt an Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna, Deirdre McColgan, “Tá súil againn gurb é an Mol Tacaíochta do Mhic Léinn an chéad áit a rachaidh mic léinn chuige nuair a bheidh eolas de dhíth orthu. Rinne muid iarracht an t-eolas eagraíochtúil uilig agus an t-eolas faoi chúrsaí a chur le chéile le hacmhainní breise ar nós tacaíocht agus leas na mac léinn. Tá súil againn go léiríonn ár Mol Tacaíochta do Mhic Léinn go bhfuil muid tiomanta d’fhreastal ar a gcuid riachtanas cé acu cúrsaí oideachais, cúrsaí oiliúna nó cúrsaí an tsaoil fiú.

Déanfar uasdátú ar an Mhol Tacaíochta do Mhic Léinn ar bhonn rialta. Mar sin de, ba chóir do mhic léinn reatha nó féideartha é a leabharmharcáil agus é a sheiceáil go rialta leis an eolas agus an nuacht is déanaí a fháil.

Screenshot of website.
Mol Tacaíochta do Mhic Léinn FET.