Príomhoide Úr Ceaptha ar Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn

Image of person.
Príomhoide úrcheaptha Choláiste Ailigh, Seán Mac Suibhne.

Tá sé fógartha ag ETB Dhún na nGall go bhfuil an tUasal Seán Mac Suibhne ceaptha mar an Príomhoide úr ar Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn. Tá sé ag teacht in áit an Uasail Micheál Ó Giobúin atá ag éirí as an phost go luath i mí Dheireadh Fómhair.

Is as Carraig Airt ó dhúchas é Seán agus d’fhreastail sé ar Scoil Cholmcille, Duibhleann Riach agus ar Ghairmscoil Bhaile na nGallóglach (Coláiste na Maoile Rua anois). Bhí Seán ina Phríomhoide ar Choláiste na Carraige ó mhí Iúil 2019. Roimhe sin bhí sé ina Príomhoide Tánaisteach ar Ghairmscoil na Mainistreach agus ina Phríomhoide Tánaisteach ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail.

Tá Coláiste Ailigh ar cheann de na sé scoil lán-Ghaeilge atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall. Tá beagnach trí chéad dalta ag freastal ar an scoil agus tá fiche múinteoir ann mar aon le baill foirne tacaíochta eile. Tá forbairt na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh ina cuid lárnach d’éiteas an Choláiste ó bunaíodh é.

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt Seán, “Tá lúcháir orm gur ceapadh mé mar Phríomhoide Choláiste Ailigh agus tá mé ag súil go mór le leanúint ar aghaidh leis an obair mhór mhaith atá déanta ag pobal na scoile i gColáiste Ailigh faoi stiúir Mhicheáil Uí Ghiobúin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Micheál as an dóigh ar chuidigh sé liom aistriú chuig an phost seo. Tá mé ag súil le bualadh leis na daltaí uilig, leis na baill foirne, le tuismitheoirí/caomhnóirí, leis an Bhord Bainistíochta, le Cumann na dTuismitheoirí agus leis na grúpaí uilig atá mar pháirt de shaol na scoile i gColáiste Ailigh. Ní neart go cur le chéile.

Tá sé thar a bheith tábhachtach domsa i ról an Phríomhoide go leanfaidh muid ar aghaidh le tacú lenár gcuid daltaí barr a gcumais a bhaint amach i gColáiste Ailigh, agus go n-ullmhóidh muid ár gcuid daltaí go héifeachtach dá saol i ndiaidh a gcuid iar-bhunscolaíochta.

Féachann Coláiste Ailigh le fáilte a chur roimh dhaltaí ar mian leo a gcuid iar-bhunscolaíochta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, lena n-áirítear daltaí nach ndearna a gcuid bunscolaíochta trí mheán na Gaeilge, b’fhéidir. Tá mé ag súil go mór le bualadh le daltaí féideartha agus le fáilte a chur roimh thuismitheoirí/chaomhnóirí daltaí féideartha ar mian leo Coláiste Ailigh a phlé mar rogha dá bpáiste.”

Agus é ag tréaslú le Seán as a cheapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Chuaigh Coláiste Ailigh ó neart go neart thar na bliantaí; sárscoil atá ann anois ina bhfuil curaclam teagaisc agus foghlama á sheachadadh trí mheán na Gaeilge. Guím gach rath ar Sheán ina ról agus tá mé muiníneach go leanfaidh forbairt leanúnach na scoile ar aghaidh. Tá mé ag súil go mór le tacú leis ina ról úr. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Phríomhoide atá ag éirí as fosta; tá obair na gcapall déanta ag Micheál Ó Giobúin d’ETB Dhún na nGall ina ról mar Phríomhoide Choláiste Ailigh. Guím sonas agus sláinte air sa tréimhse nua seo ina shaol.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an ETB Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh cheapachán Sheáin i gColáiste Ailigh. Is é an misean atá againn deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil a chuidíonn le daltaí barr a gcumais a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal. Tá ról lárnach ag ár gcuid Príomhoidí laistigh dár scoileanna maidir le ceannaireacht a thabhairt don fhoireann ardbhainistíochta agus tá an méid a dhéanann siad ríthábhachtach i dtéarmaí soláthair seirbhíse.”

Tá Coláiste Ailigh ar cheann de na cúig iar-bhunscoil déag as na seacht n-iar-bhunscoil is fiche i gCo. Dhún na nGall atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae.

Is comhpháirtí iontaobhaí é fosta an ETB d’ocht bPobalscoil agus scoil Chuimsitheacha eile sa chontae. Sa bhliain acadúil 2021-2022, d’fhreastail níos mó ná 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna de chuid ETB Dhún na nGall.

Cuirfidh Seán tús lena phost úr Dé Luain, 10 Deireadh Fómhair.