ASPIRE Inis Eoghain Seolta

Group of people.
Baill foirne agus comhaltaí Boird ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus ó Sheirbhís Óige Dhún na nGall agus iad ag freastal ar sheoladh Aspire Inis Eoghain.

Sheol Seirbhís Óige Dhún na nGall (DYS) Tionscadal Óige úr ASPIRE Inis Eoghain Dé hAoine, 30 Meán Fómhair san Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) faoin líne mhaoinithe UBUD’Áit, Do Spás agus á reáchtáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Tá an tionscadal ar cheann d’ocht dtionscadal UBU ar leith ar fud na tíre agus is é sin an chéad mhaoiniú príomhshrutha úr don aos óg a tháinig go Contae Dhún na nGall le fada an lá. Seoladh an tionscadal áitiúil i ndiaidh don Aire Roderick O’Gorman na hocht dtionscadal ar fad a sheoladh go náisiúnta i mí Iúil.

D’éirigh leis an tairiscint a chuir DYS isteach maidir le clár spriocdhírithe a sholáthar do dhaoine óga 10-24 bliain d’aois a bhfuil cónaí orthu i mBun Cranncha, i gCarn Domhnach, i gCluain Maine agus i mBun an Phobail.

Tá naisc láidre ag DYS ar fud na Leithinse agus tá sé in ann ‘dul i mbun oibre láithreach’ le baill foirne ardoilte atá sannta don tionscadal. Cuireadh tús le ASPIRE Inis Eoghain i mí Eanáir 2022 agus tá sé ag feidhmiú ar fud an cheantair ó shin. 100 rannpháirtí in aghaidh na bliana an sprioc a bhí ann ag an tús; tá níos mó ná sin ann cheana féin. Léiríonn sé sin go bhfuil gá le seirbhís den tsórt sin sa cheantar.

D’fhreastail an Grúpa Comhairleach Óige nuabhunaithe ar an tseoladh náisiúnta mar aon le beirt bhall foirne de chuid ASPIRE; bhain siad sult as an oíche a bhí acu i mBaile Átha Cliath agus chuaigh siad ar thuras go Glas Naíon.

I láthair ag seoladh ASPIRE Inis Eoghain bhí gníomhaireachtaí gairmiúla éagsúla, Comhairleoirí Contae, Príomhoidí, múinteoirí, Oifigigh Críochnaithe Scolaíochta, grúpaí óige, tuismitheoirí, Oifigeach Forbartha Óige, baill foirne agus lucht bainistíochta ETB Dhún na nGall, chomh maith le baill foirne agus lucht bainistíochta DYS.

Group of young people.
Rannpháirtithe agus baill foirne Aspire Inis Eoghain.

Ghlac triúr den Ghrúpa Comhairleach Óige príomhról mar MC sna himeachtaí. Labhair Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall faoi cé chomh buíoch agus atá ETB Dhún na nGall as an dóigh ar éirigh leo líne mhaoinithe a mhealladh chuig an chontae ón RLCMLÓ. Bhí an Phróifíl Cheantair agus an Measúnú Riachtanas a rinne ETB Dhún na nGall riachtanach chun an maoiniú UBU – D’Áit, Do Spás a fháil.

Thug Lorraine Thompson, Stiúrthóir Réigiúnach DYS, léargas ginearálta ar an Tionscadal ASPIRE agus ar a bhfuil bainte amach aige go dtí seo. Tá súil ag an bheirt chainteoirí go mbeidh airgead breise ag teacht go Dún na nGall mar go bhfuil géarghá le seirbhísí óige d’ardchaighdeán mar atá ASPIRE Inis Eoghain i gceantair thuaithe eile sa chontae.

Taispeánadh dhá fhíseán; bhí an chéad cheann dírithe ar eispéireas na ndaoine óga agus iad ag glacadh páirte in ASPIRE Inis Eoghain, seoladh oifigiúil an Aire a bhí i gceist sa dara ceann.

Group of young people with instruments and adults.
Daoine óga ó Chlub Óige Scoil Cheoil Ceolan le baill foirne ó Sheirbhís Óige Dhún na nGall agus ó ETB Dhún na nGall.

Chuir Club Óige Scoil Cheoil Ceolan siamsaíocht ar fáil don tslua le foinn bhinne thraidisiúnta agus gabhann muid buíochas leo as a gcuid siamsaíochta agus as a ndea-ghiúmar. Buíochas fosta don óstán agus don fhoireann as a gcúram de na mionsonraí, as an bhia agus as an tseirbhís. Buíochas le Yvonne, ball foirne de chuid ASPIRE as a cuid oibre crua ag ullmhú don ócáid in éineacht leis an Ghrúpa Comhairleach Óige. Mar fhocal scoir, ba mhaith le DYS aitheantas a thabhairt do gach duine a tháinig isteach chun tacú leis an tseoladh.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an dóigh ar féidir leat a bheith páirteach in ASPIRE Inis Eoghain nó le seirbhís ar bith eile de chuid DYS, déan teagmháil le Seirbhís Óige Dhún na nGall ar 074 9129630, trí ríomhphost a sheoladh chuig Yvonne.tilley@donegalyouthservice.ie nó breathnaigh ar ár suíomh gréasáin ag www.donegalyouthservice.ie.

Preaseisiúint ó Sheirbhís Óige Dhún na nGall