Ráiteas ó Choláiste na Maoile Rua agus ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) mar Fhreagairt ar an Tragóid Uafásach ar an Chraoslach

Tá daltaí, foireann, Bord Bainistíochta agus tuismitheoirí Choláiste na Maoile Rua suaite go mór mar gheall ar an tragóid a tharla Dé hAoine ar an Chraoslach. Is oth linn a rá go raibh beirt dár gcuid daltaí, James Monaghan agus Leona Harper, agus beirt mháithreacha daltaí atá rollaithe inár scoil, Catherine O Donnell agus Martina Martin, i measc na ndaoine a maraíodh.  Gortaíodh roinnt daltaí dár gcuid ar an láthair fosta. Déanann muid comhbhrón ó chroí leis na teaghlaigh a chaill duine muinteartha go tragóideach de bharr na tragóide Dé hAoine ar an Chraoslach. Tá súil againn go dtiocfaidh achan duine a gortaíodh chucu féin.

Nuair a fuair Coláiste na Maoile Rua amach faoin tragóid, cuireadh Plean Teagmhais Chriticiúil an Choláiste i bhfeidhm. Tá Foireann Tacaíochta Daltaí, an Fhoireann Teagmhais Chriticiúil, lucht bainistíochta agus baill foirne Choláiste na Maoile Rua ag tacú le daltaí, le tuismitheoirí agus le baill foirne ag an am seo, am atá thar a bheith deacair. Tá síceolaithe ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais agus ó ETB Dhún na nGall i ndiaidh comhairle agus treoir a chur ar fáil lena chinntiú go bhfuil folláine na ndaltaí agus na dteaghlach mar mhórthosaíocht dúinn go léir.

Dúirt Fiona Temple, Príomhoide na Scoile, “Tá muid, mar phobal scoile, croíbhriste mar gheall ar an tragóid agus an dóigh ar chaill muid beirt dár ndaltaí galánta agus beirt dár dtuismitheoirí áille. Tá muid ag smaoineamh ar na teaghlaigh agus ar phobal an Chraoslaigh agus ag guí ar a son ag an am seo. Níl mothú ar bith ionainn mar gheall ar an bhrón ollmhór ach oibreoidh muid lena chéile le tacú le gach ball dár bpobal scoile sna laethanta, sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Folláine agus leas na ndaltaí agus a dteaghlach an tosaíocht atá againn, mar lucht bainistíochta agus foireann na scoile, ag an am tragóideach seo. Cuireann muid ár mbeannacht chucu siúd go léir a gortaíodh lena n-áirítear roinnt daltaí dár gcuid.”

Dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, “Ba mhaith liom moladh mór a thabhairt do na seirbhísí éigeandála agus sláinte, do lucht bainistíochta agus d’fhoireann na scoile agus do na síceolaithe oideachais as an dóigh ar thug siad aghaidh ar an teagmhas chriticiúil sin. Déanann muid comhbhrón leis na teaghlaigh go léir agus tá súil againn go dtiocfaidh gach duine a gortaíodh sa timpiste chucu féin go gasta. Níl sé ar bhealach ar bith éasca labhairt faoin tragóid sin, níl focla ann i ndáiríre.”

Beidh Coláiste na Maoile Rua oscailte Dé Domhnaigh, 9 Deireadh Fómhair ó 3.00-4.00pm le cur ar chumas daltaí, tuismitheoirí agus baill foirne cuairt a thabhairt ar a chéile agus tacú lena chéile. Osclófar an scoil mar is gnách Dé Luain agus beidh go leor tacaíochtaí ar fáil chun tacú le daltaí, le baill foirne agus le tuismitheoirí.

Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha dílse.

Donegal ETB and Mulroy College logos