‘Comhdháil faoin Iarthuaisceart Chliste’ á hóstáil ag OT an Atlantaigh le hacmhainneacht réigiún an Iarthuaiscirt a fhiosrú

Group of people.
An Dr Catherine O’Mullan, Stiúrthóir Curaclaim agus Caighdeán Acadúil ag NWRC; Paul Hannigan, Ceann an Choláiste, OTA Dhún na nGall; An Dr Orla Flynn, Uachtarán, OTA; Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, ETB Dhún na nGall agus An tOllamh Paul Bartholomew, Leas-Seansailéir, Ollscoil Uladh ag an Chomhdháil faoin Iarthuaisceart Chliste arna heagrú ag Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (Ollscoil Uladh, OTA, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus ETB Dhún na nGall).

D’óstáil Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh comhdháil Dé hAoine, 7 Deireadh Fómhair, le hacmhainneacht eacnamaíoch agus sóisialta réigiún an Iarthuaiscirt a fhiosrú i dtéarmaí oideachais agus fostaíochta; thug réimse aoichainteoirí roinnt léargas faoin téama ag an ócáid.

Labhair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tUasal Simon Harris TD, ag an chomhdháil agus rinne sé cur síos ar thiomantas an Rialtais maidir le tacú le comhoibriú oideachais ar bhonn uile-oileáin.

Príomhchainteoir, eacnamaí, údar, craoltóir, David McWilliams.

D’fhreastail os cionn 150 aoi ar an ócáid agus roinn an t-eacnamaí, David Mc Williams, a chuid tuairimí faoin dea-chleachtas le geilleagar atá ag fás a dhéanamh den réigiún.

Image of person.
Cathaoirleach na Comhdhála, Tommie Gorman (iarEagarthóir an Tuaiscirt le RTÉ).

Bhí iarEagarthóir an Tuaiscirt le RTÉ, Tommie Gorman, mar óstach ar an chomhdháil a scrúdaigh an ghníomhaíocht trasteorann atá ar siúl sa réigiún agus a leag béim ar phleananna do chomhoibriú amach anseo ó thaobh fostaíochta agus oideachais de, le comhpháirtithe ag obair i gcomhar lena chéile chun ceannaireacht agus deiseanna a thabhairt agus chun forbairt a dhéanamh ar phíblíne tallainne don réigiún agus níos faide i gcéin.

D’eagraigh Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (NWTEC) an chomhdháil. Tá na ceithre Institiúid Oideachais is mó sa réigiún mar pháirt den bhraisle sin, lena n-áirítear Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), Ollscoil Uladh (UU) agus Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (NWRC). Bunaíodh an bhraisle chun fíorathrú dearfach a bhaint amach sa réigiún trí thacú le rathúnas eacnamaíoch feabhsaithe agus le sochair shóisialta don réigiún trí oideachas agus fostaíocht. In 2019 agus in 2020 fuarthas maoiniú don tionscnamh sin tríd an Údarás um Ardoideachas (ÚAO), go sonrach sruth maoinithe chun tacú le cúrsaí ardoideachais a athstruchtúrú.

Ag labhairt di faoin chomhdháil, dúirt Uachtarán OTA, an Dr Orla Flynn, agus í ag tagairt don lucht saothair oilte, don tallann atá ar fáil, don nascacht agus don chaighdeán saoil sa réigiún: “Is tionscadal é seo a bhfuil tábhacht mhór straitéiseach ag baint leis don Iarthuaisceart agus tá áthas ar OTA a bheith mar chomhpháirtí ann. In éineacht le ETB Dhún na nGall, Ollscoil Uladh agus Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, ba mhaith linn áit tharraingteach a dhéanamh de réigiún an Iarthuaiscirt chun staidéar agus obair a dhéanamh ann agus beidh ról ríthábhachtach ag an bhraisle seo le príomhpháirtithe leasmhara eile lena chinntiú go leanfaidh muid orainn ag forbairt an réigiúin do gach duine.”

Dúirt Leas-Seansailéir agus Uachtarán Ollscoil Uladh, an tOllamh Paul Bartholomew, “Ó cuireadh ár mbraisle breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn foirmiúil in 2018, lean comhoibriú idir na hinstitiúidí comhpháirtíochta ar an dá thaobh den teorainn ag cur deiseanna i láthair chun ár bhfís agus ár gcuspóirí comhroinnte don réigiún agus níos faide i gcéin a bhaint amach. Trí rochtain ar oideachas agus oiliúint threasach a fheabhsú do mhic léinn atá ina gcónaí agus ag staidéar i Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt, déanann na croí-earnálacha fáis sin a léirítear sa mhéid a chuireann Ollscoil Uladh le Margadh Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin eolas don chomhpháirtíocht.

Trí chonairí forásacha mac léinn a chur ar fáil a léiríonn gairmeacha reatha agus amach anseo in earnálacha éagsúla, amhail nuálaíocht cúraim sláinte, intleacht shaorga, tionscal 4.0 agus eolaíocht sonraí, tá Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt breá ábalta tacú le mianta gairme na mac léinn agus le huaillmhianta fáis an réigiúin.”

Cainteanna ó cheannairí in earnáil na tionsclaíochta agus san earnáil oideachais a chuir clabhsúr leis an chomhdháil; rinneadh plé ar na fáthanna a bhfuil an tIarthuaisceart chomh tarraingteach sin mar réigiún.

Preasráiteas ó Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall

Ceannairí ó earnáil na tionsclaíochta: Darragh McCarthy, POF agus Bunaitheoir FinTrU; Larissa Feeney, POF, Accountant Online; John Healy, Leas-Uachtarán agus Stiúrthóir Bainistíochta, Allstate Northern Ireland agus Padraig Monaghan, Stiúrthóir Bainistíochta, Optum Ireland & UK.
Ciaran O’Brien, Stiúrthóir FET, ETB Dhún na nGall; Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, ETB Dhún na nGall; Tommie Gorman, cathaoirleach na comhdhála; An Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna, ETB Dhún na nGall.