Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar siúl 23-24 Samhain

Poster about Fiar - text on a green background.

Beidh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar siúl ón 23-24 Samhain san Óstán Radisson Blu, Leitir Ceanainn.

Díríonn an tAonach ar sholáthar cuimsitheach FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae agus beidh lúcháir ar dhaoine é a fheiceáil beo arís den chéad uair le trí bliana. Mheall an tAonach tuairim is míle duine, idir óg agus aosta, gach bliain roimh an phaindéim.

Tá an seisiún a bheas ar siúl Dé Céadaoin, 23 Samhain, ón 7.00-9.00i.n., dírithe ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí, treoirchomhairleoirí scoile agus Príomhoidí. Tá níos mó fágálaithe scoile ag dul le FET mar a gcéad rogha anois agus tabharfaidh foireann FET an ETB achoimre ar an réimse roghanna atá ar fáil ar fud an chontae, lena n-áirítear cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC), cúrsaí oiliúna i sainscileanna, cúrsaí oiliúna agus printíseachtaí agus míneoidh siad go soiléir na buntáistí a bhaineann le FET d’fhágálaithe scoile.

Agus é ag caint faoin seisiún tráthnóna a bheas ar siúl ar an 23 Samhain, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá sé tábhachtach go smaoiníonn daltaí agus tuismitheoirí ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) mar rogha a d’fhéadfadh siad a ghlacadh le dul chun cinn a dhéanamh.  Tá ardmheas ag fostóirí ar chéimithe ó phrintíseachtaí, ó chúrsaí FET agus ó chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna) maidir lena gcumas i réimsí ar nós obair foirne, feasacht tráchtála agus scileanna fiontraíochta.  Ag croílár ár soláthair FET tá lear mór deiseanna foghlama ar fáil.”

Ina theannta sin tá seisiún na Céadaoine dírithe orthu siúd atá ag obair faoi láthair agus ag iarraidh cur lena gcuid scileanna. Tabharfar eolas do dhaoine faoi dheiseanna oiliúna atá saor in aisce nó fóirdheonaithe agus atá á reáchtáil ar bhonn páirtaimseartha ó Leibhéil 4-6. Lena chois sin tabharfar eolas dhaoine faoi na deiseanna atá ar fáil d’oibrithe nach bhfuil mórán scileanna acu, daoine nach mbeadh an muinín acu dul i ngleic le hathruithe san ionad oibre dá mba rud é nár ghlac siad faoi chúrsa oiliúna. Leagfar béim ar dheiseanna Aitheantais Réamhfhoghlama fosta.

Déardaoin, 24 Samhain ó 10.00r.n.-2.00i.n, beidh an tAonach oscailte dóibh siúd ar mian leo eolas a fháil faoin réimse leathan deiseanna lánaimseartha agus páirtaimseartha atá ar fáil ó Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall. Beidh teagascóirí agus comhairleoirí ar fáil le labhairt faoin réimse leathan deiseanna atá ar fáil leis an ETB agus beidh rannpháirtithe ábalta labhairt le mic léinn reatha le fáil amach cad go díreach atá i gceist le cúrsa FET ETB Dhún na nGall.

Agus é ag caint faoin Aonach, dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “Cuireann ár seirbhís réimse cuimsitheach deiseanna ar fáil a bhfuil cáilíochtaí ag baint leo lena n-áirítear QQI, City & Guilds agus teastasú dírithe ar thionscal ar leith a ligeann do mhic léinn a gcéad chéim eile a roghnú. Ba chóir do dhaoine an deis a thapú ar an 23 agus ar an 24 Samhain le fáil amach cad é mar is féidir leis an tSeirbhís FET cuidiú leo dul níos faide maidir lena gcuid scileanna a fhorbairt tríd an réimse leathan roghanna seo atá ar fáil go háitiúil.”

In 2021, chríochnaigh beagnach 7,000 mac léinn FET cúrsaí i níos mó ná 120 ionad, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é, ag tairiscint deiseanna le dul faoi athoiliúint, uas-sciliú a dhéanamh, taithí oibre ar an láthair oibre a fháil agus dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas. Tá roinnt mhaith cúrsaí maoinithe ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU.

Le breis eolais a fháil, déan teagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall ar 074 9178088 nó seol ríomhphost chuig adultguidance@donegaletb.ie agus coinnigh súil ar láithreán gréasáin ETB Dhún na nGall agus ar a chuid cuntas meán sóisialta (Facebook, Instagram, Twitter agus LinkedIn) leis an eolas is déanaí a fháil.

Poster about Fiar - text on a green background.