Áit bainte amach i dTaispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta BT 2023 ag Dhá Thionscadal Déag ó scoileanna de chuid ETB Dhún na nGall

BTYSE 2023 logo

Tá áit bainte amach sa 59ú Taispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta ag dhá thionscadal déag de chuid scoileanna ETB Dhún na nGall. Beidh an ócáid ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath ón 11-14 Eanáir, 2023. Tá sé mar aidhm ag an Taispeántas daoine óga a spreagadh ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na deiseanna is féidir le gairm i réimse a bhaineann le ETIM a thairiscint.

Tagann an t-aon tionscadal déag ó dhá scoil, Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall, Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn agus Coláiste Pobail Bhun an Phobail. Tá áit bainte amach ag cúig iontráil is fiche ó Chontae Dhún na nGall. Is iad na tionscadail a bhfuil áit bainte amach acu ná:

Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall (1-5 iontrálacha aonair; 6 iontráil ghrúpa)

  1. Nanacháithníní silice a úsáid le cumhdaigh dromchla frithmhiocróbacha féinchothabhálacha a chruthú (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
  2. Tacaíocht Imtharraingthe Cúl-Aeir – BAGS (Teicneolaíocht)
  3. Athrú Séasúrach i ngníomhaíocht fhrithmhiocróbach feamainneacha dúchasacha na hÉireann (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
  4. Na féidearthachtaí agus an bhrabúsacht a bhaineann le Dún na Gall a cheangal le gréasán iarnróid na hÉireann le freastal ar riachtanais shóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta (Eolaíochta Sóisialta agus Iompraíochta)
  5. Cén dath atá ar phí? Anailís ar phatrún i léiriú amhairc seicheamh uimhreacha ag úsáid dathanna atá feicthe ag daoine a bhfuil synesthesia orthu (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
  6. Imscrúdú ar na hoibreáin bhaile is éifeachtaí maidir le múscán fungasach a sheachaint ar thorthaí (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)

Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn (1 iontráil aonair; 2-5 iontrálacha grúpa)

  1. “Le dó nó gan a dó” – Forbairt retardant dóiteáin éiceabhách chun caipeadh tinte fiáine a rialú (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
  2. Fiosrú ar cumas atá ag plandaí éagsúla cosc a chur ar chreimeadh uisce (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
  3. Fiosrú ar éifeacht lus an phiobair ar luas freagartha i ndéagóirí (Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
  4. An bhfuil díritheoirí gruaige ag déanamh do ghruaig níos laige? (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
  5. An bhfuil tionchar ag arduithe costas breosla ar an chinneadh fuinneamh inathnuaite a úsáid sa teach (Eolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta)

Coláiste Pobail Bhun an Phobail (Iontráil Aonair)

  1. Ní mar a chéile aon dá phróitéin. (Na hEolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha & Matamaiticiúla)

Is féidir liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil áit bainte amach acu sa Taispeántas a fheiceáil anseo.

 

BTYSE 2023 logo