Eagraí Litearthachta Aosaigh Úr Ceaptha i nDeisceart Dhún na nGall

Image of person.
Image of person.
Eagraí Litearthachta Aosaigh ETB Dhún na nGall úrcheaptha i nDeisceart Dhún na nGall, Trisha Walsh Gillespie.

Tá Eagraí Litearthachta Aosaigh úr, Patricia Walsh Gillespie, ceaptha i nDeisceart Dhún na nGall ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Tá Patricia ag dul isteach i bhfoireann de chúigear Eagraithe Litearthachta Aosaigh (ELAnna) ar fud an chontae sa tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna, ag cur teagasc ar fáil d’aosaigh maidir le litearthacht, uimhearthacht, scileanna digiteacha, foghlaim teaghlaigh agus Béarla do Chainteoirí Teanga Eile (BCTE).

Is as Tír Eoghain ó dhúchas í Trisha agus chuaigh sí isteach in ETB Dhún na nGall sa bhliain 2006 mar theagascóir deonach. Ó shin d’oibir sí mar theagascóir don chlár Foghlaim don Saol ag teagasc Mata agus TF. D’oibir sí i roinnt clár fosta ag seachadadh réimse leathan cúrsaí ag leibhéil éagsúla QQI ar fud an chontae. Tá BA (Onóracha) sna Dána aici ó DCU agus Dioplóma sa Teagasc & Foghlaim (JEB) ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Dún na nGall). Le blianta beaga anuas tá sí ag tacú le mic léinn agus le teagascóirí sa Mhol Dhigiteach le cur lena gcuid scileanna agus muiníne ionas go dtig leo dul i ngleic le teicneolaíocht dhigiteach agus í a úsáid.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr, dúirt Trisha, “Tá lúcháir orm tosú i mo ról úr mar Eagraí Litearthachta Aosaigh don cheantar Deisceart Dhún na nGall. I ndiaidh dom oibriú sa chlár Foghlaim don Saol le níos mó ná 16 bliana, tuigim an tábhacht a bhaineann le timpeallacht foghlama ionchuimsitheach, shábháilte, thacúil agus fháilteach a chur ar fáil do mhic léinn laistigh dá bpobail áitiúla. Tá mé ag súil le bheith ag obair le foireann dhinimiciúil a bhfuil sé mar mhisean acu tacú le mic léinn agus iad a chumasú ar a dturas foghlama.”

Agus é ag tréaslú le Trisha as a ceapachán, dúirt Oifigeach Oideachais Aosaigh ETB Dhún na nGall, Aidan McCloskey, “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh Trisha ina ról úr le ETB Dhún na nGall. Tá neart taithí aici cheana mar go bhfuil sí ina ball foirne den tSeirbhís FET i nDeisceart Dhún na nGall. Tá Trisha ag cur tús lena ról úr ag am gnóthach agus spreagúil sa mhéid is go bhfuil ETB Dhún na nGall ag freagairt ar an éileamh ar litearthacht, ar litearthacht dhigiteach agus ar Bhéarla do Chainteoirí Teangacha Eile (BCTE).”

Chuir Trisha tús lena post ar an 1 Samhain agus beidh sí lonnaithe in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Baile Dhún na nGall (Drumcliff). Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag an ionad ach scairt a chur ar 074 9140181 nó trí ríomhphost a chur chuig patriciawalshgillespie@donegaletb.ie.