Saotharlann Úr ETIM agus Códúcháin Seolta ag Coláiste an Eargail

Group of people cutting a ribbon.
Group of people cutting a ribbon.
Ag gearradh an ribín ar shaotharlann úr ETIM Choláiste an Eargail (ó chlé): David McHale (Múinteoir Códúcháin agus Comhordaitheoir Foghlama Digití, Coláiste an Eargail), An Dr Martin Gormley (Stiúrthóir Scoileanna, ETB Dhún na nGall), Nodlaig Brolly (Ceanasaí Cumarsáide, Rannpháirtíochta agus Oideachais, Optum), Padraig Monaghan (Stiúrthóir Bainistíochta, Optum Éireann & RA), Danny McFadden (Príomhoide, Coláiste an Eargail), Tara McGuire (Oifigeach Earcaíochta Cúrsaí FET, ETB Dhún na nGall), An Clr Donal Coyle (Cathaoirleach, Bord Bainistíochta, Coláiste an Eargail) agus Deirdre Markham (Príomhoide Tánaisteach, Coláiste an Eargail).

Tá saotharlann nuálach Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) agus códúcháin oscailte ag Coláiste an Eargail, atá urraithe ag Optum Ireland and UK.

Chuir comhpháirtíocht cúig bliana le Optum ar chumas na scoile saotharlann shaincheaptha a chruthú laistigh de sheomra ranga ríomhaireachta atá ann cheana féin, rud a chuirfidh ETIM agus códúcháin chun cinn níos mó, go háirithe i measc iníonacha léinn.

Tháinig an smaoineamh don tsaotharlann ón mhúinteoir Códúcháin, Tíreolaíochta agus Béarla, David McHale a bhí, i gcomhar le roinn Códúcháin agus Ríomheolaíochta na scoile, ag obair le SG Education le spás a dhearadh le haghaidh ‘foghlaim ó thaithí’ leis na huirlisí uilig atá de dhíth do dhaltaí le bheith cruthaitheach.  Tá soláthairtí an tseomra curtha ar fáil ag SG Education agus tá Leo Scarff Design freagrach as an leagan amach. Baineann an seomra an úsáid is fearr agus is féidir as an spás atá ar fáil agus cruthaíonn sé timpeallacht foghlama agus cruthaitheachta atá sábháilte, éasca agus comhroinnte, rud a ligfidh do dhaltaí fás agus forbairt.

Agus é ag labhairt faoin fhorbairt iontach sin, dúirt Danny McFadden, Príomhoide na scoile, ar scoil de chuid ETB Dhún na nGall í, “Tabharfaidh an tsaotharlann seo deis do dhaltaí a gcuid smaointe féin a chruthú agus spraoi a bheith acu agus iad ag foghlaim scileanna úra, le béim ar leith ar an eispéireas ETIM a dhéanamh tarraingteach agus idirghníomhach. Ligfidh an tsaotharlann do mhic léinn oibriú ina n-aonar agus le chéile le bheith cruthaitheach agus scileanna réitigh fadhbanna a úsáid agus rachaidh sé chun tairbhe dóibh ina ranganna eile trína gcruthaitheacht agus a lán scileanna eile a fheabhsú.”

Person speaking.
Príomhoide Choláiste an Eargail, Danny McFadden, ag caint ag oscailt Shaotharlann úr ETIM na scoile.

Lean sé air, “Ceann de na spriocanna atá againn ná ábhair agus gairmeacha ETIM a chur chun cinn go gníomhach le béim ar leith ar iníonacha léinn. Is léir ón taighde, má leanann cailíní de bheith rannpháirteach sa ríomheolaíocht agus suim a bheith acu inti i dtreo chéimeanna deiridh a gcuid iar-bhunscolaíochta, gur mó an seans go dtabharfaidh siad faoi chúrsaí coláiste san ábhar: tá sé de fhreagracht orainn an chéad ghlúin eile ban a spreagadh agus cailíní a spreagadh le bheith rathúil sna réimsí ETIM go luath sa phróiseas oideachais.”

Tá Coláiste an Eargail ar thús cadhnaíochta san athrú curaclaim sa mhéid is go bhfuil gach scoláire sóisearach ag déanamh staidéir ar chódú agus d’éirigh linn Ríomheolaíocht a thabhairt isteach go rathúil don Ardteistiméireacht le gairid. Spreagfaidh an tsaotharlann ETIM úr sin nuálaíocht amach anseo, neartóidh sí naisc le hearnáil na tionsclaíochta go háitiúil agus cuirfidh sí conairí chun cinn chuig breisoideachas agus ardoideachas.

Person speaking.
Padraig Monaghan (Stiúrthóir Bainistíochta, Optum Éireann agus RA).

Dúirt Padraig Monaghan, Stiúrthóir Bainistíochta, Optum Ireland and UK, “Tá an-áthas ar Optum Ireland an áis nuálach sin a mhaoiniú, rud a chuirfidh le seachadadh ETIM i gColáiste an Eargail agus sna bunscoileanna atá ceangailte leis. Mar fhostóir áitiúil, is é an aidhm atá againn níos mó rannpháirtíochta i gcúrsaí teicneolaíochta a spreagadh lena chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ag ár ndaoine óga go léir le dul le gairmeacha ETIM sa réigiún agus níos faide ó bhaile. Tá ag éirí linn an cuspóir sin a chun cinn trí thacaíocht a thabhairt don áis úr sin i gColáiste an Eargail.”

Beidh Adam Doherty, iardhalta de chuid Choláiste an Eargail agus

Group of people.
Sa phictiúr ag oscailt shaotharlann úr ETIM Choláiste an Eargail (ó chlé): Nodlaig Brolly (Ceanasaí Cumarsáide, Rannpháirtíochta agus Oideachais, Optum), Thomas Dowling (Ceann Roinn na Ríomhaireachta in OTA, Leitir Ceanainn), Adam Doherty (iarmhac léinn de chuid Choláiste an Eargail agus Scoláire Cúraim Sláinte Optum Éireann ag OTA anois), Danny McFadden (Príomhoide, Coláiste an Eargail), Padraig Monaghan (Stiúrthóir Bainistíochta Optum Éireann agus RA) agus Victoria Wilson (Rannpháirtíocht Scoileanna OTA).

Scoláire Cúram Sláinte Optum Ireland anois, ina ambasadóir don tsaotharlann ETIM. Tá Adam i mbun staidéir ar an ríomhaireacht fheidhmeach faoi láthair in OTA Dhún na nGall agus cuirfidh sé leis na ceardlanna a chuirfear ar fáil san áis úr fosta.

Ag labhairt dó faoin chomhpháirtíocht tionscail sin, dúirtStiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá lúcháir orm go bhfuil Optum tagtha ar bord chun tacú le Coláiste an Eargail sa tionscnamh sin. Cuideoidh an áis sin le daltaí Choláiste na Eargail an t-eolas agus na scileanna atá de dhíth orthu a fhoghlaim lena mbealach a dhéanamh go rathúil trí dhomhan digiteach a bhíonn ag athrú i gcónaí. Cuirfidh torthaí an tionscadail sin ar chumas na scoláirí eochairscileanna digiteacha a bheith acu, scileanna a chuirfidh deiseanna foghlama úra ar fáil dóibh, rud a chinnteoidh go mbainfidh siad gach aon tairbhe as a n-eispéireas oideachais. Tá a fhios agam go bhfuil ár bhfoireann agus ár scoláirí ar bís faoin todhchaí.”

Is féidir a theacht ar an eolas is déanaí faoi úsáid an tseomra ranga úir ar leathanach Facebook Choláiste an Eargail. Beifear ábalta í a fheiceáil ag oíche oscailte na scoile fosta Déardaoin, 24 Samhain ag 5.15i.n.

Group of people seated.
Daltaí ó scoileanna náisiúnta Eileastran agus Woodlands agus aíonna ag oscailt shaotharlann úr ETIM Choláiste an Eargail.
Group of students and staff watching a robot.
Paddy Molloy, múinteoir i gColáiste an Eargail, ag reáchtáil ceardlainne do dhaltaí Scoil Náisiúnta Eileastran mar pháirt d’oscailt shaotharlann ETIM an choláiste.
Group of students in a classroom.
Evan Gorell, múinteoir i gColáiste an Eargail, ag reáchtáil ceardlann chódúcháin do dhaltaí Scoil Náisiúnta Woodlands i saotharlann úr ETIM an choláiste.