Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB Seolta ag ETBI

Five people holding a hashtag.
Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, An Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETBI, An Dr Séamus Conbboy, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, Comhordaitheoir Éitis, Eamonn Ryan agus tuismitheoir, Geoffrey Browne.

Sheol Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB ar fud na tíre ag ócáid Dé Céadaoin, 23rd Samhain in Óstán Chill Uasaille, Bóthar Chill Chuillinn, Cill Uasaille, An Nás, Co. Chill Dara.

Tá scoileanna ETB ina scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha a bhfuil croíluachanna feabhais sna nithe seo a leanas mar bhonn fúthu:  sármhaitheas san oideachas, cúram sláinte, comhionannas, pobal agus meas. ETBI agus an tIonad um Measúnú, Cáilíocht agus Cigireacht ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) a d’fhorbair an Creat Pátrún ar Éiteas agus tacóidh sé le scoileanna ETB i nDún na nGall agus iad ag iarraidh a n-éiteas a fhíorú. Glacfar leis an Chreat i ngach ceann de na cúig Choláiste Pobail déag atá faoi phátrúnacht ETB Dhún na nGall.

An tOllamh Anne Looney, Déan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a thug an eochairchaint ag an ócáid, agus rinne Carl O’Brien, Eagarthóir Oideachais ag an Irish Times modhnóireacht ar dhíospóireacht phainéil ar an téama ‘Éiteas Á Fhíorú’ ina raibh baill foirne, foghlaimeoirí agus tuismitheoirí ón earnáil ETB ar fad páirteach maidir le húsáid phraiticiúil an Chreata Éitis. Bhí Geoffrey Browne, tuismitheoir a bhfuil páistí aige ag scoil de chuid ETB Dhún na nGall, páirteach sa díospóireacht phainéil ag an ócáid.

Agus í ag caint faoin ócáid seolta, dúirt Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall: “Fáiltíonn muid roimh sheoladh Creat Pátrún ar Éiteas an ETBI, rud a athdhearbhaíonn an obair mhór mhaith atá á déanamh inár scoileanna uilig, go háirithe na nuálaíochtaí san fhoghlaim agus sa teagasc, ár gcleachtais ionchuimsitheacha agus an rud is tábhachtaí ár dtiomantas don tsármhaitheas san oideachas agus sa chomhionannas.

“Ina theannta sin cuireann an creat seo bealach struchtúrtha ar fáil dár gcuid scoileanna maidir le machnamh a dhéanamh ar a gcuid cleachtas. Mar sin féin, cuirfidh an Creat ar chumas ár scoileanna réimsí a shainaithint ina bhféadfadh siad a gcroíluachanna a fhíorú ar bhealach níos éifeachtaí. Tá ETB Dhún na nGall agus ETBI iomlán tiomanta do thacú lenár gcuid scoileanna agus iad ag iarraidh an Creat seo a chur i bhfeidhm.

Tá Comhordaitheoir Éitis ceaptha ag ETB Dhún na nGall le tacú le scoileanna ETB ar fud an chontae an Creat a chur i bhfeidhm

Agus é ag caint faoi thionchar an Chreata Éitis, dúirt Comhordaitheoir Éitis ETB Dhún na nGall, Eamonn Ryan, “Toradh deich mbliana de chomhairliúchán, de thaighde cuimsitheach agus de cheapadh polasaí ceannródaíoch. Leagann sé amach den chéad uair cad atá i gceist le scoil ETB. Is lá stairiúil atá ann inniu do phobal na scoileanna ETB.