Gradaim Bronnta ar Dhaichead Printíseach as Dún na nGall

Group of gradates throwing their caps in the air.
Printísigh ETB Dhún na nGall ar bronnadh gradaim orthu: San áireamh sa chéad ró tá foireann ETB Dhún na nGall (ó chlé go deas): Lorraine Murray (Comhairleoir Sinsearach Oiliúna Printíseachta), Colm Richardson (Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna), Claire Lernihan (Comhairleoir Sinsearach Oiliúna Printíseachta), Aidan Guthrie (Oifigeach Cléireachais Printíseachta), Ciaran O’Brien (Stiúrthóir FET), Martin Kenny T.D, Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall), Marian Harkin T.D., Frank Feighan, Aire Stáit sa Roinn Sláinte agus Claire Gillespie (Oifigeach Tacaíochta Printíseachta ETB Dhún na nGall).

Bhí tríocha agus a seacht printíseach as Dún na nGall i measc grúpa de 120 printíseach ceardaíochta ó ocht gclár printíseachta dhéag ar bronnadh gradaim orthu ag an chéad searmanas beo i réigiún an Iarthuaiscirt ón bhliain 2019. Ní raibh 54 printíseach eile as Dún na nGall a bhain cáilíocht amach ó dheireadh 2019 ábalta freastal ar an searmanas mar go raibh siad ag obair nó bhí cúraimí eile orthu.

Bhronn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) a gcuid teastas ar na céimithe ag searmanas bronnta i gCora Droma Rúisc Dé hAoine seo caite, an 18 Samhain.

Bhain na céimithe gradaim amach sna printíseachtaí seo a leanas: Leictreachas, Pluiméireacht, Cearpantóireacht agus Siúinéireacht, Oirtheoir Cothabhála Uathghluaisneach Meicniúil, Déantúsaíocht agus Bailchríochnú Adhmaid, Oibriú Miotail, Cuisniú agus Aerchóiriú, Deisiú Creatlach Feithiclí, Uirliseoireacht, Feistiú Gléasra Tógála, Meicnic Feithiclí Troma, Gearradh Cloch agus Saoirseacht Chloiche, Feistiú Píobán, Córais Slándála Leictreonacha, Meicnic Thalmhaíochta, agus Ionstraimíocht.

Group of people sitting and standing.
Printísigh as Dún na nGall a raibh athair s’acu ina bhfostóir printíseachta sa ró tosaigh (ó chlé go deas): Cormac Ward ó Cormac Ward Car Sales, fostóir agus athair Finnian Ward; Paul McBrearty ó Paul McBrearty Plumbing, fostóir agus athair Oisin McBrearty agus Samuel Rankin ó S&S Rankin Ltd, fostóir agus athair Adam Rankin. Sa ró deiridh tá baill foirne de chuid ETB Dhún na nGall (ó chlé go deas): Lorraine Murray (Comhairleoir Sinsearach Oiliúna Printíseachta), Colm Richardson (Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna), Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach), Ciaran O’Brien (Stiúrthóir FET) agus Claire Lernihan (Comhairleoir Sinsearach Oiliúna Printíseachta).

I measc na bprintíseach as Dún na nGall a bhí ann bhí triúr a raibh athair s’acu ina bhfostóir printíseachta: Cormac Ward ó Cormac Ward Car Sales, fostóir agus athair Finnian Ward; Paul McBrearty ó Paul McBrearty Plumbing, fostóir agus athair Oisin McBrearty agus Samuel Rankin ó S&S Rankin Ltd, fostóir agus athair Adam Rankin.

Agus é ag bronnadh na ngradam, dúirt Frank Feighan TD, an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí: “De bharr go bhfuil an córas printíseachta tiomanta ag earnáil na tionsclaíochta cuireann sé bealach ar fáil d’fhostóirí leis na heispéiris agus na cáilíochtaí atá de dhíth ar a dtionscal a mhúnlú. Tá sé níos fusa do gach fostóir comhoibriú le printíseachtaí anois mar gheall ar na tionscnaimh atá leagtha amach i bplean gníomhaíochta an Rialtais.  Diaidh ar ndiaidh, tacóidh sé sin leis an fhoghlaimeoir atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh trí chonair inmharthana a éascaíonn foghlaim ar an láthair oibre fad is go gcoinnítear foinse ioncaim. Ba mhaith liom tréaslú leis na printísigh a ghlac an chéad chéim sin ar an turas printíseachta.”

Agus é ag caint ag an ócáid, dúirt Príomhfheidhmeannach MSLETB Tom Grady, “Is iomaí dúshlán a bhí i gceist le linn na paindéime do phrintísigh agus dá gcuid fostóirí. Mar sin féin, tá muid ag an searmanas bronnta seo inniu mar gheall ar an teacht aniar agus an fonn a bhí orainn uilig dul chun cinn a dhéanamh.

“Tá ról lárnach ag printíseachtaí i rathúnas réigiún an iarthuaiscirt agus na tíre. Foghlaimíonn printísigh an t-eolas, na scileanna agus an saineolas atá de dhíth ar earnáil na tionsclaíochta agus is conair iad chuig gairm iontach, agus ba chóir dár gcéimithe atá anseo inniu a bheith thar a bheith bródúil as an rogha atá déanta acu.”

Cuirtear printíseachtaí ar fáil trí mheascán d’oiliúint ar an láthair oibre agus lasmuigh den láthair oibre, rud a ligeann do phrintísigh airgead a thuilleamh agus iad ag foghlaim agus cáilíocht a bhaint amach atá aitheanta go hidirnáisiúnta. In 2022 d’úsáid thar 8,400 fostóir ar fud na hÉireann printíseachtaí le tacú lena gcuid gnólachtaí agus iad a fhás, agus tá 24,000 printíseach ag críochnú a gcuid oiliúna faoi láthair.

Agus í ag tréaslú leis na printíseachtaí ar bronnadh gradaim orthu, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, “Tá sé go hiontach an oiread sin céimithe a fheiceáil inniu agus gradam bronnta orthu a bhfuil an-tóir air. Guím gach rath orthu ina gcuid gairmeacha amach anseo.”

D’aithin Gradaim Náisiúnta Printíseachta 2022 printísigh ó ETB Dhún na nGall agus ó MSLETB fosta a bhí rannpháirteach in WorldSkills.

Le breis eolais a fháil faoi na cláir phrintíseachta atá ar fáil, le bheith i d’fhostóir faofa nó le clárú mar phrintíseach, déan teagmháil le foireann printíseachta ETB Dhún na nGall ar 074 91 20500.