Tuarascáil Bhliantúil 2021 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

3D image of report.
Report cover.
Tuarascáil Bhliantúil 2021 ETB Dhún na nGall.

D’fhoilsigh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Thuarascáil Bhliantúil do 2021 inniu, doiciméad a thugann achoimre ar an réimse leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chuir sé ar fáil i rith na bliana seo a chuaigh thart.

In ainneoin shrianta leanúnacha na paindéime a lean ar aghaidh ar feadh tamaill in 2021, bhain 17,680 mac léinn leas a chuid seirbhísí sna réimsí seo a leanas: iar-bhunscolaíocht, Breisoideachas agus Oiliúint (FET), oideachas agus oiliúint allamuigh agus oideachas ceoil.

Tá cúig déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche i gCo. Dhún na nGall á mbainistiú go díreach ag ETB Dhún na nGall; bhí 5,258 dalta ag freastal orthu in 2021. Is comhpháirtí iontaobhaí é fosta an ETB d’ocht bPobalscoil agus scoil Chuimsitheacha eile sa chontae.

Thacaigh a réimse leathan de chúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) le 7,140 mac léinn i réimse leathan roghanna oideachais agus oiliúna i rith na bliana. Ina theannta sin rinne 4,291 mac léinn cúrsaí ag a ionad oideachais agus oiliúna allamuigh i nGartán agus d’fhreastail 991 ar ranganna ceoil lena sheirbhís ceoil, Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall.

Déanann an ETB a chuid seirbhísí a thomhas trasna trí réimse eochairthosaíochta – teagasc agus foghlaim; eagraíocht fhorásach, chuntasach agus ag oibriú le comhpháirtithe; tugtar achoimre ar na heochairthosaíochtaí sin ina Ráiteas Straitéise, ‘Lean ar Aghaidh’, agus ina Phlean Seirbhíse do 2021. Thacaigh foireann de 1,628 ball foirne lánaimseartha agus páirtaimseartha agus buiséad de €83.5 lena chuid seirbhísí a sheachadadh; ciallaíonn sé sin go bhfuil an ETB ar cheann de na fostóirí is mó sa chontae.

Image of person.
Clr Albert Doherty.

An Clr Albert Doherty a bhí mar Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall in 2021 agus ghabh sé buíochas leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh agus leis an fhoireann a chuidigh agus a thacaigh leis ina ról mar Chathaoirleach i rith na bliana ag rá, “Bliain dhúshlánach a bhí ann i saol an oideachais do bhaill foirne, do mhic léinn, do lucht bainistíochta scoileanna agus do thuismitheoirí na mac léinn inár scoileanna, inár gcoláistí agus inár n-ionaid agus tá moladh mór tuillte acu uilig as a gcuid iarrachtaí.”

Image of Chief Executive Anne McHugh
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Agus í ag caint faoi fhoilsiú na tuarascála, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Am deacair a bhí ann d’ETB Dhún na nGall ag tús na bliana 2021 mar gur druideadh ár gcuid scoileanna agus ionad den dara huair mar gheall ar shrianta COVID. Ba léir gur baineadh tairbhe as na ceachtanna a foghlaimíodh nuair a druideadh na scoileanna in 2020, áfach, sa mhéid is go raibh gach duine i bhfad níos cleachta agus níos muiníní maidir le Cianteagasc Éigeandála. Bhí an fhoireann iomlán tiomanta do leanúint ar aghaidh lenár gcuid seirbhísí agus de réir mar a bhí síneadh sna laethanta, laghdaíodh na srianta le linn mhí an Mhárta agus mhí Aibreáin.

“Tá lúcháir orainn cead a fháil ón Roinn Oideachais lenár dTuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú do 2021. Is mór againn an deis le sárobair ETB Dhún na nGall a roinnt lenár bpáirtithe leasmhara agus le pobail Chontae Dhún na nGall agus níos faide i gcéin. Tá súil againn go mbeidh an tuarascáil spéisiúil agus faisnéiseach agus tá muid ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair leis an tseirbhís oideachais agus oiliúna is fearr agus is féidir a chur ar fáil do mhuintir an chontae.”

Is éard atá i gceist le Bord ETB Dhún na nGall ná dhá ionadaí déag tofa, beirt bhall foirne, beirt tuismitheoirí, dhá ionadaí ó thionscail áitiúla agus trí ionadaí ó chomhlachtaí a bhfuil spéis faoi leith acu san oideachas agus san oiliúint.

Tá an tuarascáil ar fáil ar an suíomh gréasáin anseo.

3D image of report.
Tuarascáil Bhliantúil 2021 ETB Dhún na nGall.