Treoirchomhairleoir Úr d’Aosaigh Ceaptha i nDeisceart Dhún na nGall

Image of Person
Image of Person
 Treoirchomhairleoir d’Aosaigh Úrcheaptha ag ETB Dhún na nGall, Deirdre McLoone..

Tá Treoirchomhairleoir úr d’Aosaigh ceaptha ag ETB Dhún na nGall ina Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i nDeisceart Dhún na nGall.

Tosóidh Deirdre McLoone ina post úr an mhí seo. Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas di Deirdre agus bhain sí céim amach sna Dána agus Teastas Iarchéime san Oideachas in Ollscoil Uladh. I ndiaidh di oibriú mar mhúinteoir Béarla in Ardscoil De La Salle i nDún Pádraig ar feadh deich mbliana, na trí bliana dheireanacha ansin mar Cheann Roinn an Bhéarla, d’fhill sí ar Leitir Ceanainn in 2012 le hoibriú le Tionscadal Lucht Siúil Dhún na nGall, ag tacú le mná agus iad ag filleadh ar an oideachas agus ar an obair.

Ina dhiaidh sin d’oibrigh Deirdre leis an Swilly Group ar feadh ocht mbliana mar Oifigeach Idirchaidrimh Fostaíochta ar chúrsaí oiliúna le ETBanna éagsúla ar fud na tíre, ag tacú le mic léinn maidir le pleanáil gairme, roghanna breise oiliúna agus deiseanna fostaíochta, a fhad is gur fhorbair sí líonra cuimsitheach fostóirí i réimse earnálacha. Le linn an ama sin, chríochnaigh Deirdre a Céim Máistir sa Treoirchomhairleoireacht d’Aosaigh le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr dúirt Deirdre, “Tá sé de phribhléid agam a bheith mar pháirt d’fhoireann Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall. Tá an tSeirbhís sin ar fáil ar fud an chontae agus tá sí iomlán riachtanach, go háirithe i ré seo na héiginnteachta. Is féidir le daoine ag aois ar bith a bheith éiginnte faoin chéad chéim eile maidir lena gcuid oideachais, oiliúna nó spriocanna pearsanta, cé acu an fágálaithe scoile iad nó aosaigh atá ag filleadh ar an oideachas.

“Cuireann foireann na Seirbhíse Treorach agus Eolais d’Aosaigh tacaíocht ar fáil do chliaint/mhic léinn atá rúnda, neamhchlaonta agus dírithe ar an duine, daoine a bhfuil treoir de dhíth orthu maidir leis an chéad chéim eile ar a dturas foghlama ar feadh an tsaoil. Tá mé ag súil go mór leis an éiteas sin a chothú san obair a dhéanfaidh mé thar ceann na foirne, a fhad is go mbeidh mé ag tacú agus ag cumasú cliant maidir lena bpróisis chinnteoireachta.”

Baineann tuairim is 1,500 aosach agus duine óg ar fud an chontae leas as an tseirbhís gach bliain.

Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna ETB Dhún na nGall is ea Deirdre McColgan agus bainistíonn sí an tSeirbhís Treorach agus Eolais fosta; thréaslaigh sí le Deirdre as a ceapachán úr ag rá, “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh Deirdre go ETB Dhún na nGall, agus tá a fhios agam go gcuirfidh sí go mór leis an tSeirbhís Treorach agus Eolais. Tá an-chuid taithí aici ar chúrsaí oideachais, ar chúrsaí oiliúna agus ar obair le réimse leathan cliant; tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Deirdre go Deisceart Dhún na nGall.”

Ba chóir do dhuine ar bith ar mian leis coinne a dhéanamh le bualadh le treoirchomhairleoir d’aosaigh scairt a chur ar 074 9178088 nó ríomhphost a chur chuig adultguidance@donegaletb.ie.