Cumann Foirne ar Scor (CFS) Seolta

Large group of people
An chéad chruinniú de Chumann Foirne ETB Dhún na nGall ar Scor; seoladh an cumann le gairid.

Sheol Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh ár gCumann Foirne ar Scor (RSA) go foirmiúil Dé Céadaoin, 30 Samhain in Óstán Jackson’s, Bealach Féich.

Bhí Coiste Bunaithe, a raibh gach catagóir de bhaill foirne ar scor páirteach ann agus á stiúradh ag ár iarStiúrthóir OSD, Jim McGlynn, thar a bheith gnóitheach le míonna beaga anuas ag obair le baill foirne reatha (an Príomhfheidhmeannach, Anne McHugh, Stiúrthóir Reatha OSD, Andy McGovern, Ceann AD, Eileen Doherty agus Oifigeach Pinsean, Margaret McGeehan) leis an smaoineamh a fhíorú.

Person talking
Iarstiúrthóir OSD, Jim McGlynn.

Tá sé mar aidhm ag an Chumann eolas ginearálta a thabhairt do bhaill mar aon le deiseanna do bhaill foirne atá ar scor agus a gcuid céilí/páirtithe/ball teaghlaigh bualadh le chéile go rialta ar mhaithe le hidirghníomhaíocht shóisialta agus le páirt a ghlacadh in imeachtaí sóisialta, cultúrtha agus oideachais. Níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, cinnteoidh an Cumann go leanfaidh na baill de bheith mar pháirt lárnach de phobal ETB Dhún na nGall.

Coinnigh súil ar ár gcainéil meán sóisialta leis an eolas is déanaí a fháil. (Facebook, Twitter, Instagram agus LinkedIn).

 

Group of people sitting at tables listening to someone talking.
Roinnt ball foirne de chuid ETB Dhún na nGall atá ar scor a d’fhreastail ar an chéad chruinniú den ghrúpa úrbhunaithe.
Person speaking.
Iar-Phríomhfheidhmeannach Seán Ó Longáin, ag caint ag an ócáid.