An Clr Michael McBride Tofa mar Chathaoirleach ETB Dhún na nGall

Image of three peopel standing in front of a Christmas tree.
Image of three peopel standing in front of a Christmas tree.
Cathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Michael McBride (ar dheis) agus Leaschathaoirleach úrthofa, Patsy McVicar (ar chlé) leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh.

Toghadh an Clr Michael McBride mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall maidin inniu. Toghadh Patsy McVicar mar Leaschathaoirleach.

Tá siad ag teacht in ionad an Chathaoirligh, an Clr Barry Sweeny, agus an Leaschathaoirligh, an Clr Martin Harley, atá ag dul as oifig.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é. Mar aon lena Sheirbhís chuimsitheach Breisoideachais agus Oiliúna (FET), tá cúig déag de na seacht n-iar-bhunscoil agus fiche i gCo. Dhún na nGall faoin phátrúnacht ETB Dhún na nGall agus is comhphátrún/iontaobhaí é d’ocht Scoil Phobail agus Chuimsitheacha eile.

Ina theannta sin, cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ag a ionad i nGartán, mar aon le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair ógra.

Agus é ag caint faoi bheith tofa mar Chathaoirleach, dúirt an Clr Michael McBride: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí anseo maidin inniu as mé a thoghadh. Tá mé paiseanta faoi chúrsaí oideachais. Tá an-dúil agam san earnáil oideachais. Beidh seachadadh áiseanna scoile atá oiriúnach don fheidhm mar mhórsprioc dúinn mar choiste in 2023. Caithfidh muid tacú leis na baill foirne agus leis na mic léinn sna scoileanna uilig de chuid an ETB. Tá mé ag súil go mór le hoibriú lenár Seirbhís FET fosta agus iad ag obair le scileanna a fhorbairt atá de dhíth go mór ar fud an chontae agus bheinn go mór i bhfách le comhoibriú leanúnach idir an tSeirbhís FET agus OTA le freastal ar riachtanais earnáil na tionsclaíochta go háitiúil as siocair go rachaidh sé sin go mór chun tairbhe dár bpobail. Tá neart ionad againn a oibríonn le ranganna a sheachadadh ar fud an chontae agus mholfainn don tSeirbhís FET leanúint leis na cúrsaí sin a mhaoiniú agus tacú leo.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí uilig den Choiste Iniúchóireachta agus Riosca agus den Choiste Airgeadais agus tá muid ag súil le hoibriú lena chéile leis na torthaí is fearr agus is féidir linn a bhaint amach in 2023.”

Is éard atá i gceist le Bord ETB Dhún na nGall ná dhá ionadaí déag tofa, beirt bhall foirne, beirt tuismitheoirí, dhá ionadaí ó thionscail áitiúla agus trí ionadaí ó chomhlachtaí a bhfuil spéis faoi leith acu san oideachas agus san oiliúint.

I measc na n-ionadaithe tofa eile tá an Clr Barry Sweeny, Clr Martin Harley, Clr Albert Doherty, an Clr Gary Doherty, an Clr Rena Donaghey, an Clr John O Donnell, an Clr Martin Farren, an Clr Donal Coyle, an Clr Noreen McGarvey, an Clr Noel Jordan agus an Clr John Shéamais Ó Fearraigh.

Déanann Joanne Donaghy agus Barry Molloy ionadaíocht don fhoireann fad is go ndéanann Geoffrey Browne agus Lorraine Doherty ionadaíocht do thuismitheoirí.

Image of Chief Executive Anne McHugh
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Is iad an cúigear ionadaithe eile ná: Lorraine Thompson (Seirbhís d’Ógra Dhún na nGall) ag déanamh ionadaíochta d’Obair d’Ógra Éireann, Patsy McVicar ag déanamh ionadaíochta don Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD), Regina Grant ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm na hÉireann um Míchumas agus ionadaithe ó thionscail áitiúla: Brian McDermott (Cócaire) ag déanamh ionadaíochta d’Institiúid Aíochta na hÉireann agus an tUasal Gerard Grant (Seirbhísí Comhairleoireachta Tata/Tata Consultancy Services) ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC).

Agus í ag caint faoi na ceapacháin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Ba mhaith liom tréaslú leis an Clr Michael McBride agus le Patsy McVicar as a bheith tofa mar Chathaoirleach agus mar Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall. Agus muid ag dul isteach sa dara bliain dár Ráiteas Straitéise tá mé ag súil go mór le hoibriú lenár gCathaoirleach úr agus lenár Leaschathaoirleach úr agus muid ag iarraidh ár spriocanna agus ár gcuspóirí a bhaint amach, rud a dhéanfaidh difear dearfach dár bpobail i nDún na nGall.

 

Image of two people standing in front of a Christmas tree holding a chain of office.
Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, atá ag dul as oifig, an Clr Barry Sweeny, ag tréaslú leis an Chathaoirleach úrthofa, an Clr Michael McBride.