Príomhoide Tánaisteach Úr Ceaptha i gColáiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach

Image of person appointed.
Image of person appointed.
Príomhoide Tánaisteach úrcheaptha Choláiste na Maoile Rua, Amanda Quinn.

Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall a fhógairt gur ceapadh Amanda Quinn sa phost mar Phríomhoide Tánaisteach breise ar Choláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach. Tá Amanda ag dul isteach san fhoireann ardbhainistíochta i gColáiste na Maoile Rua as siocair go bhfuil níos mó ná sé chéad dalta ag freastal ar an scoil sin anois.

Is as Cill Mhic Réanáin ó dhúchas di Amanda agus d’fhreastail sí ar Scoil Náisiúnta Chill Mhic Réanáin agus ar Phobalscoil Loreto i mBaile na nGallóglach. Sular thosaigh sí ina ról úr, d’oibrigh Amanda mar mhúinteoir Fraincise agus Gaeilge i bPobalscoil Chloich Cheannfhaola ar an Fhál Charrach, áit a raibh sí ina ball d’fhoireann meánbhainistíochta na scoile, ag stiúradh cúrsaí teagaisc agus foghlama mar aon le tacú le daltaí agus le tuismitheoirí ina ról mar Cheann Bliana. Bhí ról gníomhach ag Amanda i dtionscnaimh de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) agus bhí sí ina comhairleoir teangacha leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT). D’fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá Céim Máistir aici san Fhoghlaim agus Teagasc ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), nó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) mar a thugtar ar an institiúid sin anois.

Tá Amanda ag dul isteach san fhoireann bainistíochta reatha, foireann ar a bhfuil an Príomhoide Fiona Temple agus an Príomhoide Tánaisteach Seán McFadden cheana féin. Tá siad i gceannas ar fhoireann de níos mó ná ochtó duine i gColáiste na Maoile Rua anois.

Agus í ag caint faoina ceapachán, dúirt Amanda, “Tá mé ag súil go mór le hoibriú agus le tacú le daltaí, le baill foirne, le pobal agus le Bord Bainistíochta Choláiste na Maoile Rua. Tá lúcháir orm a bhtih ag dul isteach i bhfoireann teagaisc agus i bhfoireann bainistíochta atá forásach, atá ag cur oideachas den chéad scoth ar fáil, atá ag freastal ar shainriachtanais na ndaltaí ar bhealach ionchuimsitheach, aisiríoch agus measúil agus atá ag ullmhú na ndaltaí le haghaidh na ndeiseanna uilig a bheidh ar fáil dóibh i ndiaidh a gcuid meánscolaíochta.”

“Tá clú agus cáil ar Choláiste na Maoile Rua mar gheall ar a chuir chuige tréadchúraim agus an tacaíocht láidir a chuireann sé ar fáil do dhaltaí. Scoil thar a bheith comhbhách atá ann. Tá mé breá eolach ar an tacaíocht mhór mhaith atá ar fáil agus is féidir liom a fheiceáil mé féin an dóigh a mbíonn an scoil ag tacú le gach duine fríd cibé dúshláin a bhíonn acu. Tá mé ag súil go mór le bheith mar pháirt den fhoireann sin san am atá le teacht agus leanúint ar aghaidh leis an obair mhór mhaith atá á déanamh ag gach duine sa scoil gach uile lá.”

Agus é ag tréaslú le Amanda ar a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley; “Cuirim fearadh na fáilte roimh Amanda agus í ag dul isteach i bhfoireann shinsearach ceannaireachta agus bainistíochta Choláiste na Maoile Rua. Tá Amanda ag tabhairt léar taithí léi chuig an phost, i ndiaidh di oibriú i ról comhairleach do lucht ardcheannaireachta agus ardbhainistíochta i scoileanna áirithe mar bhall d’fhoireann na Sraithe Sóisearaí do Mhúinteoirí (JCT). Tréaslaím le Amanda as a ceapachán agus guím gach rath uirthi ina ról úr.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an ETB Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh cheapachán Amanda i gColáiste na Maoile Rua. Tá ról lárnach ag ár bPríomhoidí Tánaisteacha laistigh dár scoileanna mar pháirt den fhoireann ardbhainistíochta agus tá a gcuid oibre ríthábhachtach do mhisean ETB Dhún na nGall, a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú le daltaí barr a gcumais a bhaint amach.  Fíoraíonn ár bPríomhoidí Tánaisteacha ár bhfís, ‘foghlaim a athrú ó bhonn, saolta a fheabhsú’ gach lá agus iad ag tacú lenár ndaltaí agus á spreagadh le barr a gcumais a bhaint amach.”

Tá Coláiste na Maoile Rua ar cheann de na cúig iar-bhunscoil déag, as na seacht gcinn is fiche sa chontae, atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa bhliain acadúil roimhe seo 2021-2022, d’fhreastail níos mó ná 5,600 dalta ar iar-bhunscoileanna de chuid ETB Dhún na nGall.

Cuirfidh Amanda tús lena ceapachán an mhí seo.