Ceapacháin Úra Déanta ag ETB Dhún na nGall le Tacú le Daltaí Úcránacha

Image of four people standing side by side.
Comhordaitheoir úrcheaptha REALT Rosaleen Harkin (an dara duine ón taobh clé) agus Oifigeach Tacaíochta Scoileanna maidir le BCTE Lochlainn McCool (ar dheis) le Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley (ar chlé) agus Riarthóir REALT, Liz Potter (an dara duine ón taobh deas).

Tá beirt daoine ceaptha ag ETB Dhún na nGall le gairid mar atá Rosaleen Harkin mar Chomhordaitheoir na Foirne Réigiúnaí Oideachais agus Teanga (REALT) i nDún na nGall agus an tUasal Lochlainn McCool mar Oifigeach Tacaíochta Scoileanna maidir le Béarla do Chainteoirí Teanga Eile (BCTE). Tá Liz Potter ina riarthóir ar an fhoireann REALT agus tacaíonn siad le grúpa comhordaithe an chontae a dhéanann maoirseacht ar an obair seo; déanann ETB Dhún na nGall REALT á óstáil. Tá Rosaleen agus Lochlainn ag teacht in ionad Eamonn Ryan agus Vivienne Doherty a bhí ag feidhmiú sna róil sin anuraidh.

Is é príomhról REALT tógáil ar na struchtúir tacaíochta oideachais reatha sa chontae, agus díriú ar thacú le riachtanais oideachais na bpáistí ón Úcráin atá ag teacht go Dún na nGall agus cuidiú le teaghlaigh áiteanna scoile a aimsiú. Chuige sin oibríonn REALT leis na teaghlaigh, le Príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile agus le pobail le háiteanna scoile a aimsiú, le heolas cuí a thabhairt mar aon le daoine a threorú chuig na tacaíochtaí atá ar fáil ar ar fud an chórais.

Cinntíonn an fhoireann go bhfuil sreafaí eolais soiléire, inrochtana ann idir scoileanna, seirbhísí tacaíochta oideachais áitiúla agus struchtúir tacaíochta náisiúnta maidir le daoine atá ag teacht ón Úcráin go Co. Dhún na nGall.

Is as ceantar an Chraoslaigh í Rosaleen agus bhí róil aici roimhe seo in ETB Dhún na nGall mar  Oifigeach Cosanta Sonraí agus Saorála Faisnéise mar aon le Comhordaitheoir Sláinte agus Sábháilteachta. Mar pháirt de na róil sin, tá líonra suntasach teagmhálacha laistigh de scoileanna forbartha ag Rosaleen.

Agus í ag caint faoina ceapachán dúirt Rosaleen, “Tá mé paiseanta faoin ról seo agus is mian liom difear a dhéanamh i dtéarmaí cuidiú le teaghlaigh Úcránacha lena riachtanais oideachais. Tá a fhios agam ón obair a rinne mé i scoileanna roimhe seo go bhfuil cur chuige ionchuimsitheach ann maidir le hoideachas ar fud Dhún na nGall. Tá mé ag súil go mór le hoibriú leis na gníomhaíochtaí agus leis na páirtithe leasmhara éagsúla uilig.”

Tá Lochalinn McCool ina chónaí i gCúil Dabhcha agus roimhe seo d’oibrigh sé le Cumasóige, clár de chuid ETB Dhún na nGall do luathfhágálaithe scoile (Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET)) i mBun Cranncha agus i nGleann Gad mar Thacadóir ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir le roghanna oideachais agus oiliúna. Mar gheall ar an ról sin tá tuiscint mhaith ag Lochlainn ar chóras oideachais na hÉireann, mar aon le heolas maith ar fhorbairt pobail.

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt Lochlainn, “Tá mé ag súil go mór le dul isteach san fhoireann REALT anseo i nDún na nGall. Is mian liom cur go mór leis an obair agus tá mé ar bís le tionchar ár gcuid iarrachtaí a fheiceáil maidir le cuidiú le páistí Úcránacha socrú isteach sa phobal, trí fhreastal ar scoil. Bhí mise i gcónaí páirteach in obair don phobal agus tá fíorshuim agam sa chineál sin oibre.”

Agus í ag tréaslú le Rosaleen agus le Lochlainn as a gcuid ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh Rosaleen agus roimh Lochlainn chuig ár bhfoireann REALT. Tá léar mór taithí agus scileanna acu beirt a chuirfidh go mór le hobair REALT. Tá mé muiníneach go gcuirfidh Rosaleen agus Lochlainn go mór leis an fhoireann agus go mbeidh siad ábalta tógáil ar an obair atá ar bun acu.  Tá mé ag tnúth le bheith ag obair leo agus iad ag tógáil ar an obair a rinne Eamonn Ryan agus Vivienne Doherty roimhe seo.

Ag tús na bliana bhí 752 dalta Úcránach i mbunscoileanna agus 405 dalta Úcránach in iar-bhunscoileanna ar fud Dhún na nGall.

Tá Rosaleen agus Lochlainn ag tosú ina róil láithreach bonn.