Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar Cuairt chuig Coláiste na Maoile Rua

Four people standing at entrance to a school.
Four people standing at entrance to a school.
Príomhoide Tánaisteach Choláiste na Maoile Rua, Amanda Quinn, Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, Príomhoide Fiona Temple agus Príomhoide Tánaisteach Sean McFadden.

Ba mhór an onóir é do mhic léinn, do bhaill foirne, do Bhord Bainistíochta agus do thuismitheoirí Choláiste na Maoile Rua fáilte a chur roimh an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn Dé hAoine, 10 Feabhra.

Chuir an Príomhoide Fiona Temple fáilte roimh an Uachtarán Ó hUigínn agus threoraigh sí isteach sa scoil é, áit ar chas sé leis an chuid eile den Fhoireann Ardbhainistíochta, an tUasal Sean Mc Fadden agus Amanda Quinn, mar aon le Foireann Ceannaireachta na Mac Léinn Sinsearach.

Labhair an tUachtarán Ó hUigínn le grúpaí mac léinn ó Chomhairle na Mac Léinn agus ón Choiste Scoile Glaise.

Chuir Comhairle na Mac Léinn an tUachtarán ar an eolas faoin obair atá á déanamh acu faoi láthair sa scoil, faoina dtiomantas maidir lena chinntiú go leanfaidh pobal na scoile leis ag dul chun cinn agus faoina n-ábhair imní do dhaoine óga mar gheall ar shrianta Covid agus faoin dóigh a bhfuil níos mó daoine óga in Éirinn ag vápáil anois.

Students give a gift to President.
Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ag caint le Conor Murphy, le Zak McDonald agus le Rory Halpin ón Choiste Scoile Glaise.

Thug an Coiste Scoile Glaise achoimre ar an obair a rinne siad anuraidh maidir le cur chun cinn na Bitheagsúlachta agus an obair atá ar bun acu faoi láthair faoin téama Saoránacht Dhomhanda, Bruscar agus Dramhaíl.

Threoraigh Fiona Temple an tUachtarán Ó hUigínn fríd an scoil ansin, áit ar chuir an Roinn Ealaíne roinnt píosaí ealaíne ó ranganna sinsearacha ar taispeáint; bhí maoir ranga ag feidhmiú mar gharda onóra.

Chuir Fiona Temple fáilte roimh an Uachtarán Ó hUigínn agus í ag caint le gach duine sa phíomh-halla:

“Is onóir ollmhór dúinn é i gColáiste na Maoile Rua fáilte a chur roimh an Uachtarán Ó hUigínn anseo inniu. Is mór an caillteanas agus an crá croí a d’fhulaing muid mar phobal scoile agus leanann muid orainn ag cuimhneamh ar na daoine a chaill muid.

Gabhann muid buíochas leat, a Uachtaráin Uí Uigínn, as a bheith inár measc inniu. Trí chuairt a thabhairt orainn, tá tú ag aithint nach ndearnadh dearmad orainn, nach bhfuil muid linn féin. Is mór an dóchas agus an láidreacht a thug tú dúinn le leanúint orainn ag dul chun cinn. Is lá thar a bheith spreagúil é seo do gach duine inár bpobal agus tá muid an-bhródúil as ár scoil agus as ár mic léinn agus tá muid thar a bheith bródúil fáilte a chur romhatsa chuig Coláiste na Maoile Rua inniu.”

Person (President of Ireland) speaking at a podium.
Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ag caint le mic léinn agus le baill foirne Choláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach.

Agus é ag caint leis na mic léinn, dúirt an tUachtaran Ó hUigínn:

“Ba mhaith liom moladh mór a thabhairt do gach uile dhuine agaibh as an dúthracht, as an misneach, as an diongbháilteacht, as an teacht aniar, as an rúndaingne agus as an láidreacht a léirigh sibh le roinnt míonna anuas. Athraíonn imeachtaí mar sin muid ar bhealaí difriúla. Do roinnt againn anseo inniu, chuir an tragóid cor in bhur gcinniúint ar bhealach iomlán fíor agus follasach. Do dhaoine eile, thiocfadh leis na hathruithe a bheith níos caolchúisí, ach tromchúiseach mar sin féin. Mar sin féin, tá sibh uilig aontaithe in bhur láidreacht agus in bhur n-aontacht, sa teacht aniar a léirigh sibh, agus sa spiorad pobail a bhí thar a bheith soiléir.”

Labhair an tUachtarán le mic léinn fosta faoin bhagairt a bhaineann le hocras domhanda, le slándáil bhia agus faoi na cruinnithe a bhí aige le gairid sa tSeineagáil le ceannairí Afracacha.

Chuaigh an tragóid go mór i bhfeidhm ar roinnt mhaith grúpaí ranga sa scoil; rinne garda onóra ionadaíocht do na grúpaí sin uilig agus threoraigh siad an tUachtarán Ó hUigínn agus é ag cur deireadh lena chuairt.

President and School Principal walk through a student guard of honor.
Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann, le linn a chuairte ar Choláiste na Maoile Rua Dé hAoine; tá garda onóra de mhic léinn agus an Príomhoide, Fiona Temple, á thionlacan agus é ag fágáil na scoile.