Labhraíonn Tommie Gorman ag Seimineár Oideachais Pobail

Image of person speaking at a microphone.
Image of person speaking at a microphone.
Tommie Gorman.

Iareagarthóir an Tuaiscirt le RTÉ, Tommie Gorman, ba ea an t-eochairchainteoir ag Seimineár Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall a reáchtáladh le déanaí. Ócáid bhliantúil atá ann agus déanann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) an ETB í a óstáil.

Bhí sé deas an ócáid a fheiceáil beo arís i ndiaidh di a bheith á reáchtáil ar líne le trí bliana; bhí níos mó ná 100 soláthraí oideachais pobail i láthair agus mic léinn ó gach cearn den chontae.

Tugann an seimineár bliantúil sin deis dóibh siúd atá páirteach i soláthar an Oideachais Pobail, go háirithe iad siúd a úsáideann maoiniú deontais arna riaradh ag Clár Tacaíochta Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall faoina Sheirbhís FET, a theacht le chéile agus plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leo.

Two people at a table of quilts.
Iris Condron agus Anne Campbell ag an Seimineár faoin Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail.

Chuir Clár Tacaíochta Oideachais Pobail an ETB go mór le pobail ar fud an chontae in 2022; tacaíodh le beagnach 511 cúrsa agus bhí thar 3,753 mac léinn páirteach iontu. Bhí formhór an tsoláthair neamhchreidiúnaithe, gearrthéarmach agus páirtaimseartha, lena n-áirítear ealaíona agus ceardaíocht, teangacha, uaschúrsáil troscáin agus faisin, beachaireacht agus garraíodóireacht ach bhí deiseanna ag rannpháirtithe fosta creidiúnú a bhaint amach i réimsí ar nós Garchabhair, Sláinteachas Bia, Léann Idirchultúrachais, Forbairt Áitiúil agus Dhomhanda, Párolla agus Teanga Chomharthaíochta.

Trí thacú le grúpaí oideachas pobail a sheachadadh ina gceantar féin, d’éirigh leis an Chlár cúrsaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil go háitiúil ar chostas íseal agus sa dóigh sin rinneadh freastal ar riachtanais aitheanta an phobail áitiúil.

Four people standing together.
Majella Orr ó Ionad Fiontar Craoibhín, An Tearmann, Ali Farren ó Ionad Pobail Chionn Mhálanna, Susan McAleer agus Anne Meehan ó Ionad Pobail an Chaisleáin Nua ag an Seimineár faoin Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail.

Labhair an t-eochairchainteoir, Iareagarthóir an Tuaiscirt le RTÉ, Tommie Gorman faoi théama an tseimineáir Láidreacht agus Inbhuanaitheacht, ag insint don lucht éisteachta ar tugadh cuireadh dóibh, “Níl sé furast do neart a chruinniú i gcónaí, dul taobh amuigh de crios chompord an duine; ach trí é sin a dhéanamh, tagann muid ar na bealaí le muid féin a chothú agus a choinneáil ar chonair a thig leis a bheith deacair in amannaí. I nDún na nGall, tá áit lárnach ag an phobal le fada an lá agus tuigtear cé chomh luachmhar agus atá an pobal.”

Bhí mic léinn agus soláthraithe páirteach sa tseimineár fosta, daoine a bhí páirteach sa Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail le bliain anuas.

Johnny Shields ó Halla Mhic Colgain, Carn Domhnach ag an Seimineár faoin Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail.

Agus é ag cur deireadh leis an seimineár, tharraing Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, aird ar réimse tionscnamh atá ag tarlú laistigh den tSeirbhís FET, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le glór na mac léinn i dtaca le soláthar a threorú. Dúirt sé “Fuair daichead is a trí Soláthraí Oideachais Pobail maoiniú faoi Chiste Taighde an ETB in 2022 agus tá muid ag súil go mór le maoiniú breise den chineál sin a chur ar fáil i mbliana.”

Le breis eolais a fháil ar an Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail, déan teagmháil leis an Oifigeach Oideachais Pobail ar 074 9725520 nó tabhair cuairt ar https://www.donegaletb.ie/feature/programmes/community-education-2/.

Ag an Seimineár faoin Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail ina suí tá an Clr Michael McBride, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall; Tommie Gorman, Aoichainteoir agus Ciaran O’Brien, Stiúrthóir FET. Ar chúl ó chlé tá: AEO Aidan McCloskey, Áisitheoirí Oideachais Pobail Orla Winters agus Catherine Friel agus Riarthóir an Chláir Dawn Sweeney.