Gradam Sármhaitheasa ETBI sa Bhreisoideachas agus Oiliúint Bainte ag ETB Dhún na nGall

Four people, one holding an award.
Four people, one holding an award.
Láithreoir Nuachta RTÉ Ray Kennedy, Oifigeach Oideachais Aosaigh ETB Dhún na nGall Aidan McCloskey, Comhordaitheoir RPL Siobhán Murray agus POF SOLAS Andrew Brownlee.

Bhain Ionad Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall i mBaile na nGallóglach an Gradam Sármhaitheasa sa Bhreisoideachas agus Oiliúint le haghaidh a thionscnaimh Aitheantais Réamhfhoghlama (RPL), ag searmanas bronnta Ghradaim Shármhaitheasa ETBI, ócáid a reáchtáladh den chéad uair le gairid.

Reáchtáil Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) an searmanas Déardaoin, 2 Márta mar pháirt dá chuid imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar dheich mbliana de Bhoird Oideachais agus Oiliúna (ETBanna) in Éirinn.

Cuireann RPL próiseas tacúil ar fáil a osclaíonn conairí foghlama agus fostaíochta d’achan duine. Cuireann sé imeascadh agus éagsúlacht chun cinn trí fhreastal orthu siúd atá fostaithe ach nach raibh seans acu deiseanna acadúla a thapú, lena chinntiú gur féidir leo cáilíochtaí a bhaint amach atá ag teacht lena dtaithí.

Comhordaitheoir RPL Siobhán Murray agus Oifigeach Oideachais Aosaigh Aidan Mc Closkey a ghlac an gradam arna bhronnadh ag POF SOLAS Andrew Brownlee, fear a thvuiteáil níos moille gur “onóir mhór an gradam a bhronnadh ar ETB Dhún na nGall – ceannródaithe ó thaobh RPL a sheachadadh in FET – tuillte go maith acu as a nuálaíocht & a shármhaitheas & as dea-shampla a thabhairt; tá an chuid eile den earnáil á leanúint anois.”

Bronnadh na gradaim ag searmanas speisialta ag Páirc an Chrócaigh, ócáid a cheiliúir ‘Lá na nETBanna’ fosta. Léitheoir nuachta RTÉ Ray Kennedy a d’óstáil an searmanas, iarmhac léinn ETB é féin, agus bhí ionadaithe i láthair ó gach ceann de na sé ETB déag ar fud na tíre.

Group of people.
Ionadaithe ETB Dhún na nGall a bhí i láthair ag Gradaim Shármhaitheasa ETBI ag Páirc an Chrócaigh. Sa phictiúr ó chlé: Stiúrthóir Scoileanna An Dr Martin Gormley, Príomhoide Choláiste an Eargail Danny McFadden, Múinteoir i gColáiste an Eargail Evan Gorrell, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, Stiúrthóir OSD Andy McGovern, Comhordaitheoir Eitis Eamonn Ryan agus Stiúrthóir FET Ciaran O’Brien.

Cuireadh ETB Dhún na nGall ar ghearrliosta le haghaidh dhá dhuais eile fosta – Laoch ETB (múinteoir Choláiste an Eargail Evan Gorrell) agus Sármhaitheas sa Ghaeloideachas (Gairmscoil Chú Uladh

Group of people.
Ionadaithe ETB Dhún na nGall a bhí i láthair ag Gradaim Shármhaitheasa ETBI ag Páirc an Chrócaigh. Sa phictiúr ó chlé: Stiúrthóir Scoileanna An Dr Martin Gormley, múinteoir i nGairmscoil Chú Uladh Nuala McCool, Príomhoide Ghairmscoil Chú Uladh Ciaran Rodgers, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, Stiúrthóir OSD Andy McGovern, Comhordaitheoir Eitis Eamonn Ryan agus Stiúrthóir FET Ciaran O’Brien.

Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Paddy Lavelle, Príomhfheidhmeannach ETBI: “Údar mór bróid domsa tréaslú leis na buaiteoirí ar fad, agus go deimhin leo siúd a bhí sa dara háit as an dóigh ar éirigh leo i nGradaim Shármhaitheasa ETBI, an chéad uair a reáchtáladh an comórtas. Fuair muid thar 500 iontráil ó ETBanna ar fud na tíre ag tabhairt eolais faoi na daoine agus faoi na tionscnaimh iontacha atá ar bun acu i ngach cearn d’Éirinn.

“Bhí an caighdeán sna catagóirí ar fad thar a bheith iomaíoch, rud a chiallaíonn go raibh jab an-deacair againn na hiontrálacha a laghdú agus ár mbuaiteoirí a roghnú. Is fiú go mór obair na nETBanna – ní hamháin na cinn ar tugadh aitheantas oifigiúil dóibh ag an searmanas bronnta- a aithint agus a mholadh. Tá siad tiomanta don oideachas agus don fhoghlaim agus paiseanta faoi. Imríonn siad ról ríthábhachtach lena chinntiú go bhfuil a lán roghanna éagsúla ar fáil do dhaoine le deiseanna oideachais agus oiliúna a thapú ar fud na tíre, beag beann ar cén staid ag a bhfuil siad ar a dturas foghlama.

“Tá an bhliain seo ina garsprioc d’ETBanna agus muid ag ceiliúradh deich mbliana ó bunaíodh iad in Éirinn. Le deich mbliana anuas, chuir ETBanna deisanna foghlama agus oideachais ar fáil do gach duine – lena n-áirítear bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, breisoideachas agus oiliúint agus seirbhísí óige. Tá córas oideachais na hÉireann athraithe as éadan ag ETBanna, agus tá súil agam gur féidir linn leanúint ar aghaidh le conairí foghlama a sheachadadh atá nuálaíoch, éagsúil agus solúbtha sna deich mbliana amach romhainn, agus níos faide ar aghaidh.”

Le breis eolais a fháil ar RPL tabhair cuairt ar https://www.donegaletb.ie/further-education-training/employers/upskilling-employees/recognition-of-prior-learning-rpl/.