Rath Choláiste an Eargail ag Babhtaí Ceannais an Chontae i gComórtas Fiontraíochta

Student holding a trophy and a representative from LEO and Letterkenny Mayor.

Bhí cúis mhaith chéiliúrtha ag Coláiste an Eargail Dé Céadaoin, 8 Márta 2023 mar gur éirigh go maith le trí cinn dá mhionchomhlacht Idirbhliana ag Babhtaí Ceannais an Chontae sa Chomórtas Fiontraíochta do Dhaltaí a reáchtáil Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Dhún na nGall in Óstán an Clanree i Leitir Ceanainn. Bhí roinnt mhaith mionchomhlachtaí i láthair ó gach cearn i nDún na nGall; bhí gach ceann acu ag súil le dul i bhfeidhm ar na breithiúna agus áit a chinntiú sna Babhtaí Ceannais Náisiúnta.

Ainmníodh Matthias Uhlich mar bhuaiteaoir iomlán an chomórtais sa chatagóir Shinsearach lena mhionchomhacht ‘Local Lino Art’, fad is gur bhain Joshua Wade an tríú háit lena mhionchomhlacht ‘Wades Wood Designs’. Bhain Luise, Hanna, Viktoria agus Antonia an ‘Duais Ghlas’ dá mionchomhlacht ‘InsideOut’.

Student holding a trophy and a representative from LEO and Letterkenny Mayor.
Matthias Uhlich, buaiteoir iomlán sa chatagóir Shinsearach i mBabhtaí Ceannais an Chontae sa Chomórtas Fiontraíochta a reáchtáil Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall lena mhionchohlacht ‘Local Lino Art’ le Ceann Fiontraíochta OFÁ Dhún na nGall, Brenda Hegarty, agus an Clr Donal Mandy.
Student holding a wooden guitar.
Joshua Wade, buaiteoir an tríú háit lena mhionchomhlacht ‘Wades Wood Designs’.

Rachaidh Matthias ar aghaidh chuig na Babhtaí Ceannais Náisiúnta anois i bPáirc an Chrócaigh ar an 5 Bealtaine le hionadaíocht a dhéanamh do Chontae Dhún na nGall.

Labhair Príomhoide Choláiste an Eargail, an tUasal Danny McFadden, faoi cé chomh bródúil agus atá sé as éachtaí a chuid daltaí ag rá, “Tá muid thar a bheith bródúil as an obair chrua agus as an tiomantas a léirigh ár gcuid daltaí agus a múinteoir agus iad ag cruthú agus ag forbairt na mionchomhlachtaí sin. Léiriú ar an chultúr fiontraíochta is ea é, cultúr atá muid ag iarraidh a chothú anseo ag Coláiste an Eargail.”

Labhair an múinteoir Fiontraíochta, an tUasal Evan Gorrell, faoi rath na ndaltaí fosta ag rá “D’oibir na daltaí gan stad gan staonadh lena a gcuid smaointe a fhíorú agus tá ríméad orainn gur tugadh aitheantas dá gcuid iarrachtaí sa dóigh sin. Cuireann ár gclár fiontraíochta deis ar dóigh ar fáil do dhaltaí lena scileanna gnó a fhorbairt agus taithí a fháil ar an tsaol mar atá. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Aisling Arnold ó Óstán Arnold fosta; bhí sise ag feidhmiú mar idirghabhálaí idir OFÁ Dhún na nGall agus na scoileanna a bhí rannpháirteach sa chomórtas.”

Teacher and student holding a trophy.
Matthias le múinteoir Fiontraíochta Choláiste an Eargail, Evan Gorrell.

Bhí Matthias Uhlich, an buaiteoir iomlán, iontach go deo sásta gur bhain sé an comórtas agus dúirt sé, “Tá lúcháir an domhain orm gur ainmníodh mé mar an buaiteoir iomlán sa chatagóir Shinsearach. Tá an bua sin mar aitheantas iontach ar an obair chrua a rinne mé agus an díograis a bhí agam agus mé ag cruthú agus ag forbairt mo mhionchomhlachta. Tá mé ar bís le hionadaíocht a dhéanamh dár gcontae sna Babhtaí Ceannais Náisiúnta agus tá mé meáite ar leanúint ar aghaidh ag obair go crua le bheith rathúil agus an teideal a thabhairt ar ais go Dún na nGall.”

Bhí Babhtaí Ceannais an Chomórtais Fiontraíochta do Dhaltaí ina n-ardán iontach do thallann agus do nuálaíocht na bhfiontraithe óga laistigh den chontae, agus díríonn rath na dtrí mhionchomhlacht ó Choláiste an Eargail aird ar thiomantas na scoile maidir le cultúr fiontraíochta a chothú agus na scileanna agus an taithí chuí a thabhairt do dhaltaí ionas go n-éireoidh go maith leo i saol an ghnó.

Students holding a trophy with two adults.
Bhain Luise, Hanna, Viktoria agus Antonia an ‘Duais Ghlas’ as a mionchomhlacht ‘InsideOut’ leis an Clr Donal Mandy Kelly agus Brenda Hegarty, Ceann Fiontraíochta, OFÁ Dhún na nGall.