Cuairt Tugtha ag an Aire Oideachais Norma Foley T.D. ar Choláiste na Maoile Ruaidhe

Group of people standing together.
Príomhoide Tánaisteach Sean McFadden, Príomhfheidhmeannach Anne McHugh, an tAire Oideachais Norma Foley T.D., Príomhoide Fiona Temple, Stiúrthóir Scoileanna, An Dr Martin Gormley agus Príomhoide Tánaisteach Amanda Quinn.

Ba mhór an onóir do dhaltaí, do bhaill foirne, do Bhord Bainistíochta agus do thuismitheoirí Choláiste na Maoile Ruaidhe fáilte a chur roimh an Aire Oideachais, Norma Foley ar an 31 Márta.

Chuir an Príomhoide Fiona Temple fáilte roimh an Aire Foley; threoraigh sí isteach sa scoil í, áit ar chas sí leis an chuid eile den Fhoireann Ardbhainistíochta agus le foireann Ceannaireachta na nDaltaí Sinsearacha.

Bhí Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh agus Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, Martin Gormley, i láthair fosta le fáilte a chur roimh an Aire.

Group of people talking.
Baill de Chomhairle na nDaltaí i gColáiste na Maoile Rua ag caint leis an Aire Oideachais Norma Foley T.D..

Chas an tAire Foley le roinnt mhaith grúpaí le linn a cuairte lena n-áirítear Comhairle na nDaltaí, grúpa a chuir an tAire ar an eolas faoin obair atá á déanamh acu sa scoil faoi láthair. Chuir siad in iúl go bhfuil siad tiomanta do chinntiú go leanfaidh pobal na scoile ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn. Lena chois sin phléigh siad na hábhair imní atá acu do dhaoine óga mar gheall ar shrianta COVID-19.

Thaispeáin daltaí na hidirbhliana atá ag staidéar oideachas fiontraíochta roinnt gradam náisiúnta agus réigiúnach a bhain siad amach sna mionchomhlachtaí rathúla éagsúla atá ag feidhmiú i gColáiste na Maoile Ruaidhe.

Chonaic an tAire an réimse iontach tallainne atá ag daltaí na scoile fosta nuair a thug sí cuairt ar an Roinn Ealaíne, áit a raibh obair phunainne roinnt mhaith daltaí ar taispeáint.

Minister speaking to students.
An tAire Oideachais Norma Foley T.D. ag caint le daltaí.

Ina dhiaidh sin threoraigh Fiona Temple an tAire chuig an halla spóirt, áit ar labhair an bheirt acu le pobal na scoile ina iomláine.

Chuir Fiona Temple fáilte roimh an Aire Foley ag rá:

“Is onóir ollmhór dúinn é i gColáiste na Maoile Ruaidhe fáilte a chur roimh an Aire Oideachais anseo inniu. Tá mé iontach sásta go bhfuil an deis agat bualadh lenár ndaltaí iontacha agus pobal na scoile a fheiceáil tú féin; tá muid thar a bheith bródúil astu uilig.”

Labhair an tAire Foley le pobal na scoile chomh maith agus bhuail sí le roinnt mhaith daltaí, ball foirne agus tuismitheoirí agus í ag imeacht. Chuaigh tragóid an Chraoslaigh go mór i bhfeidhm ar roinnt mhaith grúpaí ranga sa scoil; rinne garda onóra ionadaíocht do na grúpaí sin uilig agus threoraigh siad an tAire Foley amach agus í ag cur deireadh lena cuairt.