Dóiteán i gColáiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin

Magh Ene College Logo

Bhí dóiteán i gColáiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin go luath maidin Dé Céadaoin, 24 Bealtaine 2023. Is iar-bhunscoil í atá faoi bhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Nuair a fuarthas amach go raibh dóiteán sa scoil cuireadh na seirbhísí éigeandála chuig an suíomh láithreach agus rinne comhraiceoirí dóiteán gach iarracht leis an dóiteán a cheansú agus a mhúchadh. Mar gheall ar cé chomh gasta agus cé chomh tiomanta a bhí na comhraiceoirí dóiteán cuireadh an dóiteán faoi smacht agus is cosúil nár gortaíodh aon duine.

Tá ETB Dhún na nGall ag déanamh anailíse ar an damáiste le fáil amach cé chomh holc agus atá sé. Cé go ndearna an dóiteán roinnt damáiste i limistéir áirithe d’fhoirgneamh na scoile, tá lúcháir ar fhoireann na scoile nach ndearnadh damáiste ar bith do na croílimistéir acadúla agus riaracháin. Is é príomhfhócas na scoile ná sábháilteacht agus folláine na scoláirí agus na mball foirne a chinntiú agus timpeallacht a athchruthú atá fabhrach don fhoghlaim.

Tá sábháilteacht agus folláine na scoláirí, na mball foirne agus phobal na scoile i gcoitinne fíorthábhachtach do Choláiste Mhagh Éne. Fanfaidh an scoil druidte go dtí go ndéanfar measúnú riosca iomlán maidir le sláinte agus sábháilteacht. Leanfaidh an fhoghlaim agus an teagasc ar aghaidh ar líne, agus beidh na baill foirne chuí i dteagmháil le scoláirí.

Tá ETB Dhún na nGall ag comhoibriú le húdaráis chuí, lena n-áirítear an tSeirbhís Dóiteáin, An Garda Síochána, agus an Rannóg Bainistíochta Eastát, lena chinntiú go dtabharfar freagra cuimsitheach don eachtra agus do ndéanfar imscrúdú cuí uirthi.

Dúirt an tUasal Pat Tighe, Príomhoide na Scoile: “Is bocht an scéal é seo dúinn uilig. An phríomhaidhm atá againn anois ná a chinntiú go leanfaidh an teagasc agus an fhoghlaim ar aghaidh. Tabharfaidh muid an t-eolas is déanaí do phobal na scoile san am atá le teacht agus ba mhór againn dá mbeadh daoine foighneach agus tuisceanach le linn an ama seo. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na seirbhísí éigeandála agus lenár mbaill foirne as an dóigh ar thug siad aghaidh ar an dóiteán.”

Leanfaidh lucht riaracháin na scoile ar aghaidh ag obair le rudaí a thabhairt ar ais go dtí an dóigh a mbíonn siad de ghnáth agus timpeallacht foghlama a chur ar fáil atá sábháilte agus tacúil do gach duine. Is mór ag Coláiste Mhagh Éne tacaíocht agus comhoibriú na dtuismitheoirí, na gcaomhnóirí agus phobal na scoile i gcoitinne agus iad ag déanamh a mbealaigh fríd an eachtra mí-ámharach seo.

Ní bheidh aon rud eile le rá ag Coláiste Mhagh Éne faoin scéal ag an am seo.

 

Magh Ene College Logo