Deireadh Tagtha le Seimineár 2023 faoi Fhoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT), Seimineár a bhí dírithe ar an Fhoireann Breisoideachais agus Oiliúna (FET)

Group of people sitting and standing in front of a banner with laptops and virtual reality goggles.

Tháinig Deireadh le Seimineár 2023 faoi Fhoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT) ar an 31 Bealtaine; bhí an simineár dírithe ar an Fhoireann Breisoideachais agus Oiliúna (FET).

Reáchtáladh an seimineár thar thrí lá, ón Luan 29 – Dé Céadaoin, 31 Bealtaine agus d’fhreastail 60 ball foirne FET ar thrí imeacht; bhí ceann amháin acu san óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn agus an dá cheann eile ar líne le ligean don oiread daoine agus is féidir freastal orthu.

Ag an chéad imeacht a reáchtáladh san óstán, labhair an Dr Keith Quille leis na baill foirne faoi úsáid IS (AI) sa tseomra ranga agus faoin dóigh a bhféadfadh siad dul i dtaithí uirthi agus glacadh léi. Tá Keith ina Léachtóir Sinsearach sa ríomhaireacht i Scoil na hEolaíochta, Roinn na Ríomhaireachta ag OT Bhaile Átha Cliath. Oideachas Ríomhaireachta an príomhréimse taighde atá aige (le béim ar ionchuimsiú) a chlúdaíonn an tríú leibhéal, an dara leibhéal agus an bunleibhéal.

Four people standing in front of a banner with a laptop.
Teresa McGinley (Comhordaitheoir TEL FET), Keith Quille (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath), Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach) agus Mairead Carlin (Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna).

Dhírigh sé aird ar an mhéid seo a leanas: “Tá IS reatha, cosúil le ChaptGPT, ag athrú an dóigh a n-úsáidtear an teicneolaíocht ar bhealach níos gasta ná mar atá feicthe againn riamh roimhe seo (ar nós innill chuardaigh), mar sin féin níl gach rud diúltach fá dtaobh de. Cé go gcuireann an ráta athraithe sin le roinnt dúshlán, cuireann sé deiseanna ar fáil fosta nach raibh againn roimhe seo i gcúrsaí oideachais, do mhic léinn, do mhic léinn a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu agus do mhúinteoirí. Cad chuige nach nglacfadh muid leis na deiseanna a chuireann sí ar fáil?”

People using virtual reality headsets.
Baill foirne ag baint triail as fearais cinn réaltachta fíorúla.

Reáchtáladh dhá imeacht bhreise ar líne. Dé Máirt, 30 Bealtaine chuir Trevor Boland, Teicneolaí Cúnta le OCBÁC seimineár gréasáin i láthair faoi Theicneolaíocht Chúnta is féidir le baill foirne a úsáid ina gcuid seomraí ranga agus ceardlanna fad is gur chuir Ciaran Cunningham seimineár gréasáin i láthair faoi Chibear-Fheasacht Dé Céadaoin, 31 Bealtaine.

Agus é ag caint faoin tseachtain imeachtaí, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall Ciaran O’Brien “Tá Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta chomh tábhachtach sin anois maidir le soláthar FET a sheachadadh agus beidh ról níos lárnaí aici amach anseo maidir le seachadadh FET le freastal ar an éileamh atá ann ar eochairscileanna agus riachtanais earnáil na tionsclaíochta. Tá lúcháir orm an oiread sin de theagascóirí s’againne a fheiceáil ag freastal ar na ceardlanna éagsúla an tseachtain seo agus iad ag iarraidh cur lena gcuid scileanna leis an timpeallacht foghlama is fearr a chur ar fáil dár gcuid mac léinn. Sampla iontach eile atá ann den díocas agus den tiomantas atá ag foireann ETB Dhún na nGall.”

Treasa McGinley a d’eagraigh an seimineár, ar seimineár bliantúil anois é. Tá Treasa ina Comhordaitheoir Foghlama le Cuidiú Teicneolaíochta agus Forbartha Gairmiúla do Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall. Is féidir leat amharc ar na seisiúin ar líne anseo.

Group of people sitting and standing in front of a banner with laptops and virtual reality goggles.
Grúpa Oibre TEL FET ETB Dhún na nGall leis an phríomhchainteoir Kevin Quille ó Ollscoil
Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.