Príomhoide Úr Ceaptha i gColáiste Pobail Bhun an Phobail

Image of person highlighted in story - Caroline Doherty.
Image of person highlighted in story - Caroline Doherty.
Príomhoide úrcheaptha Choláiste Pobail Bhun an Phobail, Caroline Doherty.

Tá sé fógartha ag ETB Dhún na nGall go bhfuil Caroline Doherty ceaptha mar Phríomhoide úr Choláiste Pobail Bhun an Phobail. Tá sí ag teacht in ionad an Uasail Anthony Doogan atá ag éirí as an phost an samhradh seo.

Is as Cluain Maine ó dhúchas di Caroline agus bhí sí ag feidhmiú mar Phríomhoide Tánaisteach Choláiste Pobail Bhun an Phobail ó Mheán Fómhair 2020. Chaith sí sealanna ag teagasc i Scoil Mhuire, Bun Cranncha agus i mBaile Átha Cliath roimhe sin.

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail ar cheann de na trí iar-bhunscoil atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall in Inis Eoghain agus tá níos mó ná 600 dalta ag freastal air.

Agus í ag caint faoina ceapachán, dúirt Caroline: “Tá mé thar a bheith sásta gur ceapadh mé mar Phríomhoide Choláiste Pobail Bhun an Phobail. Tá mé ag súil go mór le leanúint ar aghaidh leis an obair mhór mhaith a bhí á déanamh ag an Phríomhoide Anthony Doogan atá ag éirí as agus tógáil ar thraidisiúin bhródúla phobal ár scoile. Beidh roinnt mhaith dúshlán ag baint le ról an Phríomhoide, lena n-áirítear foirgneamh úr a fhorbairt dár scoil. Am iontach a bheidh ann sna bliantaí amach romhainn do gach duine ag Coláiste Pobail Bhun an Phobail agus don phobal uilig i mBun an Phobail.”

Two people standing side by side.
Príomhoide úrcheaptha Choláiste Pobail Bhun an Phobail, Caroline Doherty leis an Phríomhoide Anthony Doogan atá ag éirí as.

Agus é ag tréaslú le Caroline as a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá lúcháir orm tréaslú le Caroline as a ceapachán mar an Príomhoide úr. Mar gheall ar an mhéid taithí atá ag Caroline ar chúrsaí oideachais, a cumas maith ceannaireachta agus a tiomantas seasmhach do rath na ndaltaí, tá mé muiníneach go mbeidh Caroline ábalta athruithe dearfacha a dhéanamh maidir le fobairt Choláiste Pobail Bhun an Phobail. Beidh sé furast do Caroline athrú chuig an phost úr de bharr gur oibrigh sí mar Phríomhoide Tánaisteach faoin Phríomhoide atá ag éirí as, an tUasal Anthony Doogan.

“D’éirigh le Anthony, i gcomhar le foireann na scoile, timpeallacht foghlama dhinimiciúil agus ionchuimsitheach a chruthú, timpeallacht a chumasaigh agus a spreag na daltaí. Tá mé ag súil go mór le forbairt agus le fás leanúnach na scoile san am atá amach romhainn,” ar seisean.

Dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh cheapachán Caroline i gColáiste Pobail Bhun an Phobail. Is é an misean atá againn deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil a chuidíonn le daltaí barr a gcumais a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal. Tá ról lárnach ag ár gcuid Príomhoidí laistigh dár scoileanna maidir le ceannaireacht a thabhairt don fhoireann ardbhainistíochta agus tá an méid a dhéanann siad ríthábhachtach i dtéarmaí soláthair seirbhíse.”

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail ar cheann de na cúig iar-bhunscoil déag, as seacht n-iar-bhunscoil is fiche, atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Is comhpháirtí iontaobhais é fosta an ETB d’ocht scoil eile, idir Phobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha. D’fhreastail níos mó ná 5,600 dalta ar iar-bhunscoileanna de chuid ETB Dhún na nGall sa bhliain 2022.

Tosóidh Caroline ar a post ar an 01 Meán Fómhair.

Four people standing side by side with Donegal ETB's logo in the background on a wall.
Príomhoide úrcheaptha Choláiste Pobail Bhun an Phobail, Caroline Doherty, le Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh (ar chlé), Príomhoide Tánaisteach úrcheaptha Choláiste Cranncha, Philip McGuinness, (an dara duine ó chlé) agus Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley (ar dheis).