Príomhoide Tánaisteach Úr Ceaptha i gColáiste na Carraige

Image of person standing in front of a banner.
Image of person standing in front of a banner.
Príomhoide Tánaisteach úrcheaptha Choláiste na Carraige, Emma Kane.

Dheimhnigh ETB Dhún na nGall gur ceapadh Emma Kane mar an Príomhoide Tánaisteach úr i gColáiste na Carraige. Tagann sí in ionad Caroline Uí Ghallchóir atá ag tosú ar ról an Phríomhoide sa scoil.

Sular thosaigh sí ar a post mar Phríomhoide Tánaisteach, d’oibrigh Emma mar Mhúinteoir Mata agus Gnó i gColáiste na Carraige.  D’fhág sí Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2008 i ndiaidh di Baitsiléir Ealaíon agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas a bhaint amach. Chaith sí trí bliana ina dhiaidh sin ag obair mar mhúinteoir in Sydney san Astráil. Nuair a d’fhill sí ar Éirinn rinne sí Máistir Ealaíon san Fhoghlaim agus Teagasc in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall.

Tá Coláiste na Carraige ar cheann de na sé scoil lán-Ghaeilge atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall. Tá níos mó ná dhá chéad dalta ag freastal ar an scoil agus tá níos mó ná fiche múinteoir ann mar aon le seachtar ball foirne tacaíochta, lena n-áirítear triúr Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna).

Agus í ag caint faoina ceapachán dúirt Emma, “Tá lúcháir orm gur ceapadh mé sa phost bhuan mar Phríomhoide Tánaisteach Choláiste na Carraige; tá mé ag feidhmiú sa ról sin ar bhealach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair 2022. Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil mé ag obair mar mhúinteoir sa scoil iontach seo ón bhliain 2011 agus tá mé ag súil leis an dúshlán a bheidh i gceist sa ról sin de réir mar a bheidh an scoil ag fás agus ag forbairt sna blianta amach romhainn.”

Two people shaking hands in front of a banner.
Príomhoide Tánaisteach úrcheaptha Choláiste na Carraige, Emma Kane, le Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley.

Agus é ag tréaslú le Emma as a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá ríméad orm fáilte a chur roimh Emma mar an Príomhoide Tánaisteach úr i gColáiste na Carraige. Is léir go bhfuil sí breá eolach ar chúrsaí oideachais agus tá cumas maith ceannaireachta aici; tá mé muiníneach go dtabharfaidh sí saineolas luachmhar léi agus go gcuirfidh sí le fás agus le rath leanúnach na scoile. Tá mé ag súil go mór le tacú leis an fhoireann ardbhainistíochta, is é sin Caroline Uí Gallachoir, Príomhoide agus Emma mar Phríomhoide Tánaisteach sa bhliain acadúil úr.”

Tá Coláiste na Carraige ar cheann de na cúig iar-bhunscoil déag, as seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae, atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó i nDún na nGall. D’fhreastail níos mó ná 5,600 dalta ar iar-bhunscoileanna de chuid ETB Dhún na nGall sa bhliain 2022.

Tosóidh Emma ar a post láithreach.