Meamram Tuisceana Sínithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag ETB Dhún na nGall

Two people sitting at a table signing a document.
Two people sitting at a table signing a document.
Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John McLaughlin agus Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall Anne McHugh, ag síniú Meamraim Tuisceana idir an dá eagraíocht.

Tá meamram tuisceana (MT) cúig bliana sínithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall lena gcumais a fhorbairt níos mó chun a gcuid misean a bhaint amach trí chomhoibriú fheabhsaithe.

Is beart suntasach é an MT maidir le forbairt Dhún na nGall agus mhór-réigiún an Iarthuaiscirt de bharr go dtreisíonn sé an dea-chaidreamh oibre reatha idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus ETB Dhún na nGall. Tá an dá eagraíocht ar thús cadhnaíochta maidir le tabhairt faoi chuspóirí polasaí náisiúnta i dtaca le rannpháirtíocht trasteorann agus beidh na forbairtí a rinneadh le gairid ó thaobh réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt mar fhócas tábhachtach don chomhoibriú fheabhsaithe sin.

Clúdaíonn an doiciméad comhoibriú idir an dá eagraíocht le cumas an dá eagraíocht a fheabhsú níos mó agus cuidiú leo príomhchuspóirí straitéiseacha a bhaint amach trí roinnt aidhmeanna tosaigh a leagan amach don chomhpháirtíocht.

Áiríonn siad forbairt eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta inbhunaithe a chur chun cinn trí oibriú le páirtithe leasmhara le haghaidh a thabhairt ar riachtanais oideachais agus oiliúna agus tacú le forbairt bhreise an infreastruchtúir oideachais go háitiúil le cur le clú an réigiúin mar phríomhshuíomh i dtaca le soláthar oideachais. Gné thábhachtach de sin ná comhoibriú leis an Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte agus na cuspóirí a bhaineann le Éire 2040 le haghaidh fás agus forbairt an réigiúin uilig amach anseo.

Aidhm bhreise ná scrúdú a dhéanamh ar na bealaí ar féidir acmhainní a chomhroinnt le cuidiú le soláthar seirbhíse a fheabhsú. Oibreoidh Comhairle Contae Dhún na nGall agus ETB Dhún na nGall le chéile le pobail agus daoine aonair a spreagadh agus a chumasú agus an t-eolas agus na scileanna a thabhairt dóibh ionas go dtig leo tairbhe a bhaint as acmhainní nádúrtha an chontae, ar nós: an geilleagar glas, an geilleagar cultúrtha, an geilleagar gorm agus an geilleagar digiteach.

Réimsí eile ar féidir comhoibriú a dhéanamh iontu ná leanúint le comhpháirtíochtaí straitéiseacha idirnáisiúnta a fhorbairt fríd an tionscnamh Diaspóra Dhún na nGall agus fiontraíocht, infheistíocht agus fiontar a chur chun cinn agus tacú leis na páirtithe leasmhara.

Ina theannta sin, féachfaidh an chomhpháirtíocht le comhoibriú maidir le hacmhainní atá ar fáil a úsáid le healaíona a chur chun cinn san oideachas agus i dtionscadail a bhfuil suim ag an dá eagraíocht iontu, rudaí a rachaidh chun tairbhe don phobal i nDún na nGall, go háirithe tionscadail a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

Tá an doiciméad ag teacht le pleananna straitéiseacha agus le ráitis straitéiseacha an dá eagraíocht.

Sheol ETB Dhún na nGall a Ráiteas Straitéise 2022-2026 An Fhoghlaim a Athrú – Saol na nDaoine a Athrú anuraidh agus ceann de na trí théama atá ann ná comhoibriú le comhpháirtithe, mar aon le teagasc, foghlaim agus measúnú agus eagraíocht fhorásach, chuntasach.

Tá lúcháir ar Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall an MT le Comhairle Contae Dhún na nGall a shíniú.  Dúirt sí: “Tá an obair a dhéanann ETB Dhún na nGall le Comhairle Contae Dhún na nGall an-tábhachtach againn mar go dtig leis an dá eagraíocht na buntáistí a bhaineann le comhoibriú dár gcontae a fheiceáil. D’oibrigh an dá eagraíocht go maith lena chéile i roinnt réimsí comhoibrithe san am a chuaigh thart agus tá muid ag súil le tógáil ar na héachtaí a rinneadh go dtí seo agus leis na naisc a láidriú sna bliantaí atá le teacht.”

Tá roinnt cuspóirí straitéiseacha i bPlean Corparáideach Chomhairle Contae Dhún na nGall 2020 – 2024 lena n-áirítear fás a thiomaint, seirbhísí a sheachadadh, pobail a chumasú, bogadh i dtreo teacht aniar aeráide ísealcharbóin agus acmhainn na heagraíochta a fhorbairt.

D’fháiltigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G McLaughlin, roimh shíniú an MT le ETB Dhún na nGall ag rá: “Is aitheantas foirmiúil é an Meamram sin ar an dea-chaidreamh oibre atá ann idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus ETB Dhún na nGall, agus leagann sé béim ar an luach agus ar an tábhacht a chuireann an dá eagraíocht ar an chomhoibriú le cur le tarraingteacht agus le clú réigiún an Iarthuaiscirt mar phríomhshuíomh le haghaidh soláthar oideachais. Trí chomhoibriú lena chéile, cuirfidh muid feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta i réigiún an Iarthuiscirt dúinn uilig agus cuideoidh muid le poist a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil do na glúnta atá le teacht.”

Bunófar Grúpa Pleanála Straitéisí agus tiocfaidh sé le chéile go rialta le plé a dhéanamh ar fheidmiú agus ar fhorbairt straitéiseach na comhpháirtíochta.