Príomhoide Tánaisteach Úr Ceaptha i gColáiste Cranncha

Príomhoide Tánaisteach úrcheaptha Choláiste Cranncha, Philip McGuinness.

Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an tUasal Philip McGuinness ceaptha mar an Príomhoide Tánaisteach úr i gColáiste Cranncha i mBun Cranncha. Rachaidh sé isteach san Fhoireann Ardbhainistíochta anois agus beidh sé ag comhoibriú leis an Uasal Kevin Cooley, Príomhoide, agus le Sinéad Anderson, Príomhoide Tánaisteach.

Tháinig an post breise mar Phríomhoide Tánaisteach i gColáiste Cranncha aníos mar gheall ar an ardú leanúnach ar líon na ndaltaí i gColaiste Cranncha.

Is as Bun Cranncha ó dhúchas dó Philip agus tá sé ag obair i gColáiste Cranncha le seacht mbliana déag anuas, mar mhúinteoir Eolaíochta agus Bitheolaíochta i dtús báire, agus le blianta beaga anuas mar an Comhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP). I measc na ról a bhí aige roimhe seo bhí Comhordaitheoir Comhionannais Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh, caidrimh phoiblí agus rollú, mar aon le bliain acadúil mar Phríomhoide Tánaisteach Gníomhach. Tá Céim Máistir aige san Oideachas agus Ceannaireacht ó Ollscoil Uladh, mar aon le Dioplómaí Iarchéime san Oideachas (Ollscoil na Ríona, Béal Feirste) agus Pleanáil Forbartha Scoile (Ollscoil na Gaillimhe).

Bhí roinnt ról náisiúnta aige fosta leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, agus an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí.

Agus é ag caint faoina cheapachán dúirt Philip, “Tá mé ag súil go mór leis an ról mar Phríomhoide Tánaisteach sa scoil ina raibh mé i mo dhalta, agus ina bhfuil mé ag obair an chuid is mó den am ó rinneadh múinteoir dom. Tá an tacaíocht atá ar fáil sa scoil do dhaltaí eiseamláireach agus ní féidir an tiomantas atá ag an fhoireann don scoil a shárú. Tá muid dírithe ar an phobal, agus tá súil agam cur leis sin i mo ról úr. Tá Coláiste Cranncha ina áit spéisialta le bheith ag obair ann de thairbhe go bhfuil timpeallacht dhearfach ann maidir le meas, cúram agus gnóthachtáil. Níl dabht ar bith ach go n-éireoidh go geal le Coláiste Cranncha san am atá le teacht – beidh idir dhaltaí, bhaill foirne agus tuismitheoirí an-sásta le foirgneamh na scoile úire agus is iontach an áis a bheidh ann do phobal Bhun Cranncha agus do dhaoine eile níos faide i gcéin.”

“Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le Kevin agus le Sinead, le mo chomhghleacaithe, leis na daltaí agus leis na tuismitheoirí sa ról úr seo, agus tá mé ar bís le tús a chur leis an ré úr seo i mo shaol oibre.”

Tá níos mó ná sé chéad dalta ag freastal ar Choláiste Cranncha; tá níos mó ná caoga duine san fhoireann teagaisc agus tá fiche ball foirne tacaíochta eile ann, lena n-áirítear sé déag Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRSanna).

Two people standing side by side.
Príomhoide Tánaisteach úrcheaptha Choláiste Cranncha, Philip McGuinness leis an Phríomhoide Kevin Cooley.

Agus é ag tréaslú le Philip as a cheapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá ríméad orm fáilte a chur roimh an Uasal Philip McGuinness agus é ceaptha mar Phríomhoide Tánaisteach breise i gColáiste Cranncha. Mar gheall ar an taithí agus an saineolas atá aige ar chúrsaí oideachais níl dabht ar bith agam ach go mbeidh Philip ábalta cur leis an fhoireann ardbhainistíochta reatha mar atá: an tUasal Kevin Cooley, Príomhoide agus Sinéad Anderson, Príomhoide Tánaisteach. Tá Philip paiseanta maidir le sármhaitheas acadúil a chothú; tá sé tiomanta d’fholláine na ndaltaí agus is léir go bhfuil scileanna ceannaireachta aige, rud a chuirfidh go mór le cumas Choláiste Cranncha eispéireas oideachais a chur ar fáil atá cuimsitheach agus saibhir do na daltaí uilig.”

Chuir sé leis an mhéid sin ag rá: “Tá mé ag tnúth le tacú leis an fhoireann bainistíochta agus an scoil ag leanúint uirthi ag iarraidh sármhaitheas a bhaint amach, fad is go gcruthaíonn sí timpeallacht thacúil agus ionchuimsitheach do phobal iomlán na scoile.”

Tá Coláiste Cranncha ar cheann de na cúig iar-bhunscoil déag, as seacht n-iar-bhunscoil is fiche, agus ceann de na trí cinn in Inis Eoghain, atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa bhliain 2022 d’fhreastail níos mó ná 5,600 dalta ar iar-bhunscoileanna de chuid ETB Dhún na nGall.

Cuirfidh Philip tús lena cheapachán sa tsamhradh.

Príomhoide Tánaisteach úrcheaptha Choláiste Cranncha, Philip McGuinness (an dara duine ó chlé), le Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh (ar chlé), Príomhoide úrcheaptha Choláiste Pobail Bhun an Phobail, Caroline Doherty agus Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley (ar dheis).